Botún a bhí san Éirí Amach, a deir aontachtaithe oifigiúla agus neamhoifigiúla, thuaidh agus theas…

Ach má tá aontas na Breataine chomh hiontach sin, cad chuige nach dtugann níos mó Caitliceach tacaíocht do na páirtithe a bhíonn ag maíomh as?

 

Fogra 1916 strap

UK-ballot-box

Ceann de na rudaí is mó a chuireann mearbhall orm faoin chaint ar fad faoi Éirí Amach 1916, an nóta leanúnach caointeach seo go mbeadh gach aon rud togha ach an Piarsach agus a chairde fanacht sa bhaile.

Bheadh saoirse agus aitheantas agus ardú céime againn uilig go léir faoi riail na Breataine. Bheimis ar nós na hAlban – aon tír amháin faoin choróin – ach gan ola. Thabharfadh rialtas Londan a gceart do Chaitliceach, Protastúnach agus Easaontóir an oileáin ach foighid bheith ag daoine.

Is port é a bhíonn ag lucht tacaíochta an aontais ó dheas – mórán iriseoirí, tráchtairí agus polaiteoirí – agus is port é a bhíonn á sheinm ag an dá pháirtí mhóra aontachtaithe, an DUP agus UUP, sa Tuaisceart: bheadh gach aon rud go breá in Éirinn aontaithe faoin Ríocht Aontaithe.

Náisiúntóirí agus poblachtánaigh a chac sa nead lena n-iarrachtaí míréasúnta místuama. Fial fáilteach atá aontas na Breataine agus an pholaitíocht a nascann Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann le chéile. Tá banríon Shasana le moladh; tá an NHS le moladh; tá ollscoileanna na Breataine le moladh; tá áit na Breataine mar chumhacht dhomhanda le moladh.

Leoga, a deir an DUP agus UUP, aithníonn Caitlicigh an Tuaiscirt gur fearr as iad sa Ríocht Aontaithe ná in Éirinn aontaithe. Níl gach aon Chaitliceach ar son Éireann aontaithe, a deir siad – agus an ceart acu. Bheadh costas rómhór le hÉirinn aontaithe – bíodh is gur éirigh leis an Ghearmáin athaontú a dhéanamh nuair a d’fhóir agus, dá ndéarfadh ceannairí na Cóiré Thuaidh, gur mhaith leo athaontú leis an Chóiré Theas, focal ná focal ní chluinfeá as gob duine ar bith faoin chostas.

Mar sin de, botún a bhí san Éirí Amach agus gach ar lean é, a deir aontachtaithe oifigiúla agus neamhoifigiúla, thuaidh agus theas.

Tá go maith. Glacaimis leis – ar mhaithe le spórt – gur acu atá an ceart.

Glacaimis leis go bhfuil Soiscéal Buí Dé acu. Níl locht ná locht ar aontas na Breataine. Is é an córas polaitíochta is foirfe ar domhan é agus ba chóir go mbeadh náisiúntóirí sa Tuaisceart buíoch gur sa ‘Ríocht Aontaithe’ a chónaíonn siad.

Tá go maith.

Tá aithne agam ar Chaitlicigh sa Tuaisceart atá i ndiaidh éirí ramhar ar airgead na Breataine agus a bhfuil pas na Breataine acu agus aithne agam ar Chaitlicigh nach nglanfadh a dtóin leis an phas céanna.

Tá aithne agam ar Chaitlicigh a théann ar Aifreann gach lá agus ar Chaitlicigh nach dtéann in am ar bith. Tá aithne agam ar Chaitlicigh a chuireann spéis sa CLG agus ar Chaitlicigh a chuireann spéis sa rugbaí. Tá aithne agam ar Chaitlicigh a imríonn camógaíocht agus ar Chaitlicigh a imríonn haca. Tá aithne agam ar Chaitlicigh a bhí sna póilíní agus ar Chaitlicigh a bhí san IRA. Tá aithne agam ar Chaitlicigh ar dlíodóirí iad agus ar Chaitlicigh ar choirpigh iad. Tá aithne agam ar Chaitlicigh atá chomh traidisiúnta leis an Mháthair Treasa agus ar chuid acu a bhuailfeadh craiceann le gach aon uile cholainn bheo a chastar sa tslí orthu. Tá aithne agam ar Chaitlicigh atá saibhir agus ar Chaitlicigh atá daibhir agus ar Chaitlicigh atá idir eatarthu.

Tá aithne agam ar an oiread sin Caitliceach nach dtiocfadh liom cur síos a dhéanamh orthu uilig. Tá cuid acu gránna, cuid acu álainn, cuid acu fial, cuid acu sprionlaithe, cuid acu ionraic, cuid acu mí-ionraic. Luaigh tréith ar bith is mian leat agus aimseoidh mise Caitliceach sa Tuaisceart a mbeidh an tréith sin ann.

Ach, ach, ach…aithne ná aithne ná aithne níl agam ar Chaitliceach ar bith atá le vóta a thabhairt don DUP nó don UUP sna toghcháin tionóil atá le teacht.

Má tá aontas na Breataine chomh hiontach sin, cad chuige nach dtugann níos mó Caitliceach tacaíocht do na páirtithe a bhíonn ag maíomh as?

logo-1916-wide

 

Fág freagra ar 'Botún a bhí san Éirí Amach, a deir aontachtaithe oifigiúla agus neamhoifigiúla, thuaidh agus theas…'