Bliain chrua roimh Leo Varadkar agus Fine Gael

D'uireasa an ceathrú cuid dá pháirtí parlaiminte beidh fadhb ag Leo Varadkar

Bliain chrua roimh Leo Varadkar agus Fine Gael

Tá chuile chosúlacht air gur bliain chrua a bheidh inti seo d’Fhine Gael. Tá sé fógartha cheana féin ag an gceathrú cuid dá gcuid Teachtaí Dála go bhfuil siad ag éirí as ag an gcéad toghchán eile ar chúinsí éagsúla.

Tá caint go bhféadfadh beirt eile, ar a laghad, fógairt nach bhfuil fonn orthu feasta a bheith san iomaíocht. Níl aon rud ráite go fóill ag an Teachta Bernard Durkan atá 78 bliain d’aois agus tá sé séanta ag Michael Ring atá 70 bliain d’aois go bhfuil sé féin ag éirí as, ach is mór a d’fhéadfadh tarlú idir seo agus lá an toghcháin.

Tar éis na ndéaga de bhlianta i gcumhacht agus an tuirse agus an leadrán a thagann dá bharr, cá bhfágfaidh sin a gcuid seansanna san olltoghchán nó fiú roimhe sin sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla a bheidh linn gan mhoill? Cothaíonn sé tuilleadh ráflaí freisin faoi leithéid Simon Coveney – chuir an t-iar-aire Ivan Yates an cheist le gairid, cén fáth a bhfanfadh Coveney sa Dáil nuair is tréimhse fhada sa bhfreasúra atá i ndán dó?

D’éirigh thar barr le Fine Gael sna toghcháin Eorpacha cúig bliana ó shin agus d’fhill siad ar an mBruiséil le suíochán breise. Cuireadh duine de na feisirí – Mairéad McGuinness – isteach in oifig an choimisiúin nuair ab éigean do Phil Hogan éirí as le linn Covid.

Ní bheidh sise san iomaíocht an babhta seo agus ní bheidh Frances Fitzgerald san iomaíocht i mBaile Átha Cliath. Reáchtáladh coinbhinsiún lena comharba a roghnú an tseachtain seo chugainn agus tuagadh léargas dúinn go bhfuil corraíl i bhFine Gael faoi láthair a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú dóibh lá toghcháin.

Thuig an uile dhuine gurbh í an tAire Stáit Josepha Madigan rogha na ceannaireachta don ról. Níor éirigh léi na vótaí a fháil – fuair an Seanadóir Regina Doherty, a chaill a suíochán i gcontae na Mí san olltoghchán deiridh, an ceann is fearr ar Josepha Madigan agus an Seanadóir Barry Ward. An cheist a cuireadh – céard a chiallaíonn an toradh sin do cheannaireacht an pháirtí? An raibh na baill a bhí i dteideal vóta a chaitheamh ag an gcoinbhinsiún ag tabhairt le fios nach bhfuil siad chomh sásta agus a bhíodh leis an gceannaireacht?

Má bhíonn drochlá ag Fine Gael sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha an dtabharfar dúshlán Leo Varadkar?

Cuspóir polaitiúil amháin a bheidh ag Fine Gael agus Fianna Fáil sa chéad olltoghchán eile – an oiread dochair agus is féidir a dhéanamh do Shinn Féin agus a chinntiú go mbeidh siad féin ar ais i rialtas. D’uireasa an ceathrú cuid dá pháirtí parlaiminte beidh fadhb ag Leo Varadkar.

Fadhb eile is ea an tuairim i measc go leor tráchtairí go dteastódh seal sa bhfreasúra ó Fhine Gael tar éis ceithre bliana déag. Fágann sin go gcaithfear Sinn Féin a chur san áireamh don chéad rialtas eile. Deir Micheál Martin go fóill nach dtarlóidh sin.

Is minic leis an bpobal sonc a thabhairt don rialtas i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla. An gcuirfidh siad a míshástacht in iúl i mí an Mheithimh nó an bhfanfaidh siad leis an olltoghchán féin? Agus an gcuirfidh sin deifir le deireadh ré Varadkar? Tá cúpla mí spéisiúil romhainn.

Fág freagra ar 'Bliain chrua roimh Leo Varadkar agus Fine Gael'