Bliain eile inar leáigh na seansanna ar fhuascailt na sáinne leo…

Idir an Breatimeacht, scannal an RHI agus fholús Stormont, ba bhliain chorraitheach ó thuaidh í

Ba í an bhliain í a bhfuaireamar amach gur gearr go scriosfaimid ár dtimpeallacht amach is amach, ár gcuid éisc á bplúchadh ag plaisteach sa bhfarraige, an leac oighir á coscairt, an t-aer salach agus na cairn bhruscair ag méadú gach soicind. Chomh maith leis an gcontúirt sin bhí aird ar leith i dTuaisceart Éireann ar an RHI, an scéim fuinnimh in-athnuaite a bunaíodh chun a dhul i ngleic le truailliú ach a rinne a mhalairt mar go raibh saibhreas le déanamh as ró-úsáid.

Tar éis bliain d’fhianaise a chuir alltacht ar dhaoine chuir an Tiarna Breitheamh Coghlin clabhsúr ar a fhiosrú poiblí faoin RHI le trí lá breise d’éisteachtaí an mhí seo chun deis a thabhairt do dhaoine ‘soiléiriú’ a dhéanamh ar cheisteanna áirithe. Foilseofar an tuairisc an bhliain seo chugainn agus beidh ciallachais thromchúiseacha aici d’Arlene Foster go háirithe agus don DUP fré chéile chomh maith le riail dhíláraithe in Stormont agus an státseirbhís abhus.

Ba í Arlene Foster an tAire Fiontair a bhunaigh an RHI. Bhí an fiosrú ag iniúchadh conas a bunaíodh an scéim gan srianta ar chaiteachas, botún a d’fhág costas ollmhór ar an sparán poiblí agus a las an splanc chun deireadh a chur leis an réimeas in Stormont faoi cheannas an DUP agus Sinn Féin. Scrúdaigh sé freisin conas a cuireadh moill ar leasuithe ar an scéim nuair ba léir go raibh mí-úsáid á baint aisti agus an costas imithe ó smacht. Scrúdaíodh teagmháil

idir comhairleoirí speisialta an DUP agus úsáideoirí na scéime, an chumhacht ollmhór a bhí ag na comhairleoirí speisialta agus nósanna imeachta in Stormont a sháraigh na rialacha. Rinneadh damáiste do cháil Stormont, polaiteoirí, státseirbhísigh agus comhairleoirí speisialta agus thit an tóin as muinín an phobail as rialtas díláraithe.

Bhí Stormont díomhaoin don dara bliain as a chéile; mhaígh na páirtithe eile go raibh margadh soláthair agus muiníne an DUP leis na Caomhaigh chun Theresa May a choinneáil i gcumhacht ag teacht salach ar iarrachtaí réitigh. Bhí cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin i dtús na bliana áfach ach theip orthu i mí Feabhra nuair nach nglacfadh Arlene Foster agus a páirtí le hAcht Gaeilge. Bhí Sinn Féin, agus Mary Lou McDonald tagtha i gceannas air, i gcomharbacht ar Gerry Adams, toilteanach glacadh le socrú a chuir pósadh comhghnéis agus leasuithe ar reachtaíocht maidir le ginmhilleadh ar an méar fhada.

I laghad a chuaigh na seansanna ar fhuascailt na sáinne i ndiaidh na teipe. I bhfianaise na cumhachta a bhí ag an DUP ar na Tóraithe, bhí ceangal na gcúig gcaol acu ar an Státrúnaí a ceapadh i mí Eanáir, Karen Bradley, nach raibh in ann aon phróiseas réitigh a thionscnamh. Chuaigh an caidreamh idir Sinn Féin agus an DUP in olcas, chuir an fhianaise ag an bhfiosrú faoin RHI leis an teannas agus níor thaise sin don naimhdeas a chothaigh an Breatimeacht eatarthu. Agus lean frustrachas na mionpháirtithe, an SDLP, an UUP, Alliance agus Comhaontas Glas nach raibh in ann tionchar a imirt sa bhaile ná i Londain.

Bhí Sinn Féin, an SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas ag iarraidh a chur ina luí ar rialtas na Breataine nár labhair an DUP thar ceann an mhóraimh i dTuaisceart Éireann a vótáil chun fanacht san Aontas Eorpach ach bhí sé fánach acu. Nó ba shaothar in aisce é go dtí gur thit an DUP amach leis an bPríomhAire May faoin gcúlstad; bhí éisteacht le fáil ag lucht fanta san AE ansin ón bPríomh-Aire féin agus ó airí a bhí ar nós ord déirce ag dul ó cheann ceann na tíre ag iarraidh tacaíochta.

Chuir an DUP cos i dtaca cé go raibh siad as alt le lucht gnó, feirmeoirí, scoláirí, oibrithe deonacha agus leis na páirtithe go léir cé is moite den TUV agus an UUP, faoi cheannas Robin Swann, a thacaigh leo faoin gcúlstad.

Mar a tharla le cúig nó sé de bhlianta bhí ceist an ghinmhillte i mbéal an phobail arís. Chinn Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe gur sháraigh an dlí faoi ghinmhilleadh abhus cearta ban, go háirithe mná a bhí ag iompar féatais neamh-inmharthana. Ní raibh feidhm dhlíthiúil leis an gcinneadh mar gheall ar chúinse teicniúil ach tá cás nua á thógáil. I ndiaidh an reifrinn ó dheas ’sé an tuaisceart an t-aon áit sna hoileáin seo ina bhfuil an toirmeasc chomh cuimsitheach is atá.

Tá athbhreithniú ar an dlí faoi éigniú ar siúl freisin, an dlí maidir le héisteachtaí cúirte ina leith go háirithe. D’eascair an t-athbhreithniú as cás cúirte na n-imreoirí rugbaí Paddy Jackson agus Stuart Olding a frítheadh neamhchiontach as éigniú. Tharraing an cás aird ó chian is ó chóngar i ngeall ar cháil na gcosantóirí, bhí na sluaite ag tarraingt ar theach na cúirte amhail is go mba shiamsaíocht a bhí ar siúl. Táthar ag moladh nach gceadófaí an pobal sa chúirt ina leithéid de chás feasta agus go mbeadh dlíodóir ar chostas an stáit ag an ngearánaí.

Bhí rialú cúirte suntasach eile ann. Chinn na Tiarnaí sa Chúirt Uachtarach go raibh sé de cheart ag an mbácús Asher’s i mBéal Feirste diúltú ‘cáca aerach’ a sholáthar. Ní raibh an comhlacht toilteanach cáca ag moladh an phósta comhghnéis a dhéanamh mar gur sháraigh sé a gcreideamh. Rialaíodh nárbh idirdhealú hómafóbach é sin. Tá seans fós go dtabharfar an cás go dtí an Chúirt Eorpach.

Cuireadh tús i mbliana freisin leis an ionchoisne ar shléacht Bhaile Uí Mhurchú. 47 bliain i ndiaidh na heachtra i Lúnasa 1971 fuair gaolta na marbh éisteacht sa chúirt. Leanfaidh an cás san athbhliain.

Fág freagra ar 'Bliain eile inar leáigh na seansanna ar fhuascailt na sáinne leo…'

  • Des O Murchu

    Tabhair Chuig an Ouspideal me! Ta Ulster Orange Squash agam!