‘Bhí amhras orm gur mar gheall ar an nGaeilge a roghnaíodh mé’ – Underdog Na Gaeil Óga

Chaill Ciarán Mac Fhearghusa an seans imirt leis na Underdogs nuair a cuireadh tús leis an tsraith cúig bliana déag ó shin, ach nuair a tháinig an deis arís i mbliana, thapaigh sé le fonn í

‘Bhí amhras orm gur mar gheall ar an nGaeilge a roghnaíodh mé’ – Underdog Na Gaeil Óga

Is í anocht oíche mhór na Underdogs agus an fhoireann ón tsraith teilifíse ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, i bPáirc Parnell. Tá Underdogs TG4 ag ullmhú ó thús an tsamhraidh don chluiche seo agus dianchampaí traenála curtha díobh acu. Tá fear amháin ar an bhfoireann, áfach, atá ag fanacht níos faide ná sin leis an deis seo a fháil.

Fear é Ciarán Mac Fhearghusa atá i lár na dtríochaidí, atá fós ag imirt lena chumann, a bhfuil a ghnó féin aige ar saolaíodh a gcéad leanbh dó féin agus dá bhean céile mí Bealtaine. Cheapfá go mbeadh sé sásta lena chuid, ach ní mar sin a bhí, is léir.

“Bhí dúshlán breise uaim,” a deir sé nuair a fhiafraítear de cén chúis a bhí aige le cur isteach ar an gclár teilifíse. “Bhreathnaigh mé air mar dheis foghlamtha agus forbartha, deis chun imirt le himreoirí atá spreagtha chun imirt leis an gcontae agus a bhfuil an cultúr barr feabhais sin de dhíth orthu.”

Seans go raibh beagán den aiféala á spreagadh chomh maith. Nuair a cuireadh tús leis an tsraith Underdogs an chéad uair. thuig Mac Fhearghusa gur deis mhaith a bhí ann dó féin agus murach go raibh sé gortaithe ag an am, d’fhéadfadh go mbeadh sé feicthe againn ag imirt le leithéidí Kieran Donaghy agus Pearse O’Neill ar an bhfoireann a sháraigh Ciarraí in 2004.

“Is cuimhin liom an clár in 2003 agus 2004. Bhí mé gortaithe ag an am agus bhraith mé go raibh deis imirt leo caillte agam,” a deir Mac Fhearghusa, a d’imir d’fhoirne faoi aois agus d’fhoirne forbartha Átha Cliath.

“Tháinig an seans arís i mbliana agus tharla sé go raibh mé níos aclaí ag an tráth sin ná mar a bhí mé le cúpla bliain anuas. Bhraith mé gurbh é an t-am ceart é chun cur isteach ar an gclár.”

Is beag nár chaill sé a dheis arís áfach. “Chaill mé an chéad triail mar bhí leanbh againn cúpla lá roimhe sin. An lá a raibh an triail ar súil, thug mé mo bhean céile agus mo mhac abhaile ón ospidéal agus ní raibh mé chun an bheirt acu a fhágáil chun dul ag imirt peile!”

Tugadh cuireadh dó chuig triail eile i mBaile an Aba ach, arís eile, ba bheag nach ndeachaigh rudaí ina choinne. Agus an triail ar siúl Luan Cincíse, bhí Mac Fhearghusa thuas sna Dúnaibh i dTír Chonaill agus é ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta lena chumann, Na Gaeil Óga. Chaill siad sa bhabhta leathcheannais ar an Domhnach agus bhí seans ag Mac Fhearghusa freastal ar an triail.

“Maidin na trialach, bhí mé spíonta i ndiaidh an deireadh seachtaine. Bhí sé iontach te an lá sin ach bhí 10 nóiméad maith agam inar bhraith mé gur éirigh liom dul i gcion ar na roghnóirí.”

Tugann Na Gaeil Óga an-spreagadh do Mhac Fhearghusa.

“Tá mé ann ar son Na Gaeil Óga. Is mór an onóir é imirt ag an leibhéal seo ar son an chumainn agus iad a chur chun cinn. Nuair a bhí mise níos óige, bhí imreoirí i mo chumann féin ag imirt d’Áth Cliath agus b’in onóir mhór don chlub. Thug sé sin spreagadh dom i gcónaí,” a deir sé.

“Tá mé ag iarraidh a thaispeáint do phobal na tíre chomh maith go bhfuil beocht sa Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil beocht i gcumann Na Gaeil Óga.”

Tugadh cuireadh do Mhac Fhearghusa a bheith páirteach sa chlár i ndiaidh na trialach sin i mBaile an Aba ach tar éis cúpla lá bhí amhras air gur roghnaíodh é de bharr a chumais teanga seachas a chumas peile. Ní raibh air ach fanacht go dtí an chéad champa traenála in Áth Luain chun an ruaig a chur ar na smaointe sin.

“Bhí amhras orm gur roghnaíodh mé toisc go raibh Gaeilge agam agus go raibh méid áirithe Gaeilgeoirí ag teastáil toisc gur clár TG4 a bhí ann,” a deir Mac Fhearghusa.

“Ag an gcéad champa eile ansin, bhí tástálacha aclaíochta ann agus bhí mé ag iarraidh a chruthú dom féin agus do na roghnóirí go raibh mé sách maith le bheith ann.”

Ba é an t-imreoir idirchontae as Sligeach, David Kelly, a bhí i mbun na dtástálacha agus thug sé moladh ar leith do Mhac Fhearghusa, a bhí ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bpainéal ó thaobh na haclaíochta de.

“Tar éis na dtástálacha sin, bhí mé ag rá liom féin, ‘Tá mé anseo mar pheileadóir’. Bhí daoine eile ann a raibh Gaeilge acu agus fuair siad réidh leo.

“Sa chéad chluiche a bhí againn, in aghaidh Naomh Bríd Ros Comáin, roghnaíodh mé sa líne leathchúil ón tús. Chuaigh mé amach ar an bpáirc agus bhí mé amuigh ar an gcliathán liom féin agus bhí mé chomh sásta gur éirigh liom an méid sin a bhaint amach.

“Tá mé ag iarraidh an mothú sin a fháil ar ais nó a choinneáil. Anois tá brú ann, tá an pobal ag súil le cluiche mór ach tá mé ag iarraidh na bunrudaí sin, an grá don chluiche agus don dúshlán féin a choinneáil. Gan ligean don bhrú cur as dom.”

Ní bheidh aon amhras ag Mac Fhearghusa faoina dhílseacht agus é ag imirt i gcoinne a chontae dúchais ach an oiread.

“Agus mé óg, bhí sé i gcónaí mar sprioc agam imirt d’Áth Cliath. D’imir mé le foirne áirithe ach níor éirigh liom riamh briseadh isteach ar fhoireann na sinsear. D’imir mé le foireann Dheisceart Bhaile Átha Cliath le roinnt de na lads, Michael Fitzsimons agus Kevin McManamon agus iad siúd. Chuaigh siadsan ar aghaidh ina dhiaidh sin chun imirt leis an bhfoireann shinsir.

“Tá seans agam anois imirt ar an bpáirc chéanna leis na leaids sin. Mura mbeidh tú ag imirt d’Áth Cliath, is fearr imirt ina gcoinne. Deis iontach é agus beidh mé in ann breathnú siar air i gcónaí.”

Deir Mac Fhearghusa nach ndéanfaidh sé dearmad ar an dlúthchairdeas atá déanta aige leis na himreoirí eile atá ar an bhfoireann ach an oiread. Deir sé go bhfuil siad ag caint cheana féin faoi dhul ar saoire lena chéile agus ritheann ábhar do shraith teilifíse nua leis.

Underdogs: Magaluf. Beidh orainn maoiniú a fháil ó Choiste Craoltóireachta na hÉireann lena aghaidh sin!”

Fág freagra ar '‘Bhí amhras orm gur mar gheall ar an nGaeilge a roghnaíodh mé’ – Underdog Na Gaeil Óga'