Bíodh ‘muinín’ ag pobal na Gaeilge, beidh iarrthóirí le Gaeilge ann beag beann ar riachtanas teanga – Uachtarán nua OÉ, Gaillimh

Dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil ‘dualgas’ maidir leis an nGaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus gur chóir féachaint ar an teanga mar ‘bhuntáiste’ agus mar rud ‘luachmhar’ seachas mar ‘ualach’

Bíodh ‘muinín’ ag pobal na Gaeilge, beidh iarrthóirí le Gaeilge ann beag beann ar riachtanas teanga – Uachtarán nua OÉ, Gaillimh

Deir Uachtarán nua Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur cheart “muinín” a bheith ag pobal na Gaeilge go dtiocfaidh iarrthóirí maithe le Gaeilge chun tosaigh i gcónaí do phost an uachtaráin san Ollscoil.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó hÓgartaigh, ar cainteoir líofa Gaeilge é, go mbeadh bonn “i bhfad níos láidre” faoi uachtarán a cheapfaí faoi phróiseas nach mbeadh riachtanas Gaeilge ag dul leis.

“Ba cheart dúinn muinín a bheith againn as pobal na Gaeilge freisin. Ceapaim i gcónaí go mbeidh suim ag daoine le Gaeilge, mar a bhí agamsa, a bheith mar iarrthóir ar [phost] uachtarán na hollscoile anseo. Beidh iarrthóirí i gcónaí ann a mbeidh Gaeilge acu, agus cén fáth nach mbeadh iarrthóir le Gaeilge, mar atá agamsa, in ann dul i gcoimhlint le hiarrthóirí idirnáisiúnta.

“Ceapaim go bhfuil bunús i bhfad níos láidre ansin ag uachtarán atá ceaptha ó phróiseas mar sin, seachas a bheith ceaptha ó phróiseas atá níos teoranta.”

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Léirigh cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurbh í an argóint ba mhó a bhí acu siúd a bhí ar son deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge ná go raibh a leithéid ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.

Dúirt Ó hÓgartaigh gur buntáiste a bheadh sa Ghaeilge d’uachtarán na hOllscoile.

“Arís déarfainn gur buntáiste í an Ghaeilge agus gur cheart muinín a bheith againn as pobal na Gaeilge go mbeidh iarrthóirí maithe i gcónaí ann go bhfuil Gaeilge acu agus a bheidh in ann dul i gcoimhlint le hiarrthóirí idirnáisiúnta. Ach seachas é sin ní bheidh aon ról agam ar cé a thiocfaidh i gcomharbacht orm.”

Vótáil móramh sa Dáil ag deireadh na na bliana seo caite ar son Bille a dhréachtaigh Éamon Ó Cuív a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin Ollscoil na hÉireann Gaillimh feasta, agus rachaidh an bille ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.

Ag tagairt don Bhille sin, dúirt Ó hÓgartaigh go raibh sé “sásta” go bhfuil suim á cur ag an Teachta Dála Ó Cuív sa scéal agus go raibh sé “ag súil le castáil leis”.

Dúirt an t-uachtarán nua go raibh “dualgas” maidir leis an nGaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe mar gheall ar an áit a bhfuil sí lonnaithe, ach gur buntáiste don ollscoil chomh maith é a bheith “sa chéad áit ar domhan” maidir “le léann na Gaeilge, an léann Ceilteach agus an léann Éireannach”. Ba chóir féachaint ar an nGaeilge mar rud ‘luachmhar’ seachas mar ‘ualach’, a dúirt sé.

Mhol sé “obair mhaith” atá ar bun ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus dúirt gur mhaith leis go mbeadh nasc níos láidre ag an Acadamh leis an léann Gaeilge san Ollscoil “go ginearálta”.

Fág freagra ar 'Bíodh ‘muinín’ ag pobal na Gaeilge, beidh iarrthóirí le Gaeilge ann beag beann ar riachtanas teanga – Uachtarán nua OÉ, Gaillimh'