Bhíomar go léir faoi gheasa mar pháistí ag toitíní agus tobac

Bhí trí bhua luaite le toitíní ag lucht bolscaireachta tobac: tanaíocht, suaimhniú néaróg agus balsam iarchaidrimh chollaí

Bhíomar go léir faoi gheasa mar pháistí ag toitíní agus tobac

Is beag buachaill óg idir naoi agus cúig bliana déag ná raibh gabhair chun tobac air suas go dtí deireadh na seascaidí san fhichiú haois. Deirtear san am i láthair (go magúil!) go dtagann leanaí ar an saol le gutháin chliste greamaithe dá gcluasa. Is cinnte gurbh iad toitíní a bhí fáiscthe idir a liopaí roimh 1970.

Bhíomar go léir faoi gheasa mar pháistí ag toitíní agus tobac. Sna seascaidí bhíodh pacaí ‘toitíní milse’ ar díol sna siopaí agus bailiúchán de phictiúir de réaltaí caide agus pictiúir de chineálacha eile istigh iontu agus iad á mbailiú againn. Bhí bunanna dearga orthu amhail is go rabhadar lasta agus bhíodh sé mar nós againn ligint orainn go rabhamar á gcaitheamh sular itheamar iad.

Bhíodh tine lasta istigh inár seomra ranga sa bhunscoil ag duine éigin ag a hocht a chlog ar maidin le linn an gheimhridh agus bhíodh sé mar nós ag cuid againn (ag aois a hocht nó a naoi) bioranna a chaitheamh cois na tine sin sula dtagadh an múinteoir isteach. Bior, fiafraíonn tú? Pé duine a lasadh an tine, bheadh leathanaigh nuachtáin fágtha ina dhiaidh aige agus an rud a dhéanaimis ná codanna den nuachtán a rolladh agus toitíní a dhéanamh astu. Ansan, aibhleog a thógaint ón dtine leis an tlú agus seo linn ag baint deataigh astu ar ár suaimhneas.

Tá cur síos déanta ag Peig Sayers agus Maidhc Dainín Ó Sé ina ndírbheathaisnéisí ar ghabhair an tobac. Bhí Maidhc an-óg ar fad nuair a thosnaigh sé.

Agus b’in mar a bhí an scéal ag páistí, go háirithe buachaillí, sna blianta sin. Ní fhéadfaidís fanacht go dtí go mbeadh toitín ag gobadh amach as a mbéal. Ní fhéadfaimis fanacht go haois ina mbeimis ábalta toitíní a chaitheamh os comhair an tsaoil. Idir an dá linn ba chaiteoirí ‘ceilte’ a bhí ionainn. Bhíos féin ag caitheamh mar dhéagóir, ag ceannach deich-bpacaí Woodbines nó Players le m’airgead póca. An t-aon rud, ní rabhas á n-análú de bharr gur thairg comharsa a phíopa dom lá agus mé in aois a hocht agus d’iarr orm gal a bhaint as, rud a dheineas go fonnmhar. Ach baineadh an anáil díom agus ba bheag nár tachtadh mé. Ón nóiméad sin ar aghaidh, cé go mbíodh gabhair an tobac orm, ní fhéadfainn an deatach a análú isteach im’ scamhóga riamh.

Sna blianta úd, bhí an chuma ar an scéal go raibh an domhan mór is a mháthair ag caitheamh toitín nó ag ól an phíopa. Ag tórraimh, go dtí lár an chéid seo caite, bhí sé mar nós (agus mar dhualgas) gal den phíopa cré a bheith agat chun ómós a thabhairt don té a bhí faoi chlár. Bhí na mná mall (go poiblí ar aon chaoi) maidir le nós na dtoitíní cé go rabhadar ag ól na bpíopaí cailce leis na cianta. Sa bhliain 1929 chuir gluaiseacht fheimineach i Meiriceá tús le feachtas ionas go mbeadh an stádas céanna ag mná is a bhí ag fir maidir le toitíní, sé sin go bhféadfaidís iad a chaitheamh go poiblí.

Sna blianta a lean bhí a n-áit féin ag toitíní i saol cultúrtha agus faisin Mheiriceá. Bhí sé faiseanta toitíní a chaitheamh. An fear ba thúisce a lasfadh toitín na spéirmhná, ba thúisce a mheallfadh í! Ná ní bheifeá sa bhfaisean gan cás toitíní airgid nó óir agat agus d’inisealacha greanta air, mar aon le lastóir ornáideach.

Ba phrapa tábhachtach scannáin agus amharclannaíochta é an toitín chomh maith. Bhí toitíní gnéasúil. Sa scannán Now, Voyager (1942), lasann Jeremiah (Paul Henried) dhá thoitín ina bhéal, ceann dó féin agus ceann do Charlotte (Bette Davis). Tugann sé ceann acu di agus seo leis an mbeirt acu á gcaitheamh agus a súile greamaithe ina chéile chun a thabhairt le tuiscint go mbeadh caidreamh collaí ar na bacáin.

Bhí trí bhua luaite le toitíní ag lucht bolscaireachta tobac: tanaíocht, suaimhniú néaróga, brú agus struis agus, creid é nó ná creid, balsam iarchaidrimh chollaí. Baineann Mrs Robinson (Anne Bancroft) an-úsáid as an tríú bua sin sa scannán The Graduate (1967)!

I scéinséirí agus i scannáin bhleachtaireachta, bhí sé mar nós ag aisteoirí úsáid a bhaint as toitín mar áis ar bhonn rialta, á chnagadh go héadrom ar an gcás toitíní nó ag tarraingt an deataigh go trom isteach ina scamhóga agus mar sin de. Sa tsraith teilifíse, The Fugitive (1963 – 1967), ba shíorchaiteoir é an Dochtúir Richard Kimble (David Janssen) nár fhág toitín as a bhéal le linn scannánaíochta lasmuigh nó laistigh. Fiú bhí fógra sna hirisí agus sna nuachtáin ina raibh dochtúirí ina gcótaí bána agus cár gáire orthu leis an bhfotheideal seo air: ‘More doctors smoke Camel than any other cigarette’. Agus ansan bhí an Marlboro Man, buachaill bó dathúil agus toitín ag gobadh amach as a bhéal amuigh faoi aer glan na tuaithe.

Tugadh scagairí isteach sna seachtóidí chun an nimhiú nicitín a staonadh agus a laghdú. Timpeall an ama sin bhí an ceangal le nicitín agus ailse (gan trácht ar ghalair riospráide eile) ag teacht chun solais de réir a chéile. Dhein na comhlachtaí tobac i Meiriceá tréaniarracht an ceangal sin a cheilt ach diaidh ar ndiaidh ligeadh an cat as an mála. Ó mo thaobhsa féin de, d’éiríos as toitíní a chaitheamh nuair a bhíos sna tríochaidí agus chuas i muinín an phíopa go dtí gur éiríos as ar fad nuair a tháinig an bac ar thobac isteach.

Ach is cuimhin liom na brandaí go léir a bhí thuas le linn mo thréimhse ghalaithe. Baineadh úsáid as an dúlra, an timpeallacht agus go fiú an fhilíocht chun ‘cultúr folláin nós an tobac’ a chothú. Woodbine, Gold Leaf, Gold Flake agus Sweet Afton le pictiúr den bhfile Robbie Burns mar aon le línte filíochta dá chuid ar chlúdach an phaicéid: ‘Flow gently, Sweet Afton, among thy green braes,/Flow gently, I’ll sing thee a song in thy praise.’ Don daoscarslua bhí Woodbines, Players, Major agus Carrolls Number One i lár an aonaigh. Dóibh siúd a bhí ní ba ghalánta agus ní ba shaibhre bhí Dunhill, Pall Mall, Benson & Hedges, Marlboro agus Camel.

Ó mo thaobhsa féin de, thaitin an branda tobac Clan go mór liom nuair a bhínn ag ól an phíopa. Bhaininn súp as. Na laethanta seo ólaim an píopa uair nó dhó nó trí in aghaidh na bliana chun a mheabhrú dom féin gur mhaireas beo sna blianta úd agus nár bhrionglóid a bhí iontu.

Taca an ama seo scór bliain ó shin tugadh isteach an bac ar thobac a chaitheamh i bhfoirgnimh phoiblí. Ba é an cinneadh ceart é agus bhí géarghá leis.

Má ba mhall ba mhithid.

Fág freagra ar 'Bhíomar go léir faoi gheasa mar pháistí ag toitíní agus tobac'

  • JP

    Nimh agus bréantas ar fad is ea toitín, beir leat é. Suas le 7000 ceimiceán a dhónn aon toitín amháin agus é ar lasadh. Suas le 700 Celsius a bhíonn sé agus tú á tharrac nó á chaitheamh nó á ól… bíonn focail éagsúla acu i bparóistí nó i gceantair éagsúla. Is saonta na donáin sinn is a rá gur féidir le comhlachtaí sanntacha gan scrupall nó le ceiliúráin, lucht faisin, buachaillí bó srl dallaphúicín mar sin a chur orainn agus a liacht sin duine curtha on óispidéal nó on uaigh ag an earra lofa sin. Ní thuigim na gabhair thobac sin agus níor thuigeas riamh é. Ní fhágann san ná go raibh dúil an mhairbh (…go deimhin féin) ag an sean-dream sa tobac seachas duine corrmhéiniúil, fánach anseo is ansiúd. Is cuimhin liom fógra i nGaeilge a bheith in airde sa bhus scoile díreach laistiar de shuíochán an tiománaí, mar atá,
    ‘Ná caith tobac.’ Agus, dar ndó’, ní fhéadfadh gaige na maige gan eireaball dá chuid féin a chur leis le peann mór dearg
    .i. ‘leis an tiománaí.’

  • WTF

    ‘Spéisiúil na focail sin ag JP ar ‘to smoke’.
    – An mbeidh feaig agat?
    arsa mise le X.
    – Ó, ar seisean, ní thairingím in ao’ chor. Ní ghlacfadh sé uaim é.