Bialann Ghaeltachta dúnta de bharr ‘cac daonna’ a bheith ar an láthair

Dúnadh an bhialann Indiach Saffron i nGaeltacht Thír Chonaill ar feadh seachtaine nuair a fuarthas cac daonna, caonach dubh, caonach liath agus cuileoga marbha san áit an mhí seo caite

Bialann Ghaeltachta dúnta de bharr ‘cac daonna’ a bheith ar an láthair

Dúnadh an bhialann Indiach Saffron, sa Chraoslach, i nGaeltacht Thír Chonaill mar gheall ar “lochán caca daonna” a bheith ar an láthair. D’ordaigh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann go ndúnfaí an bhialann ón 19 go 27 Deireadh Fómhair i ndiaidh do chigireacht a bheith déanta ar an láthair níos luaithe an mhí seo caite.

Tuairiscíodh sa tuarascáil a foilsíodh i ndiaidh na cigireachta go raibh “poll san urlár ag cur thar maoil le cac daonna agus é ag bailiú i lochán” in áit a mbíonn oibrithe na bialainne ag obair, agus go raibh an cac á thabhairt isteach chuig an mbialann féin ar bhróga na bhfostaithe.

Fuarthas caonach liath, salachar agus bia a raibh screamh air ar fhuinneoga, leaca fuinneoga agus scáileán cuileog sa chistin, sna doirtil, ar na ballaí agus ar na hurláir, agus ar dhoirse na bialainne agus ar dhoras na gcuisneoirí agus na n-oigheann istigh ann.

Dúradh sa tuarascáil nach raibh na huirlisí cistine, an sceanra ná na soithí á nglanadh mar is ceart agus go raibh seanbhia agus salachar ar an trealamh ar fad ann. Fuarthas nach raibh aon ábhar oiriúnach ag an mbialann leis an áit a ghlanadh ná a steiriliú.

Bhí caonach dubh ar an mbia a bhí á choinneáil sa chuisneoir agus bhí salachar agus caonach liath ar an gcuisneoir agus an réiteoir,  taobh amuigh agus taobh istigh.

Aimsíodh mairteoil agus sicín a bhí á stóráil níos mó ná cúig lá i ndiaidh a gcócaireachta le húsáid i mbéilí. Bhí bia eile á choinneáil i bhfad i ndiaidh an dáta faoinar cheart é a úsáid, bhí sicín amh á mheascadh le sicín cócaireáilte agus bhí málaí ríse ann nach raibh aon dáta luaite leo ar chor ar bith.

Fuarthas cuileoga marbha ar snámh san ola a bhí á húsáid le píotsaí a réiteach.

Dúradh freisin gur léir do na cigirí nach raibh maoirseacht mar is ceart á déanamh ar an bhfoireann agus nár cuireadh aon oiliúint orthu maidir le sábháilteacht bhia.

Dúnadh Saffron ar an 19 Deireadh Fómhair agus osclaíodh arís é ar an 27 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Bialann Ghaeltachta dúnta de bharr ‘cac daonna’ a bheith ar an láthair'

  • Sean

    Ach an bhfuarthas cac asail sa deep freeze?

  • Hiy

    Cibé ar bith é bhí an burgar special sin a d’ith mé féin i Saffron fíorbhlasta ar fad. Ní mé cén bheatha a thugtar do na fostaithe féin, caithfidh go bhfuil sí go maith. Bhuel an rud a théann timpeall….

  • maitiu

    ‘cac daonna ag cur thar maoil agus ag bailú i lochán’ ……..Saffron nó Dáil Éireann?

  • Dónall

    Is fada an lá ó bhí an Craoslach sa Ghaeltacht.