‘Bíodh an tOireachtas sa Ghaeltacht agus ná bíodh airgead na nGael á shruthlú síos an leithreas’ – Rónán Mac Aodha Bhuí

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus bunaitheoir an Chabaret Craiceáilte

‘Bíodh an tOireachtas sa Ghaeltacht agus ná bíodh airgead na nGael á shruthlú síos an leithreas’ – Rónán Mac Aodha Bhuí

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

1977 nó 1980 níl mé cinnte. Bhí mé i mo ghasúr beag, agus tá cuimhne agam a bheith ag Clannad san Amharclann. An chéad ghig bheo mar is ceart. Agus bhí siad dochreidte. Bhí m’ athair ar an choiste áitiúil na blianta sin go raibh sé ar siúl i nGaoth Dobhair agus ba ghnáth liom a bheith ina chuideachta ag cuid de na hócáidí.

An rud is fearr faoin Oireachtas

Ag bualadh le seanchairde. Gaeil agus Gaeilge thart ort in achan áit, mar a ba chóir don saol agus do thír s’againn a bheith i dtólamh. Flaitheas na nGael J.

An rud is measa faoin Oireachtas

Tá Cill Airne i bhfad rófhada ar shiúl uainne i dTír Chonaill, agus do na hUltaigh uilig i ndáiríre. Is fuath liom nach bhfuil pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta, ag fáil buntáiste eacnamaíochta ar bith ón Oireachtas a bheith ar siúl i mbailte nach bhfuil róGhaelach.

Cill Airne arís?

Tuigim go bhfuil buntáistí ag baint leis an Oireachtas a bheith in ionad amháin, agus achan rud faoi dhíon amháin, ach… (An méid sin ráite, bíonn na daoine atá ag obair sna hóstáin, an Gleneagle agus an Brehon, iontach deas linn)

Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Má tá tú ann ón Chéadaoin ar aghaidh, ná hól barraíocht an chéad oíche, nó an dara hoíche fiú. Glac go deas réidh é. An méid sin ráite…tá seans maith nach mbeidh mé ag glacadh mo chomhairle féin.

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na féile den chuid is mó ach ba mhaith liom blaiseadh níos mó a fháil de Chorn Uí Riada, agus cuid mhór de na comórtais ardáin eile,  i mbliana.

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Bheadh plean curtha le chéile agam le go mbeadh an tOireachtas ar siúl sa Ghaeltacht i dtólamh. ’Sé sin, go mbeadh sé i dTír Chonaill ar feadh 3-4 bliana, ansin ag bogadh go Conamara, ansin go Corca Dhuibhne, agus mar sin de. Agus an rud seo faoi nach bhfuil infreastruchtúir ceart sna Gaeltachtaí lena eagrú ann, ba chóir don Údarás i gcomhar leis na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta uilig, cinneadh a dhéanamh go bhfuiltear chun infheistiú ina leithéid, agus go mbeadh na milliúin atá á gcaitheamh i mbailte gallda, ag Gaeil ag Oireachtais, Ard-Fheiseanna, Cruinnithe Cinn Bhliana na n-eagras Gaeilge agus eile á gcaitheamh as seo amach i gceantair Ghaeltachta. Samhlaigh an méid postanna a bheadh cruthaithe sa Ghaeltacht, dá mbeadh Oireachtas na Gaeilge, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, Cruinnithe Cinn Bhliana Ghaelscoileanna, agus eagraíochtaí eile, Bronnadh Duaiseanna Ghlór na nGael, Gradam Nós agus eile uilig sa Ghaeltacht. Ba chóir dúinn stad a chur le bheith ag sruthlú airgead na nGael síos an leithreas.

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Fiántas, damhsa ar an sean-nós, piontaí blasta, dúidíní dalba, amhráin, craic, cuideachta.

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Bíonn rún agam achan bhliain gan barraíocht a ól, tuilleadh uisce a ól in amanna, imeacht ar shiúlóidí anois is arís, a bheith siosmaideach thall is abhus, ach tá eagla orm nach fíor i gcónaí an ráiteas go dtagann ciall le haois.

Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Oireachtas i nGaoth Dobhair 1996 nuair a seoladh TG4

Fág freagra ar '‘Bíodh an tOireachtas sa Ghaeltacht agus ná bíodh airgead na nGael á shruthlú síos an leithreas’ – Rónán Mac Aodha Bhuí'

  • Mairéad

    Eilifint mór is ea an tOireachtas a shúnn slám airgid amach ós nanGaeltachtaí chuile bhliain. Tá an bhéim ar fad ar comórtais agus an Bhéarla in uachtar go minic de bharr Steip. Teastaíonn féile bhliantúil bheag sa nGaeltacht nach bhfuil dírithe ar comórtaisí.

  • Carraig

    An ceart ar fad agat! Cuir ar siúl sa Ghaeltacht é. Ollphuball in aice le hóstán. Rinneadh cheana é.

  • Máire Nic Fhinn

    Tá an ceart go hiomlán ag Rónán. Mholaim é as labhairt amach faoi seo. Tá sé thar am go labharfadh duine éigin faoi seo agus go mbeadh díospóireacht ina thaobh. Is rí-ait liomsa go mbeadh a leithéid d’ócáid ag tarlú lasmuigh den Ghaeltacht.

  • John beag

    Ceart agat ar fad Ronan, am ag UnaG fiuntais eacnamaiochta fad thearma an Oireachtais a thuiscint – samhlaidh Ostan Ghaoth Dobhair ag pobal Gaeltachta mar ostan briomhar.
    Gear ga Le cothu na Gaeltachtai!! Dorn san aer!

  • Seán Fennell

    Ceart ar fad agat a Rónáin. Ní bheadh sé ró dheacair a eagrú i nGaeltacht Thír Chonaill arís, smaoinigh ar na hostáin mhóra, Loch Altán, An Chúirt agus gan trácht ar cinn fholmha!!! ionaid, scoileanna srl halla pobail is féidir busanna a chur ar fáil chun daoine a thabhairt thart, Cill Áirne maith do na Meiriceánaigh i rith an tsamhraidh, rachadh an tairgead ar ais chuig an phobal sna gaeltachtaí….Ina dhiaidh sin, Iarthar Bhéal Feirste, an Ghaeltacht is mó in Éirinn!!