Breis is €2 milliún le bronnadh ar chumainn CLG, sacair agus gailf sa Ghaeltacht ag an Rialtas

D’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu an pacáiste is mó riamh don Chlár Caipitil & Trealaimh Spóirt agus beidh cuid den airgead sin ag dul i dtreo eagraíochtaí Gaeltachta 

Breis is €2 milliún le bronnadh ar chumainn CLG, sacair agus gailf sa Ghaeltacht ag an Rialtas

Tá breis is €2 milliún i ndeontais chaipitil ceadaithe ag an Rialtas do chumainn spóirt agus eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht inniu.

D’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu pacáiste €150 milliún don Chlár Caipitil & Trealaimh Spóirt, an tsuim is mó riamh, agus beidh cuid den airgead sin ag dul i dtreo 34 eagraíocht Ghaeltachta ar éirigh lena gcuid iarratas.

€2,066,285 ar fad atá ag dul i dtreo na Gaeltachta agus roinnt spórt i gceist, idir na cluichí Gaelacha, sacar, galf agus eile.

Beidh beagnach leath d’airgead iomlán na Gaeltachta, €882,260, ag dul go Dún na nGall mar gur éirigh le deich n-iarratas ó chumainn éagsúla sa chontae.

Fuair CLG an Chlocháin Léith an deontas is mó a fuair aon eagraíocht Ghaeltachta agus €150,000 faighte ag an gcumann chun páirc traenála a fhorbairt. Tá deontas €146,098 faighte ag Gaoth Dobhair Aontaithe chun síneadh a chur lena gclubtheach agus fuair cumann sacair eile sa cheantar, Ceiltigh Ghaoth Dobhair, €105,082 chun seomraí feistis breise a thógáil. Deontas breis is €120,000 a fuair CLG An Tearmainn chun forbairt a dhéanamh ar an gclubtheach.

Ocht n-eagraíocht Ghaeltachta ar fad a fuair breis is €100,000 de dheontas chun oibreacha caipitiúla a dhéanamh nó trealamh a cheannach.

I bPort Láirge, fuair CLG na Rinne €140,426 chun tuilsoilse a chur in airde timpeall ar Pháirc Uí Shíothcháin agus i gCorcaigh bronnadh €139,650 ar CLG Bhéal Átha an Ghaorthaidh chun áiseanna aclaíochta a fhorbairt.

An cumann sacair Bearna-Na Forbacha Aontaithe a fuair an deontas is mó i nGaeltacht na Gaillimhe agus €109,467 faighte ag an gcumann chun páirc imeartha nua a fhorbairt.

I gCiarraí, fuair CLG Lios Póil €82,694 chun athchóiriú a dhéanamh ar sheomraí feistis chomh maith le trealamh agus soilse a fháil. Ar shoilse freisin a chaithfear an €77,000 a fuair CLG Dhaingean Uí Chúis. Fuair Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí breis is €100,000 freisin chun páirc uile-spóirt a thógáil.

Fuair Clann na nGael i gcontae na Mí deontas €120,000 chun páirc traenála Astroturf a thógáil.

D’fhógair an Roinn inniu gur roinneadh nach mór €144 milliún ar dhreamanna ar fud na tíre ónar tháinig beagnach 1,900 iarratas agus coinneofar  €6 milliún i gcúlchiste ar eagla go ndéanfadh iarratasóirí nár éirigh leo achomharc agus go n-éireodh lena n-iarratas.  

“Tá spórt riachtanach do phobail na hÉireann,” a dúirt an tAire Catherine Martin. “Fuarthas an líon is mó iarratas riamh ar na deontais seo agus, mar sin, bhronn an rialtas an leibhéal is mó dámhachtainí aonair riamh.

“Is iontach an lá é seo mar sin do chumainn spóirt agus do ghrúpaí pobail fud fad na tíre agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí go léir ar éirigh leo. 

“Tá dhá bhliain chrua curtha díobh ag go leor cumainn spóirt ach, más dada é, thug an phaindéim le fios an tábhacht a bhaineann leis an spórt dár bhfolláine i gcoiteann. Cuirfidh na deontais atá á bhfógairt inniu againn feabhas suntasach ar áiseanna spóirt i ngach contae. Tá réimse ollmhór de spóirt éagsúla clúdaithe agus bhí mé sásta go mór mór gur leag an córas scórála béim níos mó ar rannpháirtíocht na mban,” a dúirt an tAire

 

Eagraíocht Togra Maoiniú (€)
Corcaigh
CLG Bhéal Átha an Ghaorthaidh Forbairt áiseanna aclaíochta 139,650
Dún na nGall
CLG An Tearmainn Forbairt an chlubthí 121,165
CLG Ard an Rátha Páirc shaorga agus trealamh aclaíochta 86,846
CLG Ghaoth Dobhair Staighre,

lomaire féir agus crann brataí

23,324
CLG Na Dúnaibh Díon nua don chlubtheach 73,174
Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola Obair dhraenála agus dhromchlaithe 29,579
Cumann Gailf na Cruite Obair dheisithe 98,553
CLG An Clochán Liath Páirc traenála 150,000
Gaoth Dobhair Aontaithe FC Síneadh leis an gclubtheach 146,098
Ceiltigh Ghaoth Dobhair Seomraí feistis breise 105,082
CLG Naomh Muire Cosán agus sconsa páirce 48,439
Gaillimh
CLG Bhearna Forbairt na páirce 67,534
Bearna-Na Forbacha Aontaithe Páirc imeartha 109,467
Halla Naomh Eoin, Inis Meáin Trealamh aclaíochta faoin aer 34,455
Cumann Liathróid Láimhe Inis Oírr Forbairt na cúirte 13,053
Cumann Liathróid Láimhe Mhaigh Cuilinn Trealamh 9,544
Cumann Sacair Chois Fharraige Cúil, lomaire féir agus meaisín líneála 8,030
Scoil Náisiúnta Thír an Fhia Áit súgartha uile-aimsire 41,829
Tearmann Éanna Trealamh aclaíochta 6,000
Ciarraí
CLG Dhaingean Uí Chúis Uasghrádú ar pháirc traenála agus tuilsoilse 77,000
CLG Lios Póil Athchóiriú ar sheomraí feistis, trealamh aclaíochta agus soilse 82,694
CLG na Gaeltachta Cúil, córas slándála agus trealamh 18,585
Comharchumann Forbartha an Leith-Triúigh Obair dheisithe ar chúirt liathróid láimhe 20,288
Cumann Caide Ban Chorca Dhuibhne Trealamh 19,762
Piarsaigh na Dromoda Trealamh aclaíochta agus geataí 9,139
Dingle Bay Rovers Obair dhraenála agus binsí 21,403
Gaelscoil Mhic Easmainn Páirc imeartha uile-spórt 100,490
Cumann Gailf Cheann Sibéal Ionad cóitseála 76,690
Maigh Eo
CLG Acla Tuilsoilse agus lomaire féir 40,556
CLG Chill Chomáin Ardaitheoir agus líontáin 40,636
Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh Cúirt aon bhalla 21,591
Turasóireacht Iorrais Teo Galf 29,000
An Mhí
CLG Bhulf Tón Trealamh, líontáin agus cúil 36,693
CLG Clann na nGael Páirc traenála astroturf 120,000
Port Láirge
CLG na Rinne Tuilsoilse 140,426
Iomlán 2,166,775

Fág freagra ar 'Breis is €2 milliún le bronnadh ar chumainn CLG, sacair agus gailf sa Ghaeltacht ag an Rialtas'