Ní fear mé a thaobhaíonn tigh Phaddy Power rómhinic – lá an Grand National, b’fhéidir, nó, má chuirtear cogar i mo chluais, uair nó dhó le linn sheachtain Rásaí na Gaillimhe nó Cheltenham.
Is lú i bhfad fós na hócáidí ar a bhfillim ar an siopa céanna chun an méid atá buaite agam a bhailiú. Is minice i bhfad, go deimhin, go mbíonn mo chapallsa fós ag rith agus an rás thart go maith.
Agus i gcás mar sin, bím breá sásta glacadh leis gur mar sin atá. An té a théann sa seans, ní bhíonn an t-ádh leis i gcónaí…
Is cinnte nach ndéanfainn trua díom féin i gcás mar sin.
Is cinnte freisin nach gceapfainn go ndearnadh éagóir de chineál éigin orm.
Agus is cinnte nach gcuirfinn an béal bocht orm féin os comhair an phobail – ar nós Ivan Yates, fear a bhí ag fuarchaoineachán le seachtain faoi nár fágadh bonn bán aige.
Is deacair alltacht a chur orm. Ach, ag éisteacht dom le fear Loch Garman le seachtain anuas, agus ag léamh a dhírbheathaisnéise, caithfidh mé a rá gur tháinig fonn múisce orm. Shílfeá, thar dhuine ar bith eile, go dtuigfeadh Ivan Yates céard is brí le dul sa seans. Bhí gnó aige féin le 20 bliain a bhí bunaithe go huile agus go hiomlán ar an gcearrbhachas.
Lá i ndiaidh lae, théadh gnáthdhaoine isteach go dtí a chuid siopaí geallghlacadóra chun dul sa seans le geall.
Cosúil liomsa, ní tharraingeoidís siúd raic dá gcaillfidís…
Ach Ivan bocht! Cúpla bliain ó shin, chuaigh sé féin sa seans nuair a d’iarr sé iasacht €10 milliún ó AIB chun cur leis an 66 siopa a bhí aige.
Is geall mór a bhí ann, ar ndóigh – go deimhin, chuir sé luach an tí air. Ní a theach féin amháin, ach oiread, ach teach a mháthar freisin. Dá n-éireodh leis, bheadh sé ina bhilliúnaí. Ach, mar atá a fhios ag an saol, chaill sé.
Ní heisean an t-aon duine a bhí thíos leis, dála an scéil. Chaill 200 dá chuid oibrithe a gcuid postanna nuair tháinig deireadh le Celtic Bookmakers – cé nach bhfuil mórán cloiste againn fúthu siúd ná uathu siúd.
Níor fhan Ivan é féin ina thost, áfach.
Nuair a tháinig AIB ag lorg a gcuid airgid – nó airgead mhuintir na hÉireann, ba chirte dom a rá, ó tharla gur linne AIB anois – chuir sé ina leith go raibh siad ag tromaíocht air.
Ansin, seachas iarracht a dhéanamh a chuid fiacha a ghlanadh, ghread sé leis go dtí an Bhreatain – áit ar dhearbhaigh sé é féin bancbhriste, cleas a chiallaigh go raibh sé in ann dearmad a dhéanamh dá chuid fiacha taobh istigh de bhliain.
Shílfeá go mbeadh sé breá sásta leis féin!
A mhalairt ar fad, ar ndóigh – más fíor dó féin, chaith Ivan bliain ar an drabhlás i gCaerdydd na Breataine Bige ag déanamh trua dó féin, ag siúl cois cladaigh agus ag ól an iomarca.
‘Some days were so long and empty I would simply kill them off by getting drunk,’ a deir sé.
Agus cé a d’íoc as seo ar fad? Mise agus tusa, ar ndóigh. Tá pinsean Stáit de €3,900 in aghaidh na míosa ag Ivan de thairbhe na mblianta a chaith sé i dTeach Laighean, mar TD agus mar aire rialtais.
Chun é sin ar fad a chur i bhfocail eile, ba iad cáiníocóirí na hÉireann a d’íoc an bille chun seans a thabhairt do Ivan éalú óna chuid fiacha – airgead atá anois ag dul do na cáiníocóirí céanna.
‘I wanted to endure my penance and culpability for my failings on my own,’ a deir sé – rud a bhí breá éasca a dhéanamh, ar ndóigh, agus teacht isteach mar sin aige. Agus ansin, tar éis bliana, bhí sé in ann teacht abhaile agus post mór ar phá maith a fháil mar chraoltóir le Newstalk.
Níl aon ghean agamsa ar na baincéirí a scrios an tír seo; ní maith liom an brú uafásach a chuir bainisteoirí na mbanc céanna ar dhaoine nach raibh in ann a gcuid morgáistí a íoc.
Ach fágadh na mílte duine eile le fiacha móra nárbh acmhainn dóibh a íoc nuair a thit an tóin as an Tíogar Ceilteach; fágadh morgáistí na mílte duine i mbaol dá bharr.
Ní lucht gnó a bhformhór siúd; is gnáthdhaoine iad – múinteoirí, státseirbhísigh, banaltraí, ceardaithe, daoine cosúil liomsa agus leatsa.
Fearacht Ivan Yates, thug na bancanna an iomarca airgid dóibh. Fearacht Ivan, ní raibh siad in ann é a íoc ar ais. Fearacht cás Ivan, tháinig an banc ina ndiaidh.
Ach ní raibh pinsean Stáit acu siúd; ní raibh siad in ann teitheadh go dtí an Bhreatain Bheag; ní raibh Denis O’Brien ag fanacht leo tar éis bliana agus seic mhór ina láimh aige.
Tá na daoine sin fós ag fulaingt. Tá saol nua i ndán do Ivan Yates; níl dóibh siúd. Is iadsan an díol trua, ní heisean.
Agus b’fhearr i bhfad do Ivan féin cuimhniú ar an seanfhocal: is binn béal ina thost.
– Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury.