Bhí ar Damien English éirí as mar gheall ar mheon atá coitianta sa tír

Léiríonn an chonspóid is déanaí is saol na polaitíochta go bhfuil an meon sa tír i gcónaí gur fiú dul sa tseans ar mhaithe le rial a sheachaint

Bhí ar Damien English éirí as mar gheall ar mheon atá coitianta sa tír

Ní haon dea-theistiméireacht ar an rialtas agus iad ag tabhairt faoi théarma nua Dála an tseachtain seo chugainn Aire eile a bheith caillte acu. Le himeacht Damien English anois tá ceathrar éirithe as ó toghadh iad – Barry Cowen, Dara Calleary, Robert Troy agus Damien English. Triúr ó Fhianna Fáil agus duine ó Fhine Gael. Is ríchuma cén páirtí a raibh siad dílis dó mar bhain na cásanna ar fad – cuid acu níos tromchúisí ná a chéile – le duáilce atá lárnach san Éireannach. Agus níos lárnaí fós sa bpolaiteoir Éireannach – deacracht ag leanúint rialacha agus treoracha.

Tá go leor sa tír gur dona is cuimhin leo Binse Fiosraithe Flood/Mahon a bunaíodh i 1997 le fiosrúchán a dhéanamh ar líomhaintí a bhaint le cúrsaí pleanála agus caimiléireachta. Mhair an fiosrúchán cúig bliana déag agus cé nár cuireadh an oiread i bpríosún agus ba mhaith le go leor scrios sé leithéidí Ray Burke agus Liam Lawlor gan trácht ar Phádraig Flynn. Chuir sé dlús le deireadh ré Bertie Ahern freisin. Mar thoradh ar an mbinse fiosraithe cuireadh Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar bun agus ritheadh reachtaíocht in 2001. Tá dualgas ar pholaiteoirí anois aon leas atá acu a fhógairt go poiblí. Fós féin níl sé ag tarlú mar a léirigh scéalta Robert Troy agus Damien English.

Níos measa ná sin i gcomhthéacs na géarchéime tithíochta sa tír faoi láthair tuigeann muid go bhfuil daoine i gcónaí sa tóir ar bhealaí leis na rialacha a sheachaint. Ní insítear iomlán na fírinne ar mhaithe le rialacha a sheachaint. Tá teaghlaigh, lánúineacha, daoine óga agus daoine aonair ar fud na tíre i láthair atá in umar na haimléise ag deacrachtaí tithíochta. Chomh maith leis an easpa tithíochta agus an líon daoine ar fud na tíre nach bhfuil fáil acu ar theach ná áras, tá na mílte eile atá ag fulaingt mar gheall ar an mbealach a gcuirtear na dlíthe pleanála i bhfeidhm ag leibhéal na n-údarás áitiúil.

Léiríonn an scéal is déanaí seo go bhfuil an meon sa tír i gcónaí gur fiú dul sa seans ar mhaithe le riail a sheachaint. Dearbhaíonn sé arís eile an tuairim i measc an phobail nach féidir muinín a chur i bpolaiteoirí. D’éirigh Damien English as mar Aire Stát a luaithe agus a fuarthas amach céard a bhí déanta aige.

Cén fáth gurbh éigean don scéal dul chomh fada sin? Cén fáth nár thug an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an scéal faoi deara? Cén fáth ar smaoinigh sé go raibh sé de cheart aige a leithéid a dhéanamh – gan an t-eolas iomlán a roinnt an chéad lá? Mar go raibh súil aige nach dtabharfaí an scéal faoi deara – agus níor tugadh go ceann ceithre bliana déag!

Shamhlóinn go mbeidh ropthaí á dtabhairt agus fainic á cur ar bhaill uile na bpáirtithe Parlaiminte sula bhfilleann siad ar an obair an tseachtain seo chugainn – ar fhaitíos go mbeadh aon rud eile le ceilt.

Fág freagra ar 'Bhí ar Damien English éirí as mar gheall ar mheon atá coitianta sa tír'

  • Billing(s) -- Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    NA CREATÚIR BHOCHTA

    A Mháirín,

    Bíonn an fhírinne searbh agus is alt agus anailís den scoth a bhfuil scríofa agat.

    Go díreach an rud a tharla ná gur bhris ‘Damien English’’ an ‘t-Aonú Aitheanta Déag’
    (óna Na Deich n-Aithne) ‘Fuarthas amach é /gabhadh é’ —- agus anois is sa bhád chéanna lena chomhleacaí ‘Robert Troy atá se’. Mo léan géar !!!

    Amach anseo tiocfaidh tuileadh eolais i dtaobh Teachtaí Dála eile – na creatúir bhochta.

    Ach nuair atá géirchéim thithíochta, costas maireachtála ag méadú, cúrsaí sláinte ar mire, dearcadh an Stáit i dtaobh na Gaeilge ar mire fosta, reifreann i dtaobh Aontú na Tíre seo le teacht, —- bíonn neart ann leis an dallamulllóg a chur ar dhaoine agus dul ar aghaidh le ‘drochchaighdeáin’ sa saol poiblí’ nó caimiléireacht.

    Ach ar an droch-uair ní féidir córas caipitilíoch riar ar chúrsaí soisialta agus ag an am chéanna geilleagair a mhaireann ar bhrabús agus láimhseáil boilsithe — a chur chun tosaigh.

    Dá mbeadh duine den ghnáthphobal i ndiaidh sonraí bréagacha a scríobh ar a iarratas/hiarratas do liúntais shoisialta— bheadh sé/sí ag ithe breacfeasta i gcillín agus sé mhí gearradh air/uirthi
    ag breitheamh uasal aicmeach ag cosaint an Stáit óna léithéid !!!

    Ar cuireadh an dlí ar Robert nó Damien go fóill ??? Beag seans.

    Is mise le dóchas mór ( mar dhea)
    Dónall Mór Mac Billing(s)/Billie
    Mac na Reablóide teanga agus Polaitíochta

    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1,
    Bloc E

    (Focal Scoir : Ligfear amach mé ó Phríosún (Tógfaidh mé mo Shaoirse i bhfírinne) —
    an tseachtain seo chugainn.
    An Phoblacht Nua Abú.)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************