‘Bhíodh náire orm faoin nGaeilge ach tuigim anois gurb í teanga m’anama í’ – TED Talk tugtha ag aisteoir óg Gaeltachta in Berkeley

‘The Irish Language and Beauty’ is teideal don chaint a rinne an t-aisteoir aitheanta as Cois Fharraige i gConamara, Dónall Ó Héalaí

‘Bhíodh náire orm faoin nGaeilge ach tuigim anois gurb í teanga m’anama í’ – TED Talk tugtha ag aisteoir óg Gaeltachta in Berkeley

Tá físeán faoi ‘áilleacht na Gaeilge’ foilsithe mar chuid den tsraith cainteanna iomráiteacha ‘TEDxBerkeley 2018’ an tseachtain seo.

‘The Irish Language and Beauty’ is teideal don chaint a rinne an t-aisteoir aitheanta as Conamara Dónall Ó Héalaí.

Ina chaint, atá le feiceáil thíos, tagraíonn Ó Héalaí do ghaiscí Chonán Maol na Mallacht, nó Conán Mac Morna, laoch mór na miotaseolaíochta a thug faoi thuras fada fiáin sula mb’éigean dó a scíth a ligean le deis a thabhairt dá anam teacht chomh fada leis.

Ag labhairt dó ar ardán TEDx, déanann Ó Héalaí ceangal idir aistear an laoich agus “an turas mór” atá déanta aige ina shaol féin go dtí seo chun ‘aithne níos doimhne’ á chur air féin.

Dúirt Ó Héalaí gur thóg sé 30 bliain air “rud a bhí an-tábhachtach dó” a oibriú amach, is é sin gurb í an Ghaeilge ”teanga a anama”.

Thug Ó Héalaí le fios don slua a bhí ag éisteacht leis in Berkeley gur fhás sé aníos i gConamara in iarthar na hÉireann, agus go raibh an Ghaeilge mar theanga dhúchais aige.

Ach dúirt an t-aisteoir, a bhíodh le feiceáil i mórán clár agus drámaí Gaeilge sula ndeachaigh atá sé chun cónaí agus chun oibriú i Nua-Eabhrac roinnt blianta ó shin, go raibh a mhalairt de dhearcadh anois aige faoin teanga thairis mar a bhí agus é ina dhéagóir.

Deir sé gur chothaigh an Ghaeilge “cuid mhaith náire” ann agus gur mhinic a mhothaíodh sé “aisteach agus éagsúil” i measc a chuid cairde.

Mar léiriú air sin, dúirt sé gur nós leis “freagraí aonsiollacha” a thabhairt ar a thuismitheoirí dá nglaofaidís ar a ghuthán air agus é i measc cairde, ar fhaitíos go gcloisfí é ag labhairt i nGaeilge.

Dá mbeadh “géarghá” le comhrá a dhéanamh thosaíodh sé ag caint i gcogar.

“Inniu, aithním cé chomh craiceáilte is a bhí sé sin. Déagóir a bhí ionam a d’fhás aníos in iarthar na hÉireann agus náire orm faoin mo theanga dhúchis a labhairt,” ar sé.

Thug Ó Héalaí le fios go dtuigeann sé anois agus é ag maireachtáil i bhfad ó bhaile gur bua agus údar mórtais í an Ghaeilge a tugadh dó.

“Go pearsanta, tugann an Ghaeilge léamh eile ar an saol dom.”

“Spreagadh do mo shamhlaíocht í agus déanann sí rud álainn agus aoibhinn den rud a d’fhéadfadh a bheith gruama agus leamh.”

Tagraíonn Ó Héalaí ina chuid cainte do roinnt focal i mBéarla – ar nós ‘wolf’ agus ‘ladybug’ – a bhfuil, dar leis, áilleacht ag baint leis na leaganacha Gaeilge díobh – ‘mac tíre’ agus ‘bóín Dé’. Tagraíonn sé chomh maith de leagan cainte a chloistear coitianta i gConamara agus cur síos á dhéanamh ar fharraige cháite – ‘tá bláth bán ar gharraí an iascaire’.

Fág freagra ar '‘Bhíodh náire orm faoin nGaeilge ach tuigim anois gurb í teanga m’anama í’ – TED Talk tugtha ag aisteoir óg Gaeltachta in Berkeley'

  • Síle Ní Chathasaigh

    Cén nach raibh TedX in ann ainm Dhonncha a scríobh i gceart; mar theideal ag tús an fhíseáin?

  • Síle Ní Chathasaigh

    Ainm Dhónaill, gabhagaí mo leithscéal.