Bhí litríocht na Gaeilge riamh oscailte don domhan mór agus ní haon ghamail a bhí sa Ghúm

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Bhí litríocht na Gaeilge riamh oscailte don domhan mór agus ní haon ghamail a bhí sa Ghúm

Bhí sé i gceist agam rud éigin a scríobh le tamall mar gheall ar an Athair Peadar Ó Laoire a fuair bás 100 bliain ó shin, ach bhí a fhios agam go dteithfeadh gach Ultach an doras amach láithreach roimh dheireadh na habairte seo.

Ba é an leabhar a mholfainn Fabhalscéalta Aesóip a d’aistrigh an tAthair Peadar agus a bhfuil eagrán nua díobh roghnaithe go grámhar ag Risteárd Mac Annraoi (FÁS €10). Ach sula n-imíonn gach duine eile seachas muintir Chorcaí den scáileán caithfear Mil as Gach Bláth: blaiseadh de litríocht an domhain in eagar ag Risteárd Mac Annraoi chomh maith a chur i lár an stáitse (Coiscéim €10).

Is é atá anseo sleachta as mórshaothair litríocht na cruinne roghnaithe ag an eagarthóir, a bhformhór aistrithe cheana féin, ach sa chás is nach raibh, tá siad déanta ag an eagarthóir féin!

Ba mhinic drochbhlas ag aos liteartha na Gaeilge ar scéim aistriúcháin an Ghúim á mhaíomh gur chuir sé bac ar fhás na litríochta cruthaithí féin. Fág nach bhfuil aon fhianaise air sin againn – agus go deimhin nuair a chrom cuid de na haistritheoirí ab oilte ar an gcumadóireacht, abraimis Seán Ó Ruadháin nó Seán Mac Maoláin, níorbh iad ab fhearr chuici – fós leanann an finscéal.

Tá cuid éigin den cháineadh sin ag maolú anois, áfach, de bharr scoláirí éagsúla a chuaigh go dtí na bunfhoinsí, nó léitheoirí a chuir de dhua orthu féin cuid éigin de na haistriúcháin sin a léamh arís.

Má tá tú ar dhuine de na daoine sin atá róleisciuil leis an saothar ar fad a léamh, seo é an leabhar duit.

Níor cheart a thabhairt le fios gur saothair a d’fhoilsigh an Gúm amháin atá anseo, mar tá go leor a breacadh roimh bhunú na heagraíochta sin, agus tuilleadh fós ó mhuileann gan teorainn Coiscéim agus aistriúcháin eile a déanadh le cion.

Tá, mar a deirtear, na ‘gnáthamhrasáin’ anseo – Joseph Conrad, Dickens, Dante, Tolstái, Shakespeare, Cervantes, Joyce – ach tuilleadh fós nár dhóigh leat nó a bhí dearmadta agat iad a bheith aistrithe go Gaeilge: an misteach Eoin na Croise, an Haikúch Basho, an cúl báire Camus, an Cromaileach Milton, an fear fíona Omar Khayyám, an naomh Treasa Avila, an dúramán doscúch doirbhuíoch Fernando Pessoa, an dochtúir Antón Téacof, an féinmharfóir Socraitéas, an t-óráidí Fine Gaelach Cicearó, an concasóir Iúil Caesar, an snámhaí Byron, an Bascach Atxaga, an crá croí Laidine Virgil, an Perónach Borges, an réamhChailbhineach Cailbhín, an matamaiticeoir Lewis Carroll, an staraí Héaradatas, an réabhlóidí Joseph Mary Plunkett, an t-údar úrscéalta leamha Daniel Owen, an Giúdaiseoir gearrscéalta Isaac Bashevis Singer, an saoi Rabindrinath Tagore, an tarbh Táin Bó Cuailngne…

Agus tuilleadh fairis sin a léireodh duit go raibh litríocht na Gaeilge riamh oscailte don domhan mór níos faide ná mar a ritheann, agus tá údair eile anseo nár airigh mé féin féinig fiú aon teacht tharstu! Seo manuail de litríocht an domhain dúinn agus eochair ar ghaois na mblianta. Tógtar leat é ar do chuid laethanta saoire nuair a osclófar an saol arís. Samhlaigh Ibsen na Gaeilge á léamh agat i bhfuacht na hIorua dorcha, nach gcuirfeadh sé teas (de bheagán) ar do chroí?

Agus fan socair anseo. Ar eagla nach mbeidh do dhóthain de bhéile sa mhéid sin agat, tá scata eile leabhar aistrithe ag Risteárd Mac Annraoi atá go díreach ar fáil ar na mallaibh nó le déanaí. Orthu sin, tá, Beatha Phí le Yann Martel (Coiscéim €15) a bhfuil an leabhar míle míle uair níos fearr ná an scannán, Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar le hErich Maria Remarque ar clasaic fhrithchogaidh é, agus Dúnmharú ar Luastraein an Oirthir le hAgatha Christie, ceann de na scéalta bleachtaireachta is cáiliúla a bhreac sí.

Don bheirt (nó triúr) amuigh ansin ar suim leo é, tá aistriúchán Manainnise ar an úrscéal céanna ar fáil mar Dunvarys er Traen Tapee dy Niar le Joan Cain, agus mar sin beimid ag feitheamh le leagan Gaidhlig gan aon rómhoill.

Duine d’aistritheoirí móra na Gaeilge é Risteárd Mac Annraoi agus is saibhrede sinn go mór a shaothar gan stad.

Fág freagra ar 'Bhí litríocht na Gaeilge riamh oscailte don domhan mór agus ní haon ghamail a bhí sa Ghúm'

  • Eoghan O Neill

    Grma as an nod sin, ceann le fáil nuair a osclaíonn an Siopa Leabhar.

  • Tomas Bolster

    Cead buiochas as an alt suimiul seo a spreagann dha cheist:
    1. An feidir clar saothar ghaeilge iomlan Mic Annraoi do chur ar fail? Ta tagairti eagsula scaipthe go foirleathan agus fiu mar sin ta an t-eolas easnamhach.
    2. Agus ce’n ait inar feidir iad do cheannach? Nil ach teideal no dho ar fail i siopai Bhlea Chliath, agus is annamh sin.
    Beir bua agus beannachtai