Bhí gleo ag saighdiúirí an chirt faoi tháillí uisce. Cá bhfuil siad anois agus cabhair ó dhaoine gan dídean?

Téadh 150,000 fheachtas na dtáillí uisce amach ar na sráideanna go dtí go ndéanfaidh an rialtas beart le dealramh faoi na daoine sin atá gan dídean

Bhí gleo ag saighdiúirí an chirt faoi tháillí uisce. Cá bhfuil siad anois agus cabhair ó dhaoine gan dídean?

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Ní fada uainn an Nollaig, séasúr a bhogann an croí cloiche féin de ghnáth. Tá trí eagraíocht a bhíonn ag cuidiú le daoine gan dídean, Focus Ireland, Pobal Shíomóin agus Iontaobhas Peter McVerry, a dtéann an Nollaig go maith dóibh go hiondúil, ag iarraidh orainn an t-aisíoc atá ar an mbealach ó Uisce Éireann a thabhairt dóibh féin le déileáil le hiarmhairtí scannal na ndaoine atá fágtha gan teach ná áras.

Is túisce a dhófainn an t-airgead sin sa tine nó a scaoilfinn le gaoth é ná a thabharfainn don bhocht ná nocht é, chuige sin a íocaim cáin.

Nuair a bhí réabhlóid mhór na dtáillí uisce ar siúl sa tír seo ó 2014, bhí polaiteoirí áirithe glórach go maith faoi na táillí uisce sin agus mar a bheifeá ag súil leis ó na cladhairí sin ar gaire dá gcroí a vóta agus a suíochán sa Dáil ná leas na tíre, chomh luath in Éirinn agus a chonacthas 150,000 duine ag béicíl ar na sráideanna, cuireadh deireadh leis na táillí, cé gur dócha go mbeidh arís ann.

Déanaimse amach gur mhór an cuidiú do na daoine sin atá gan dídean dá gcuirfeadh laochra cróga an fheachtais in aghaidh na dtáillí uisce lámh ina bpóca féin anois agus luach na dtáillí a íoc leis na daoine atá amuigh faoin doineann.

Mura bhfuil na pingineacha faoina láimh acu faoi láthair, d’fhéadfaidís a ghabháil ag sluaisteáil séarachais de na tránna, ag bailiú bruscair de na sráideanna nó bheith istigh a thabhairt don chréatúr gan dídean.  Is mór a dhéanfadh 150,000 duine ag oibriú as lámha a chéile. Nár chruthaíodar sin lena bhfeachtas callánach in aghaidh na dtáillí?

Cén fáth ar chuir an feachtas in aghaidh táillí uisce/séarachais an oiread sin oilc orm? Rugadh faoin tuath mé, cónaím faoin tuath agus níl compord is mó a mbainim sásamh as ná uisce glan a theacht amach as sconna istigh sa teach agus gan ormsa a ghabháil amach faoin bhfuacht ná faoin bhfliuchán. Pribhléid níos iontaí fós suí ar leithreas glan sócúil agus do phutóga a thaoscadh gan proibí a bheith le folmhú, sluasaid le cuartú ná séideán gaoithe ar do thóin. Ní bhuailfeadh milliúin an Lató an phribhléid sin.

Tabhair isteach buicéad uisce glan. An bhfuil uisce glan istigh le haghaidh na maidine? Tabhair steall uisce ag an lao, ag an mbó, ag d’athair sa ngarraí. Líon cíléar an níocháin. B’in í siobáil shíoraí m’óige, ag tarraingt uisce. Ansin nuair a bogadh tanc isteach sa teach bhí ceathrú uaire ort i do staic ansin anonn is anall le hanla leis an tanc sin a líonadh. Mise á rá leat nach ndéanfá flaisc leis an uisce sin tar éis na sclábhaíochta sin.

Chomh luath agus a théadh an teocht i bhfoisceacht go mbeannaí Dia don reophointe, reodh na píopaí agus bhí cúram eile ort. Airlock! Tóg an tine as an sorn! Cá bhfuil rinse an mhoncaí? Cé aige a bhí sí go deireadh? Chuile chúinne ar an mbaile le cuardach sula dtosaíodh an eascaine agus an cartadh i bpreas an uisce te. Giobail uilig an tí caite amach ar an urlár, uisce ag scairdeadh san aer an dá luath agus a scaoilfí an t-aer sáinnithe.

Tháinig sé sa saol gur tháinig uisce i bpíopa an chomharchumainn. D’íoc tú do tháille, thart ar ocht gcéad punt cúig bliana déag ó shin, agus ceanglaíodh thú faoi dheireadh. Táille bhliantúil a íoc agus rinneadh cothabháil air duit. Fút féin do chóras séarachais a cheannach go daor agus é a chothabháil. Ghlacamar go buíoch beannachtach leis an tsócúlacht agus an feabhas ar saol, saol na mban ach go háirithe. Brú ard uisce le haghaidh na meaisíní fóinteacha sin a mhaolaigh sclábhaíocht an tí. Pléisiúr Dé!

Ach ar ndóigh is fada an lá daoine eile ag cac istigh, an t-uisce ag teacht ó neamh chucu agus an séarachas faoi chúram na n-údarás. Ní íocfaidís sin ar bhunriachtanas ná ar cheart bunúsach, baol orthu! Saighdiúirí an chirt ar na sráideanna.

Anois bhur ndeis a chosantóirí an chirt. Téadh 150,000 agaibh amach ar na sráideanna go dtí go ndéanfaidh an rialtas beart le dealramh faoi na daoine sin atá gan dídean. Téigí timpeall ar charr Leo agus Phaschal ag búiríl, sáinnigí ina gcarr iad go dtí go ngeallfaidh siad áras do gach créatúr, buncheart an duine. Tá €173 milliún le spáráil ag an Rialtas le tabhairt ar ais domsa agus mo leithéid, seans go bhfuil slám eile sa spaga draíochta sin le híoc as dídean.

Téigí á thóraíocht sin agus fanaigí amach ón airgead fola a íocfar liomsa.

Tá mo cheacht foghlamtha agam uaibhse a laochra an uisce. Feasta, beidh mise ag iomlasc liom i mo thobán uisce te, sobal cumhra i mo thimpeall agus ladhracha mo chos faoi réir ar an sconna le steall te eile a scaoileadh anuas orm féin, saor in aisce.

A chonách sin orm, nár diúltaíodh do mo chuid airgid nuair a thairg mé íoc as?

Fág freagra ar 'Bhí gleo ag saighdiúirí an chirt faoi tháillí uisce. Cá bhfuil siad anois agus cabhair ó dhaoine gan dídean?'

  • Éilis

    An-alt!

  • Fidelma

    Mór an trua nach feachtas in aghaidh easpa dídine a rinne an 150,000 an chéad lá. Laochra mo thóin!