Bonn Óir Sheáin Uí Riada buaite ag ceoltóirí óga as contae Lú agus Ceatharlach

Ba iad an cruitire Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick a thug leo Boinn Óir Sheáin Uí Riada ag an deireadh seachtaine

Bonn Óir Sheáin Uí Riada buaite ag ceoltóirí óga as contae Lú agus Ceatharlach

Fionnuala Donlon agus Colm Broderick Pictiúr: Darragh Kane

Ceoltóirí as contae Lú agus as Ceatharlach a thug leo Boinn Óir Sheáin Uí Riada ag an gcomórtas náisiúnta ceoil a reáchtáladh ag an deireadh seachtaine.

Ba iad an cruitire Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick a roghnaíodh do na gradaim i mbliana.

I mBaile Bhuirne gan aon slua i láthair a reáchtáladh an comórtas a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar líne. An ceoltóir aitheanta Peadar Ó Riada a chuir an chraobh atá ainmnithe in ómós dá athair i láthair.

Ba iad Mick O’Brien, Laoise Kelly agus Michelle Mulcahy a bhí ina moltóirí ar an gcomórtas, agus bronnadh an Bonn Óir agus €2500 an duine ar na buaiteoirí.

Is as Dún Dealgan i gcontae Lú d’Fhionnuala Donlon, 22, agus thosaigh sí ag casadh ceoil ar an gcruit nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois. Tá sí ina múinteoir ionaid faoi láthair i Scoil Naomh Bríd i nDún Dealgan do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus bíonn sí ag teagasc ceoil freisin in áiteanna éagsúla, Ollscoil Mhá Nuad ina measc. Dúirt sí go raibh ríméad uirthi an duais a bhaint.

Is as An Ghráig i gCeatharlach do Cholm Broderick, 22. Is ábhar oide é, agus tá sé sa tríú bliain faoi láthair i gColáiste Mhuire gan Smál. Bíonn sé ag teagasc ceoil freisin, agus súil aige a bheith ag múineadh ag Scoil Fhíorúil Samhraidh Willie Clancy i gceann cúpla mí. Bhronn Na Píobairí Uilleann seit píobaí ar Cholm le déanaí a rinne Leo Rowsome don phíobaire Seán Reid sa bhliain 1936. Ba le Willie Clancy iad tráth freisin, agus le Liam O’Flynn. Is “údar bróid agus misnigh faoi leith” do Cholm, a dúirt sé, gur ag seinm ar an seit píobaí sin a bhí sé nuair a thug sé leis an bonn óir.

Ba é an gabha óir Pádraig Ó Mathúna, nach maireann, as Caiseal Mumhan, a dhear an bonn. Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus tá íomhá greanta ar an taobh eile bunaithe ar Dhán Aimhirgín. Tá an bonn déanta as airgead, agus tar éis an chomórtais greantar ainm an bhuaiteora air agus tumtar in ór é.  

Fág freagra ar 'Bonn Óir Sheáin Uí Riada buaite ag ceoltóirí óga as contae Lú agus Ceatharlach'