Bhí dul amú orm faoin úrscéal grafach…anois, cá bhfaighinn ceann eile i nGaeilge?

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Bhí dul amú orm faoin úrscéal grafach…anois, cá bhfaighinn ceann eile i nGaeilge?

Níor mhór é mo bheann riamh ar úrscéalta grafacha, agus go deimhin, níor léigh mé ceann ar bith riamh seachas an méid a dhein Cló Mhaigh Eo lena leaganacha áille agus arb é An Béal Bocht (Cló Mhaigh Eo €12.00) a mbuaic, dar liom. 

Is dócha gur shíleas iad a bheith ábhar páistiúil. Tar éis an tsaoil léinn greannáin go minic is go tiubh im naíondacht agus im óige thiar agus cé a bheadh ag iarraidh filleadh ar an Dandy agus ar an Beano? Ach nach orm a bhí an breall?

 Tharla mé ag tincléireacht idir mo mhéireanta le Corp an Duine Uasail le Pénelope Bagieu (Leabhar Breac €12.00) toisc é a bheith ina luí thart ar an urlár. Pictiúir, pictiúir, pictiúir, mná óga ina seasamh thart ag seó gluaisteán, cúpla focal i mbulgóidí ag teacht anois is arís as béala daoine – ‘Iontach’, ‘Foirfe’, ‘Céard?’, ‘Fan’ – ach is gearr go rabhas gafa.

 Conas san? Tar éis an tsaoil is maith liom focail. Ní hé an scéal atá suite i measc bourgeoisie na cathrach agus a gcúraimí suaracha is mó is ansa liom. Ach mar sin féin…

 Ar an gcéad dul amach, tá na pictiúir sin mealltach. Ar nós cartúnaí ar bith, roghnaítear tréith amháin de dhuine, aibhsítear é, cuirtear treise leis agus tá’s agat cé tá agat láithreach. 

Príomhcharachtar an scéil seo, Zoe, tá súile móra aici, bricíní gréine ar a pluca, béal beag ar nós tráta, glibeanna gruaige thar a clár éadain, muineál caol mar a bheadh ar thurcaí agus srón nach bhfuil ann ach fáiscín páipéir. Gach duine eile daite chomh soiléir céanna.

 Fairis sin, gluaiseann an scéal go grod is go mear. Níl aon stráicí fada leamha anseo ag iarraidh dul isteach ina hintinn, ná in intinn duine ar bith eile. Bíonn sin le léamh ar a n-aghaidh, nó ar a bpus, nó ar a straois níos minice ná a chéile. Agus fairis sin tá mistéir ag comáint an scéil ar aghaidh.

 Toisc gurbh fhearann nua é seo ar fad dom, níorbh eol dom cad a bhí romham. Is é sin, n’fheadair mé ar scéal grinn nó píosa rómánsaíochta siúcrúla, nó eachtra drugaí, nó ábhar bleachtaireachta, nó pé ar bith eile a bhí le teacht. Agus mar a tharla, bhí gnéithe áirithe de chuid acu sin le chéile ina lúb istigh.

 Scéal faoi bhean atá míshásta leis an mucarlach de leannán a bhí aici (ní nach ionadh), a chasann le fear eile ar léir stair neamhchoitianta a bheith laistiar de ach nach feas cad é, ach a thugann daoine eile óna shaol roimhe sin isteach sa chuntas a bhaineann feacadh as an scéal go dtí an casadh…Is leor é sin.

 Mar sin is dá bhrí sin, ní féidir aon rud a rá faoin stíl scríbhneoireachta nó faoi shaibhreas teanga nó friotal fileata ná aon phioc eile den trealamh a bhfuil cleachtadh againn air agus sinn ag plé leis an úrscéal liteartha. Is iad na pictiúir agus an scéal an buachaill, nó an cailín, nó an tiomáint sa chás seo. Agus is iad atá cruinn, ceart, beoga, inspéise. 

 Anois, cá bhfaighinn úrscéal grafach eile?

Fág freagra ar 'Bhí dul amú orm faoin úrscéal grafach…anois, cá bhfaighinn ceann eile i nGaeilge?'