Bréagadóirí, brathadóirí, ‘high crimes and misdemeanours’…

Tá an focal táinseamh á lua níos minice tar éis fianaise Michael Cohen, ach níl aon duine sásta dul sa seans go fóill

Bréagadóirí, brathadóirí, ‘high crimes and misdemeanours’…

Bréagadóir nó brathadóir? Cé acu é Michael Cohen? Rith sé liom ag éisteacht agus ag faire ar a chuid fianaise an tseachtain seo i dTeach na Comhdhála go bhféadfaí an dá rud a chur ina leith. Ba le teann dílseachta a d’inis sé bréaga roimhe seo, a dúirt sé. Ba é sin an ról a bhí aige mar dhlíodóir pearsanta an Uachtaráin Trump.

Cén míniú atá ar an mbrathadóireacht? Aiféala agus doilíos croí, a deir sé féin. Cantal nuair nár tugadh ról dó ag bord an rialtais nuair a d’éirigh le Trump sa toghchán, a déarfadh na cairde agus na comhghuaillithe a bhí aige sa bpáirtí Poblachtach. Shéan sé féin na líomhaintí sin. Is deacair liom a chreidiúint gurbh  é cleas Naomh Pól agus é ag triall ar Damascus a bhí aige. B’fhéidir go raibh baint ag fiosrúchán Robert Mueller leis an athrú intinne?

Is iomaí inseacht a bhíonn ar scéal a deirtear agus sa gcás seo cé gurbh é a bhí os comhair na gcoistí éagsúla, ní hé Michael Cohen an carachtar is tábhachtaí sa dráma áirithe seo. Go deimhin, mar a mheabhraigh foireann caidreamh poiblí an Tí Bháin dúinn, ciontaíodh cheana é as bréaga a inseacht.

I gcroílár an scéil ar fad tá Donald Trump. Más fíor do Michael Cohen d’inis Trump bréaga faoi na ríomhphoist de chuid Hillary Clinton a sceitheadh le linn an fheachtais in 2016, faoin teagmháil a bhí aige le lucht gnó sa Rúis agus faoina chuid gnóthaí airgeadais. Is léir ón gcaint a rinne Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta Elijah Cummings tar éis an chruinnithe go gcreideann baill an choiste go raibh baint ag an Uachtarán Trump le coireanna éagsúla. Mar sin féin, tá na polaiteoirí ar fad a chuala fianaise na seachtaine seo cúramach faoin gcéad chéim eile.

Tá trí lá caite anois ag Michael Cohen ag tabhairt fianaise do choistí éagsúla. Thug sé cáipéisí go leor leis freisin le tacú lena raibh le rá aige. Tá roinnt nithe nach raibh sé sásta labhairt fúthu go poiblí mar go bhfuil siad fós á bhfiosrú ag na húdaráis fheidearálacha i stát Nua-Eabhrac. Ar inis sé aon rud faoi na cúrsaí sin agus é ag freagairt ceisteanna ag seisiúin phríobháideacha Dé Máirt agus Déardaoin?

‘High crimes and misdemeanours’ an tslat tomhais bhunreachtúil le hUachtarán de chuid na Stát Aontaithe a tháinseamh. Ba í an chúis in aghaidh Bill Clinton nár gur inis sé bréaga agus é faoi mhionn. Spéisiúil go leor ní dhearnadh aon chaint ar tháinseamh le linn an chruinnithe phoiblí Dé Céadaoin. Más fíor do Cohen tá amhras ann gur inis Trump bréag faoi mhionn. Léargas ar atmaisféar polaitiúil Washington faoi láthair gur shéan an Teach Bán gach ar dúradh agus go bhfuil an oiread éiginnteachta faoi chéard í an fhírinne nach bhfuil aon duine sásta breithiúnas a thabhairt ná rogha a dhéanamh idir an dá leagan den scéal.

Ach tá polaiteoirí sa dá pháirtí in amhras go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt ag Trump. Ó tharla seacht gcineál fírinne a bheith i réim ní maith le haon duine breithiúnas róthobann a thabhairt. Cuireann a bhformhór a muinín sa mhéid a bheidh le rá i dtuairisc Robert Muller. Tá súil ag go leor gur sa tuarascáil sin a gheobhaidh siad an fhianaise a chruthóidh go raibh údar lena n-amhras. Tá an focal táinseamh á lua níos minice tar éis fianaise Cohen, ach níl aon duine sásta dul sa seans go fóill.

Beidh tuilleadh fianaise le cloisteáil sna míonna atá romhainn, ag áireamh fianaise ó phríomhoifigeach airgeadais chomhlacht Trump, Arthur Wieselberg, a bhfuil díolúine ó chúiseanna faighte aige ó na húdaráis i Nua-Eabhrac. Tá an FBI ag obair leo agus an uile dhuine ag fanacht le tuarascáil Muller. Níl an scéal seo ach ina thús.

Fág freagra ar 'Bréagadóirí, brathadóirí, ‘high crimes and misdemeanours’…'