Bhí miotal inár sinsear, nach raibh?

Bhí drochbhliain ag mórán againn ach ní raibh sí chomh holc agus a bhí ag ár muintir romhainn

Bhí miotal inár sinsear, nach raibh?

A leithéid de bhliain! Oiread chéanna le mórán eile, chuaigh obair agus airgead, agus deiseanna oibre agus deiseanna airgid, le sruth. Tharla go raibh lá amháin oibre agam ar Ollscoil Mhá Nuad ach gur tháinig deireadh leis sin mí an Mhárta. (Sea, tá an ceart agat, tá titim ar chaighdeán na léachtóireachta ó bhí tusa óg!)

Mar sin féin, thaitin an obair liom agus is mé a bhí buíoch as an deis. Bhí cúis eile agam bheith sásta. Tharla gur i gCill Dara a tháinig mo shin-seanathair, John Murray, ar an tsaol in 1862, ar An Droichead Nua, le bheith beacht. Thug a aistear daonna go Tír Chonaill é, áit ar phós sé bean as Gleann Arma i nGlinntí Aontroma, Kate McKendry. Thart faoi 1868 a tháinig Kate ar an tsaol agus i dTír Chonaill a saolaíodh a gcuid páistí.

A mac, m’athair mór, Patrick, a chuaigh a dh’obair i mBéal Feirste beagnach 100 bliain ó shin, go díreach roimh an chríochdheighilt, agus is ann a saolaíodh m’athair agus mé féin ina dhiaidh sin. Is i dTír Chonaill a adhlacadh John agus Kate agus i mBéal Feirste a luíonn a mac, iad uilig ag fanacht le lá an bhreithiúnais.

Déarfainn go gcuirfeadh sé iontas ar mo shin-seanathair smaointeamh go raibh duine dá chuid ag teagasc ar ollscoil ina chontae dúchais féin. Sea, pilleadh abhaile a bhí ann, ar bhealach, 160 bliain i ndiaidh tús an aistir. (Is den diaspóra mé, diaspóra Chill Dara!)

Bhí rún agam, ag tús na bliana, ruathar a thabhairt anonn go dtí an Droichead Nua san Earrach nó ní raibh mé riamh ann. Faraor, níor tháinig an tEarrach i mbliana; geimhreadh fada a bhí againn uilig de bharr Covid-19.

Mar sin féin, bhí mé ag smaointeamh, sa chás gur tháinig mo shin-seanathair ar an tsaol sa bhliain 1862, bhí mo shin-sin-seanmháthair agus sin-sin-seanathair i láthair. Luíonn sé le réasún, nach luíonn? Níl eolas ar bith agam orthu sin (go fóill) ach tháinig siad slán ón Ghorta Mhór, is léir.

Ó thaobh mo mháthara de, tháinig duine dá cuid gaolta, Art Ó Tomhair, ar an tsaol sna 1830idí. Sin-sin-seanathair de mo chuid atá ann, má tá an t-eolas mar is ceart agam. Níl dáta cruinn againn ach roimh an Ghorta Mhór a saolaíodh é gan amhras. I mBallymacanab, Co Ard Mhacha, a chónaigh seisean agus phós sé Mary Carroll as Eanaigh Gheala, Co Mhuineacháin. (Níl leagan Gaeilge de “Ballymacanab” deimhnithe go fóill, de réir logainm.ie)

Bhí cónaí orthu sin agus a gcuid páistí ar imeall Bhéal Feirste, Baile Haine, faoi 1895, ar a mhoille. Iníon dá gcuid, Susan (a saolaíodh in 1858), mo shin-seanmháthair. Phós sise fear de bhunadh na hAlban, Edward MacDonald, in 1887. De bhunadh Ghlaschú é ach fuair Edward bás go luath, rud a d’fhág cúram mór páistí óga ar Susan. Tásc ná tuairisc ar mhuintir MacDonald in Albain níl agam.

Bhí a mac, Joseph, m’athair mór, bhí sé ina thiománaí traenach leis an GNR agus thiomáin sé an traein idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath. Mhair seisean agus a bhean, Mary, trí thrioblóidí na 1920idí agus caismirtí seicteacha fuilteacha sa Tuaisceart. Mhair siad fada go leor leis an dara babhta de na trioblóidí céanna a fheiceáil sna 1970idí luatha.

Bhí miotal inár sinsear, nach raibh?

Sea, bhí drochbhliain ag mórán againn ach níl mé á rá go raibh sí chomh holc agus a bhí ag ár muintir romhainn. Tá dóchas agam go mbeidh deis agam cuairt a thabhairt ar an Droichead Nua sa tsamhradh, slán beo a bheas muid.

Beidh samhradh ann in 2021, nach mbeidh?

Go raibh Bliain Úr faoi mhaise againn uilig.

Fág freagra ar 'Bhí miotal inár sinsear, nach raibh?'

  • Séamus

    An ceart agat anseo a Phóil. Nuair a thosaigh an ghéarchéim seo siar i mí an Mhárta 2020, thóg mé ‘Mise Raiftearaí’ le Tadhg Mac Dhonnagáin anuas ón tseilf mar bhí cuimhne agam ar chaibideal faoi ráig den chalar a tháinig ho hÉirinn sa bhliain 1832. Tá cur síos sa leabhar ar an sceon a bhuail an pobal nuair a tháinig an droch-scéala gur aimsíodh an galar sin i mBéal Feirste an 18 Márta 1832.
    Chuaigh daoine ag rith ó bhaile go baile agus fuadfar fúthú, ‘móin choisricthe’ nó soip tuí a bhí beannaithe ag sagart á lorg acu. Iompar áiféiseach, d’fhéadfá a rá, ach céard eile a bhí le déanamh acu? Ní raibh treoirlínte ar fáil ón Rialtas agus ní raibh tuiscint ag duine ar bith ag an am conas cosc a chur ar leathadh an chalair. Scríobh Riaftearaí i dtaobh seo ina dhán ar a dtugar ‘Achainí Raiftearaí ar an Íosa Críost’ nó ‘An Cholera Morbus’. Cúpla véarsa uaidh:
    A Íosa Críost, agus, a Rí na nGrásta,
    a chruthaigh an talamh, neamh agus Párthas,
    a dhoirt do chuid fola i gcrann na Páise.
    sábháil sinn ar an gCholera Morbus.

    Féachaidh an fear a bhíos luath láidir,
    a léimhfeadh sconsa, claí agus bearna,
    a bhíos tráthnóna ag siúl na sráide,
    ag gabháil faoin gcréafóg lá arna mhárach.