‘Bhí Conamara agam dom féin amháin agus bhí sé go hálainn’ – Ciaran Cannon ar ais sa diallait

Labhair ár gcolúnaí leis an Teachta Dála Ciaran Cannon atá amuigh ar a rothar arís bliain ó bhí drochthimpiste aige i gConamara a d’fhág plátaí ina chois

‘Bhí Conamara agam dom féin amháin agus bhí sé go hálainn’ – Ciaran Cannon ar ais sa diallait

An t-am seo anuraidh a bhí an timpiste aige. An ‘tvuít’ a chuir sé amach an t-am sin, a tharraing m’aird ar an méid a bhí tarlaithe dó.

Bhí pictiúr tógtha aige den leath íochtarach dá chorp agus gan tada le feiceáil ach gléasanna leighis agus bindealáin feistithe dá chorp, san ospidéal. Shíl sé go raibh dochar millteanach déanta dá chosa. 

‘Bhuel sin deireadh le mo chuid rothaíochta,’ a dúirt sé leis féin. Agus an raibh contúirt ann nach siúlfadh sé arís, fiú?

Teachta Dála (FG) do Ghaillimh Thoir é Ciaran Cannon agus bíonn sé amuigh ag rothaíocht aon uair a fhaigheann sé an deis. Bliain ó shin, agus é tar éis turas mór millteach a chur i gcrích ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid, (580 ciliméadar nó mar sin), chinn sé an turas sin a cheiliúradh le cuairt a thabhairt ar chara leis sa gClochán. Ní dheachaigh sé níos faide ná Maigh Cuilinn.

Tharraing jíp amach agus chas sé ar dheis, díreach amach roimhe ar an mbóthar tríd an mbaile. Bhuail sé chomh láidir é gur ‘eitil’ an rothar os a chionn agus fágadh Ciaran ina chrap ar an mbóthar.

‘Déanfaidh mé mo dhícheall’ a dúirt an máinlia leis nuair a scrúdaigh sé é. Bhí cnámh leathan faoina ghlúin briste ina smidiríní (‘tibial plateau fracture’) agus bheadh air í sin a athchruthú  le ‘cnámh’ shaorga agus le plátaí. Ansin bheadh ar Ciaran fanacht socair i dteanntán miotail go ceann ceithre mhí. Ní bheadh cead aige a chos a leagan ar an urlár, fiú.

Bliain go ham sin, an deireadh seachtaine seo caite, shuigh sé suas ar a rothar agus thosaigh amach ar thuras timpeall ar Chontae na Gaillimhe – ó Chinn Mhara timpeall i lúb agus ar ais arís – turas thart ar 500 ciliméadar.

Bhí sé leis féin – gan aige ach veain campála tacaíochta – agus neart ama aige le bheith ag smaoineamh ar an míorúilt a rinne na dochtúirí agus na fisiteiripeoirí le bliain anuas.

Ba nuair a ghlac sé briseadh beag agus cúpla uair a’ chloig codlata sa veain i gceantar Charna, ba mhó a chuaigh sé i bhfeidhm air go raibh an t-ádh dearg leis.

‘Ag a ceathair ar maidin agus an ghrian ag éirí, bhí Conamara agam dom féin amháin agus bhí sé go hálainn,’ a dúirt sé liom. D’fhág sé Cinn Mhara ag a 7am Dé Sathairn agus bhí sé ar ais ann ag 3pm ar an Domhnach.

Ar ndóigh bhí an rothaíocht ar cheann de na gníomhaíochtaí a chabhraigh leis agus biseach ag teacht air tar éis na timpiste. Nuair a d’fhiafraigh sé den mháinlia an mbeadh cead aige dul ar ais ar an rothar ‘seans gur cheap sé gur ag dul chuig an siopa a bheinn,’ a dúirt sé liom. Thosaigh sé le rothar aclaíochta sa seomra suí, ansin thriail sé turas 10 km, ansin 20 km agus ar aghaidh go 120 km, sular chuimhnigh sé ar chamchuairt ar an gcontae. 

‘Chuir mé spriocanna éagsúla romham agus mo chorp ag cneasú,’ deir sé. ‘Nuair a rinne mé na turais fhada sin, bhí a fhios agam go mbeinn in ann iad a chríochnú.’ Ach ní raibh an turas ‘timpeall an chontae’ déanta riamh aige. Rinne sé é a mhapáil, timpeall na dteorainneacha ar fad agus mheas sé go mbeadh 500 km ann. ‘Ní raibh a fhios agam an mbeinn in ann é a chríochnú.’

Ní duine é a ghéilleann do bhuillí, is cosúil. Is cuimhin liom féin a bheith ag plé leis nuair a bhí sé ina Aire Sóisearach sa Roinn Oideachais agus bhí an-díomá air nuair a baineadh an post sin de. Thar dhuine ar bith eile a casadh orm ariamh, mheas mé go raibh sé an-oilte don phost. Bhí suim thar na bearta aige i gcúrsaí teicneolaíochta agus chuir sé chun cinn go mór iad. Lean sé á gcur chun cinn thar lear nuair a ceapadh é mar Aire Sóisearach i nGnóthaí Eachtracha.

Chuir sé tús leis an scéim teicneolaíochta ‘Excited’ agus lean sé ag obair le scéim ‘códála’ do pháistí san Afraic, fiú nuair a bhí a thréimhse san Aireacht sin caite.

Chaill sé a phost nuair a bunaíodh Comhrialtas agus mar a deir sé féin ‘níl ach líon teoranta post d’aon pháirtí’ i rialtas den chineál sin. B’éigean don fhear nach raibh ina chúlbhinseoir riamh- bhí sé ina Aire ón gcéad lá sa Dáil- cromadh síos agus díriú go hiomlán ar chúraimí a dháilcheantair.

Thaitin a thréimhse sa Roinn Oideachais thar barr ar fad leis. Bhí rún aige agus é in lead óg dul le múinteoireacht ach chuir múinteoir gairmthreorach ar bhealach eile é.

Creideann sé go diongbháilte go bhfuil réiteach ar chuile fhadhb san oideachas. Go deimhin, is deacair é a stopadh nuair a thosaíonn sé ag caint ar scéimeanna oideachais agus ar na daoine iontacha ar fud na tíre a casadh air le linn a thréimhse sa Roinn.

Is cuimhin leis a mháthair agus í ag múineadh scoile i ngar don teach cónaithe. Nollaig amháin nuair a bhí sé ina ghasúirín beag, céard a bhí faoin gcrann Nollag ach rothar le cobhsaitheoir ar chaon taobh. Suas leis agus cycláil sé síos tríd an teach chuig seomra codlata a thuismitheoirí go spáinfeadh sé dóibh an t-iontas a d’fhág Saintí aige.

Sular thosaigh sé féin ag an scoil, bhíodh a Mhamó ag tabhairt aire dhó. Cheap sé lá amháin go mba an-smaoineamh é cuairt a thabhairt ar a mháthair sa scoil a raibh sí ag múineadh inti. Síos an bóthar leis ar a rothairín agus na cobhsaitheoirí á choinneáil díreach ceart. Bhí ag éirí go maith leis an bplean nó go bhfaca oibrí Comhairle Contae é. Caitheadh an rothar isteach i gcúl an leoraí agus tugadh an rothaí misniúil – ach díomách, ar ais chuig Mamó.

Níl na bóithre chomh sábháilte sin a tuilleadh. Is cuma cén feisteas sábhála a chaitheann rothaithe anois, bíonn siad ag dul i gcontúirt gach uair dá dtéann siad amach ar an mbóthar. Tá bealaí rothaíochta na hEorpa ar fad, beagnach agus cuid mhaith de Mheiriceá taistealaithe ag an Teachta Dála as Gaillimh Thoir ach féach gur i mbaile beag i gContae na Gaillimhe a tharla an t-aon timpiste rothaíochta a bhí riamh aige. 

Teastaíonn níos mó ná cobhsaitheoirí sa lá atá inniu ann.

Fág freagra ar '‘Bhí Conamara agam dom féin amháin agus bhí sé go hálainn’ – Ciaran Cannon ar ais sa diallait'