‘Bliain go leith, ar an meán, a mhaireann othar Alzheimer tar éis dó bogadh isteach i dteach altranais’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: dar lenár gcolúnaí ní féidir ‘ullmhú’ do bhás othair Alzheimer – ach tá ábhar machnaimh sna staitisticí

‘Bliain go leith, ar an meán, a mhaireann othar Alzheimer tar éis dó bogadh isteach i dteach altranais’

Maidin Lá Nollag fuair dlúthchara de mo chuid ón Ísiltír ach a bhfuil cónaí air – mo dhála féin – sa Bhrasaíl, fuair sé drochscéal: gan choinne, bhí a athair go dona tinn san ospidéal. Cheannaigh mo chara ticéad ar an bpointe boise agus thóg sé an t-eitleán an oíche sin, ach faraor géar fuair a athair bás agus mo chara fós os cionn an Atlantaigh.

Mo dhála féin, tá mo chara i lár na 40idí. Mo dhála féin, níor rith sé leis nuair a bhog sé go dtí an taobh eile den domhan, ag druidim le scór bliain ó shin, go dtiocfadh an lá go bhféadfadh drochscéal mar seo ón mbaile a theacht aniar aduaidh air. Bhuel, b’fhéidir gur rith – ach ní hiad seanaois agus sláinte a mhuintire is mó a bhíonn ina aigne ag an duine óg nuair a shocraíonn sé dul ar imirce ach post, leannán, nó saol níos fearr.

Ní hionann agus athair mo chara, ar bhuail tinneas tobann é, an fear bocht, tá galar ar mo mháthair féin atá marfach ach a dtógann sé na blianta air an t-othar a chur den saol: galar Alzheimer. Mar sin féin, is maith a thuigim go bhféadfadh scéal den chineál a tháinig aniar aduaidh ar mo chara a theacht aniar aduaidh orm féin am ar bith feasta. I gcás galar Alzheimer, ní bhíonn a fhios agat cén tsiocair bháis a bheidh i ndán don othar sa deireadh, ná cén uair.

Ba é sin go díreach an freagra a thug dochtúir an tí altranais ar bhog mo mháthair isteach ann i bhfómhar na bliana seo caite nuair a chuir mo dheartháir óg ceist uirthi cén t-achar eile a mheas sí a bheadh ár máthair i measc na mbeo. (Ní hionann agus mé féin, is cosúil go gceapann mo dheartháir óg gur féidir ‘ullmhú’ do na rudaí seo.)

Dúirt an dochtúir nárbh fhéidir léi aon tuairim a thabhairt faoi chás ár máthar ag an bpointe áirithe sin toisc nach raibh ár máthair ach díreach tar éis bogadh isteach, ach go bhféadfadh sí staitistic* a thabhairt dúinn faoin achar a mhaireann othar Alzheimer, ar an meán, tar éis dó nó di bogadh chuig teach altranais. Ach an raibh muid cinnte ar mhaith linn an staitistic sin a chloisteáil? a d’fhiafraigh sí.

‘Abair leat,’ a dúirt mo dheartháir óg.

‘Bliain go leith,’ a dúirt an dochtúir.

Bhí cuma chomh cloíte sin ar mo dheartháir óg le mo thaobh gur mhothaigh mé go raibh orm labhairt amach ar son DNA ár muintire.

‘Cinnte, tá intinn ár máthar ag dul i léig ach go fisiciúil tá sí an-láidir,’ a dúirt mé. ‘Ar chúis éigin ceapaim nach dtitfidh a cás sise isteach leis an staitistic áirithe sin.’

‘Ná bíodh dul amú ort,’ a dúirt an dochtúir go tromchúiseach. ‘Galar é galar Alzheimer a scriosann an intinn agus ní féidir le hintinn scriosta an cholainn a chosaint. Tá ionfhabhtuithe, míchothú de bharr deacrachtaí slogtha, agus tachtadh coitianta ach d’fhéadfadh rud ar bith tarlú do cholainn a bhfuil meath tapaidh ag teacht ar an intinn a stiúrann í.’

Bhuel, thug sé sin ábhar machnaimh dúinn, agus machnamh a rinne mé. Ach fós féin – airgead a choinneáil i dtaisce do thicéad eitleáin a bheidh le ceannach go práinneach as an áireamh – ní dóigh liom gur féidir le duine ‘ullmhú’ do bhás tuismitheora. Tiocfaidh an glaoch nuair a thiocfaidh sé agus d’ainneoin an rabhaidh a fuair mise agus nach bhfuair mo chara, tiocfaidh an glaoch sin aniar aduaidh orm.

* Seo dhá staitistic eile dóibh siúd a mbeadh spéis acu ina leithéid: ar an meán, maireann othair Alzheimer idir 4 agus 8 mbliana tar éis dóibh an diagnóis a fháil, ach glactar leis freisin go mbíonn an galar ar an othar ar feadh 4 bliana cheana féin, ar an meán, sular féidir diagnóis chríochnúil a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Bliain go leith, ar an meán, a mhaireann othar Alzheimer tar éis dó bogadh isteach i dteach altranais’'