Brú damanta ar Chúige Laighean agus fáilte mhór abhaile roimh na Connachtaigh

Ní raibh cuma ná caoi ar na Laighnigh an tseachtain seo caite, iad gan phlean, gan sprid, agus gan chinnireacht ar an bpáirc ná ar an taobh líne. Má theipeann arís orthu i gcoinne Bath, is cinnte go mbeidh a rás rite

Leo Cullen, bainisteoir Chúige Laighean. INPHO/Cathal Noonan
Leo Cullen, bainisteoir Chúige Laighean. INPHO/Cathal Noonan

Chuir údaráis na Fraince imeachtaí spóirt sa bhFrainc ar ceal de bharr an ionsaithe mhillteanaigh a rinne sceimhlitheoirí i bPáras De hAoine seo caite. Níor imir na hUltaigh an cluiche a bhí le n-imirt acu i limistéir na nAlp i gcoinne Oyonnax ar an Satharn seo caite mar sin.

Seans go mbeidh díomá ar Les Kiss, bainisteoir Chúige Uladh, nár éirigh lena chúram cleachtadh a fháil sa gcomórtas sinsearach i gcoinne foireann atá réasúnta lag (Oyonnax) roimh dóibh tabhairt faoi Saracens Shasana, ceann de na foirne atá ina rogha na coitiantachta faoi láthair do chomórtas na bliana seo,

Tá an t-ádh ar Chúige Uladh gur acu atá buntáiste an bhaile do chluiche na hAoine seo. Mar sin féin, beidh dúshlán ar leith ag baint le himirt i gcoinne foireann a fuair an ceann is fearr ar Toulouse (33-7) Dé Sathairn seo caite. Is fiú a mheabhrú gurb iad Toulouse an t-aon fhoireann amháin go dtí seo a fuair greim ar an gcorn ceithre bhabhta. Is cinnte go gcuirfidh seo leis an mbrú a bheas ar Chúige Uladh, fiú más sa mbaile i mBéal Feirste a bheas siad.

Beidh Cúige Laighean as baile, i mBath an Satharn seo agus brú damanta orthu de bharr an ghreadta uafásaigh (33 -6) a fuair siad ó Wasps san RDS an Domhnach seo caite. Ní raibh cuma ná caoi ar na Laighnigh sa gcluiche sin, iad gan phlean, gan sprid, agus gan chinnireacht ar an bpáirc ná ar an taobh líne. Má theipeann orthu i gcoinne Bath, is cinnte go mbeidh a rás sa gcomórtas seo rite.

Is deacair breith a thabhairt ar an gcur chuige a bheas ag Bath don chluiche seo. Níor imir siad an deireadh seachtaine seo caite de bharr gur i gcoinne Toulon na Fraince a bhí siad ceaptha a imirt i mbabhta a haon. Tá Bath sa 5ú háit, trí áit níos airde ná Wasps ar thábla Príomhroinn Shasana faoi láthair. Seans gur cúis misnigh dóibh é sin chomh maith le bheith ag imirt sa mbaile. Is cinnte go mbeidh lá crua roimh Leo Cullen agus imreoirí Chúige Laighean.

I bPáras na Fraince i gcoinne Stade Francais a bhí na Muimhnigh le n-imirt an deireadh seachtaine seo. Ach díreach mar a tharla do na cluichí a bhí n-imirt sa bhFrainc an tseachtain seo caite, tá an cluiche seo ar ceal de bharr ionsaí na sceimhlitheoirí freisin. Níl fios fós ceann uair a bheas na cluichí seo ar fad á n-imirt.

Seans go gcuirfear fáilte mhór abhaile chuig an mBóthar Beag roimh na Connachtaigh tar éis na heachtra fada a bhí acu sa tSíbéir an deireadh seachtaine seo caite. Seans freisin gurb é an cluiche agus an bua i gcoinne Enisei-STM, i gcathair Kranoyarsk an chuid ab éasca den triail. Ach tá siad as mbaile i gcoinne Brive na Fraince an Satharn seo, cluiche nach mbeidh leath chomh réidh dóibh.

Tá Brive sa 5ú háit ar thábla Top 14 na Fraince faoi láthair agus cúig chluiche as ocht gcinn buaite acu. Ní hiontas ar bith dá bhrí sin gur thug Pat Lam scíth do leithéidí Henshaw agus White an deireadh seachtaine seo caite agus foirne ar nós Brive agus Newcastle Falcons fós le n-imirt acu. Ba cheart go mbeadh sárchluiche i nGaillimh an Satharn seo. Nach mór an trua nach mbeidh sé le feiceáil beo ar an teilifís?

Fág freagra ar 'Brú damanta ar Chúige Laighean agus fáilte mhór abhaile roimh na Connachtaigh'