Meas tú dá bhféadfaidís é, an ndéanfadh polaiteoirí dearmad ar an mbliain atá bailithe thart? De réir mar atá an phaindéim ag dul i bhfad is i leadrán tá go leor daoine ag maíomh go bhfuil sé i gceist acu neamhaird iomlán a dhéanamh ar gach ar tharla ón 29 Feabhra 2020 nuair a deimhníodh an chéad chás den ghalar anseo.
Fillimis mar sin ar thús mhí Feabhra 2020.
Beidh sé bliain Dé Luain seo chugainn ó chuaigh pobal na tíre seo chuig na bothanna vótála san olltoghchán. D’athraigh an t-olltoghchán an tírdhreach polaitiúil ó bhun agus go luath ina dhiaidh sin chuir Covid-19 faoi ndear do na polaiteoirí labhairt le chéile, aghaidh a thabhairt ar shean-naimhde agus dul i mbun rialtais ar mhaithe le sláinte an phobail.
Nuair a foilsíodh an phobalbhreith iarvótála oíche an 8 Feabhra seo caite is beag a chreid aon duine againn go dtarlódh athrú chomh suntasach i dTithe an Oireachtais. Bhí éacht déanta ag Sinn Féin, níor éirigh chomh maith le Fianna Fáil agus a bhí súil acu agus choinnigh Fine Gael a gcúrsa. Bhí aiséirí déanta ag na Glasaigh ach thairis sin bhí na páirtithe eile a bheag nó a mhór ag an leibhéal tacaíochta céanna.
Bhí an rogha rialtais soiléir – Fianna Fáil agus Sinn Féin nó Fianna Fáil agus Fine Gael. Bheadh sé ródheacair comhghuaillíocht idir neamhspleáigh, páirtithe beaga agus eití éagsúla na polaitíochta a choinneáil le chéile. Bhí sé ráite go soiléir ag Micheál Martin nach labhródh sé le Sinn Féin agus é ráite ar bhealach chomh diongbháilte gur mó dochar ná leas a dhéanfadh sé dó dá n-athródh sé a intinn. Ní raibh Leo Varadkar chomh diongbháilte céanna ina chuid cainte ach níor shíl mórán go mbeadh Fine Gael agus Sinn Féin sásta labhairt le chéile.
Thóg sé go dtí lár an tsamhraidh, ag deireadh an Mheithimh, rialtas a chur le chéile idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas. Rinneadh go leor cainte faoi chomhrialtas stairiúil a chuir deireadh le sean-naimhdeas an chogaidh chathartha. An tábhacht a bhain le hathrú aeráide a bheith ar an gclár oibre ba chúis leis na Glasaigh a bheith ag fáil cuireadh chun boird. Ní raibh baint ar bith aige leis na figiúirí!
Faoin tráth sin den bhliain bhí athrú mór ar an saol. Bhí géarchéim sláinte idirnáisiúnta ag déanamh scrios ar fud an domhain. Bhí an pobal faoi ghlas agus cuibhrithe. Bhí an imní, an t-amhras agus an éiginnteacht i mbarr a réime. Siad Fine Gael a lean orthu mar rialtas sealadach le socrú muiníne agus soláthair agus is iad is mó a bhain leas as an atmaisféar nua. Léirigh Leo Varadkar agus Simon Harris cumas cumarsáide in aimsir na práinne a chuaigh go mór i gcion ar an bpobal. Bhí Sinn Féin ag coinneáil an chúrsa san am céanna agus leibhéal íseal tacaíochta Fhianna Fáil ag cothú imní i measc a lucht leanúna agus a gcomhaltaí tofa.
Tá go leor le rá faoin rialtas atá againn anois. An cheist is mó a chuirfinn ná an mbeadh a leithéid ann ar chor ar bith murach gur tháinig an ghéarchéim sláinte inár dtreo? Tá Fine Gael fós ar cheann an chúrsa agus ní fiú agus go gcaithfidh siad filleadh ar an bpobal le seilbh a fháil in athuair ar oifig an Taoisigh. Tá oifig an Taoisigh ag Fianna Fáil agus iad ar ais ag bord an rialtais. Ach níl mórán cosúlachta go bhfuil siad ag déanamh dul chun cinn in áiteacha cosúil le Baile Átha Cliath ná i measc daoine óga. Tá siad ag tabhairt an iomarca deiseanna dóibh siúd a bhaineann taitneamh as corraíl inmheánach i bpáirtithe polaitiúla a bheith ag trácht orthu.
Breathnaíonn sé go bhfuil tacaíocht Shinn Féin seasmhach go maith, ach ar chaill siad an deis is fearr a bhí riamh acu nuair nach raibh dóthain iarrthóirí acu anuraidh? Agus na Glasaigh? Sin scéal eile agus breathnaíonn sé go n-éireoidh leo iad féin a scrios sula dtugtar deis don phobal breithiúnas a thabhairt orthu.
Agus ós ag caint air sin mé, céard faoin bpobal? Dá mbeadh deis againne filleadh ar an 8 Feabhra 2020, roimh Covid-19, céard a dhéanfadh muidne lenár nguth?
Sin scéal do lá eile.
Fág freagra ar 'Bliain chorraitheach curtha isteach againn ón olltoghchán a d’athraigh saol na polaitíochta ó bhun'