B’fhearr caint thomhaiste ná tost seachantach i gcás an dlí fuatha

Is dóichí ná a mhalairt gur sna cúirteanna a léireofar fíor-éifeacht an bhille chun fuathchaint a chosc

B’fhearr caint thomhaiste ná tost seachantach i gcás an dlí fuatha

Vótáil móramh mór sa Dáil i bhfabhar bille a phléifear sa Seanad go luath. Leagtar cóimheá nua amach sa bhille idir cosc ar chaint a chothaíonn fuath nó fuathchaint agus cosaint ar shaoirse cainte.

Ainneoin thacaíocht láidir an mhóraimh (114–10), níor shoiléirigh an díospóireacht ceisteanna réasúnta a bhaineann le héifeacht an bhille.

B’fhéidir go bhfreagrófar cuid acu nuair a phléifidh an teach uachtarach an Bille um Cheartas Coiriúil (Gríosú chun Foréigin nó Fuatha agus Cionta Fuatha). Tá scóip an bhille chomh leathan, áfach, gur dócha gur sa chúirt a léireofar amach anseo an leas agus aimhleas, b’fhéidir, a dhéanfar dá bharr.

Go deimhin dúirt an Teachta Dála (agus abhcóide sinsearach) Jim O’Callaghan le linn na díospóireachta go raibh sé ionann agus cinnte go mbeidh an reachtaíocht á breithniú sara fada sa Chúirt Uachtarach.

Cuirfear an dlí nua i bhfeidhm in ionad reachtaíocht a ritheadh i 1989. Is láidre na forálacha sa bhille a bhaineann le fianaise agus ceadaítear pionóis níos déine – suas le cúig bliana i bpríosún.

Is leithne go mór an raon ‘saintréithe cosanta’ a chlúdaítear. Beifear ábalta duine a chúiseamh ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta nua má chuirtear gríosú chun foréigin nó fuatha ina leith a bhaineann leis na saintréithe seo a leanas:

‘Cine, dath, náisiúntacht, creideamh, dúchas eitneach nó náisiúnta, sliocht, inscne, saintréithe gnéis, claonadh gnéis, agus míchumas.’

Mar chosaint ar shaoirse cainte, deir foráil sa bhille nach leor plé nó cáineadh a bhaineann le saintréithe cosanta chun gríosú fuatha a chur i leith duine. Dúirt Helen McEntee, an t-aire a chuir an bille faoi bhráid na Dála sarar thosaigh a saoire mháithreachais, go bhfuil saoirse cainte geallta sa Bhunreacht agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Ach ní ceart lándaingean é, a dúirt sí, agus ceadaítear a shrianadh chun cearta eile a chosaint.

Tharraing Donald Trump Jr aird idirnáisiúnta ar an mbille nuair a thug sé reachtaíocht ‘chraiceáilte’ air, ach tá codanna de á lochtú ag mionlach níos eolaí abhus.

Dúirt Liam Herrick ón gComhairle Éireannach um Chearta an Duine go raibh cur síos róleathan ann ar sheilbh ábhair nach bhfoilsítear nó nach scaiptear ar dhóigh ar bith. Cháin sé an bille freisin toisc nach bhfuil sainmhíniú ar fhuath ann agus toisc go bhfuil cúig bliana iomarcach, dar leis, mar uastéarma príosúin.

Sa Dáil dúirt Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabach gurb ionann agus coir smaoinimh coir a d’fhéadfaí a chur i leith duine mar gheall ar ábhar nár scaipeadh riamh ach a bhí ina ríomhaire. Ní raibh sé sásta le cosaint an Aire Stáit James Browne ar an bhforáil a bhí riachtanach, dar leis, ionas go bhféadfaí daoine a chúiseamh sula scaipfí ábhar fuafar.

Mhaígh Peadar Tóibín ó Aontú go raibh srian á chur ar chead cainte daonlathach. Cháin sé freisin easpa sainmhínithe sa bhille ar fhuath agus ar inscne.

Thagair an seanadóir neamhspleách Rónán Mullen, a thug óráid ghairid faoin mbille Déardaoin, d’easpa cruinnis sa bhille, go háirithe maidir le cúrsaí inscne.

Ciallaíonn inscne, de réir an bhille, inscne an duine nó an inscne is fearr le duine, chomh maith le trasinscne agus inscne nach baineann ná fireann í.

Tá mionchuntas ar a ndúirt mionlach beag faoin mbille go dtí seo tugtha thuas toisc go bhfuil an baol ann go mbeidh rófhonn ar an móramh reachtaíocht a thabhairt isteach faoi dheifir. Ní mian le hionadaí ar bith i dTeach Laighean a thabhairt le fios go bhfuil siad bog ar chúrsaí fuatha.

Is fearr agus is folláine an tír ar ndóigh toisc gurb amhlaidh atá. Ní cóir do pholaiteoirí neamhaird a dhéanamh de cheisteanna casta. áfach, go háirithe má bhíonn omerta forleathan i réim ar nochtadh tuairimí a bhaineann le hábhair imní réasúnta, maidir le cúrsaí inscne go háirithe.

Mar shampla, nuair a bheidh an reachtaíocht nua i bhfeidhm, an féidir a bheith cinnte nach mbeadh foráil faoi fhuathchaint sa dlí a d’fhéadfaí a bhagairt ar bhanlúthchleasaí á déarfadh nach bhfuil sé cothrom í a chur in aon chomórtas le trasduine i gcorp fir?

Nó an bhféadfaí an dlí a chur ar thuismitheoirí a déarfadh nach raibh siad sásta le polasaí inscne na scoile ina bhfuil a bpáistí?

Nó ar ghrúpaí ar nós www.thecountess.ie a deir nár chóir trasduine a ciontaíodh in éigniú a choinneáil sa phríosún céanna le mná?

Nó ar an Taoiseach dá nochtfadh sé an tuairim chéanna arís?

Nó an bhféadfaí an dlí a chur ar dhuine ar bith a déarfadh amach anseo nár chóir do thrasdaoine a bhfuil corp fir acu cóir dhlúthphearsanta a chur ar fáil do bhean más cóireáil ó bhean a theastaíonn uaithi?

Ar ndóigh, ní féidir gach ceist a fhreagairt faoi fheidhmiú dlí sara rithfear é, ach is fiú na sonraí a mheá go hoscailte, gan droim láimhe a thabhairt le gach cúis amhrais a tharraingítear anuas agus bille á phlé. Gan trácht ar ábhair amhrais eile.

Ní fada go mbeidh deis ag Seanadóirí – más mian leo í thapú agus an bille fuatha á phlé acu – a gcumas machnaimh agus athmhachnaimh a léiriú. B’fhearr caint thomhaiste sa teach uachtarach ná tost seachantach.

Fág freagra ar 'B’fhearr caint thomhaiste ná tost seachantach i gcás an dlí fuatha'

  • Máire

    Ní raibh mórán cloiste agam faoin reachtaíocht thábhachtach seo. Pointí maithe déanta. Measaim fhéin go n-úsáidtear líomhaintí faoi frith-sheimíteachas agus trasfóibe i gcásanna áirithe mar bhealach chun stop a chur le díospóireacht. Ach tá gá le cosaint ó fuathchaint. Deacair an cóimheá ceart a bhaint amach

  • Adam Mac Labhrainn

    Díol suntais é go ndeir Mac Coille go bhfuil imní air go rachaidh an dlí ró-fhada ag cur coisc ar chaint gur cheart a bheith ceadaithe, ach nach luann sé ach samplaí a bhaineann le caint in aghaidh daoine trasa chun an imní seo a mhíniú. Sampla ar bith a bhaineann le caint in aghaidh daoine aeracha, mná, daoine de dhaith, daoine míchumasacha, daoine de chreideamh mionlach, nó daoine de náisiúntacht eile. D’fhéadfadh sé an cheist a chur an fuathchaint a bhéas i gceist ma déarfaidh duine bán nach cothrom iad a chur in aon chomórtas le duine dubh; nó má déarfaidh tuismitheoir nach bhfuil siad sásta le polasaí claonadh gnéis na scoile ina bhfuil a bpáistí; nó má déarfaidh grúpa nár chóir cisbhean a ciontaíodh in éigniú a choinneáil i bpriosún ban; nó má déarfaidh dhuine ar bith nár chóir do dhuine aerach cóir dhlúthphearsanta a chur ar fáil do dhuine más cóireáil ó dhuine díreach a theastaíonn uathu.

    Dealraíonn sé nach bhfuil imní air maidir le srianadh na saorchainte i ndáiríre, ach imní air go dtabharfadh an dlí seo an chosaint chéanna do dhaoine trasa agus a thabharfaidh sé do ghrúpaí eile a bhfuil fuath orthu forleathan sa tsochaí.

    Anois agus mé anseo, ba mhaith liom a rá chomh leanbaí is atá sé ag Mac Coille a bheith ag diúltú tagairt le mná trasa mar mhná. Níl mé ag iarraidh go gcuirfí an dlí air, ach tá sé dímheasúil: níl sé sin níos inghlactha ar chor ar bith ná duine a bheith ag diúltú aithint gur Éireannach mé mar gur Protastúnach atá ionam. Iarraim air éirí as an chleachtadh sin; agus mura n-éireochaidh sé, iarraim ar bhord eagraithe Thuairisc.ie diúltú ailt eile a fhoilsiú a dhiúltaíonn tagairt le daoine trasa lena n-inscne cheart.

  • Barra

    Is maith go bhfuil an Bille seo á phlé anseo sna meáin Ghaeilge mar is beag plé a chonaic mé nó a chuala mé á dhéanamh air sna meáin Bhéarla le seachtain anuas, cé go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann dá bharr. Is léiriú é ar bhealach an trácht ó Adam thuas ar an meon atá i réim sa chultúr na laethanta seo (agus an t-ábhar imní a bhaineann leis an Bhille seo): mura n-aontaíonn tú le hidé-eolaíocht na hinscne, iarrfaidh na hidé-eolaithe go mbainfí do chead cainte uait nó go gcuirfí as do phost tú (tá seo á dhéanamh do mhná go háirithe). Tá géarghá le plé oscailte ar an ábhar seo atá thar a bheith casta agus nach dtuigeann muid an tionchar a bheidh aige ar an tsochaí go fóill, seachas é a bhrú ar dhaoine agus iad siúd a bhfuil tuairim éagsúil acu ina leith a chur ina dtost.

  • Antóin

    Alt tomhaiste ó Chathal Mac Coille.

    Na saintréithe a luann sé, is iad sin na saintréithe atá luaite sa bhille. Na hábhair imní a luann sé, tá neart daoine ann a d’aontódh leis gur ábhair imní iad. Ach mar a deir sé féin, is sna cúirteanna a léireofar fíor-éifeacht an bhille.

    Maidir le freagra Adam, níl a fhios agam conas is féidir leanbaíocht a chur i leith Chathail. Má chreideann sé, agus níl a fhios agam an gcreideann sé, nach bean trasbhean, cén fáth a smaoineofá ar an dlí a chur air nó é a chealú fiú. Más bean trasbhean cén fáth an focal tras? Cad chuige a gcaithfidh daoine úsáid a bhaint as teanga na trasghluaiseachta nuair atá a fhios acu nach bean trasbhean?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Cathal Mac Coille, ‘B’fhearr caint thomhaiste ná tost seachantach i gcás an dlí fuatha’, Dé Sathairn, Bealtaine 6, 2023, tuairisc.ie

    Is alt an–inspéise é sin ag Cathal Mac Coille, fiú mura mbeadh duine ag aontú le gach uile abairt ann. Cuntas Chathail ar thorthaí an vóta deiridh i nDáil Éireann, ar an mBille um Cheartas Coiriúil (Gríosú chun Foréigin nó Fuatha agus Cionta Fuatha), 2022 –– is é sin, 114–10 –– níl sé ag teacht leis an leagan oifigiúil den díospóireacht, –– 110–14. Dé Céadaoin, Aibreán 26, 2023, a bhí an díospóireacht sin ann, agus a caitheadh an vóta deiridh sa Dáil.

    Cé gur ar son leasuithe áirithe ar an mBille a vótáil Sinn Féin, Páirtí an Luchta Oibre, agus na Daonlathaithe Sóisialta, is ar son an Bhille a vótáil na Páirtithe beaga sin le linn an vóta deiridh. Tá sé le tabhairt faoi deara ar Shinn Féin gur le déanaí féin a thosaigh fir an Pháirtí ar charbhat a chaitheamh i Seomra na Dála. Ní foláir nó measann an Páirtí gurb iad féin an Páirtí is mó a bheidh sa chéad Chomhrialtas eile, agus gur mithid dóibh tosú ar ghothaí na creidiúnachta a chur orthu féin. Ach rinne Jonathan Dowdall díobháil do chreidiúnacht Shinn Féin, agus is léir ar phobalbhreith a rinneadh le déanaí nach bhfuil ag tacú le polasaí tithíochta Shinn Féin ach timpeall leis an tríú cuid den méid a ceistíodh i gcomhair na pobalbhreithe. Tá le rá leis na 3 Pháirtí bheaga sin nach Páirtithe Radacacha is ea ceann ar bith acu, má ba ea riamh. Is iad seo a leanas na Teachtaí Dála a vótáil NÍL leis an mBille le linn an vóta deiridh: Richard Boyd Barrett, Pobal roimh Bhrabach – Dlúthpháirtíocht, Dún Laoghaire; Michael Collins, Neamhspleách, Corcaigh Thiar Theas; Catherine Connolly, Neamhspleách, Gaillimh Thiar; Michael Fitzmaurice, Neamhspleách, Ros Comáin – Gaillimh; Danny Healy–Rae, Neamhspleách, Ciarraí; Michael Healy–Rae, Neamhspleách, Ciarraí; Gino Kenny, Pobal roimh Bhrabach – Dlúthpháirtíocht, Baile Átha Cliath Láir Thiar; Mattie McGrath, Neamhspleách, Tiobraid Árann; Michael McNamara, Neamhspleách, An Clár; Paul Murphy, Pobal roimh Bhrabach – Dlúthpháirtíocht, Baile Átha Cliath Thiar Theas; Carol Nolan, Neamhspleách, Laois–Uíbh Fhailí; Richard O’Donoghue, Neamhspleách, Co. Luimnigh; Bríd Smith, Pobal roimh Bhrabach – Dlúthpháirtíocht, Baile Átha Cliath Láir Theas; agus Peadar Tóibín, Aontú, An Mhí Thiar. [Ní thugtar ainm an Pháirtí ‘Pobal roimh Bhrabach – Dlúthpháirtíocht’ as Gaeilge ar láithreán Gréasáin an Pháirtí féin. Ainmneacha Gaeilge na nDáilcheantar ar láithreán Gréasáin an Oireachtais, ní hí cuma na Gaeilge atá ar chuid díobh.]

    110 + 14 = 124. Ciallaíonn sé sin gur 36 Theachta nár ghlac páirt sa vóta deiridh ar an mBille seo i nDáil Éireann. Ceann Comhairle na Dála, Seán Ó Fearghaíl, Cill Dara Theas, FF, ní chaitheann seisean vóta, mura mbíonn vótaí TÁ agus vótaí NÍL ar comhscór. Dá bhrí sin, is léir gur 35 Theachta, timpeall is an ceathrú cuid de na Teachtaí Dála, nach raibh i Seomra na Dála, i gcomhair an vóta deiridh ar an mBille seo. Ní dócha gur galar crúb agus béil, ná an Covid, a bhí ar na 35 Theachta sin. Cad is fiú a bheith ag vótáil dá leithéidí seo sa chéad Olltoghchán eile, má tá siad rómheata chun vótáil ar Bhille chomh cigilteach sin. Is mó ná sin an líon Seanadóirí nach mbíonn i Seomra an tSeanaid i gcomhair an vóta deiridh ar Bhille cigilteach. Is minic nach mbíonn mórán le cois leath na Seanadóirí i Seomra an tSeanaid ina chomhair sin. Agus níl ach ábhar blianta ann ó bhí Seanadóirí, agus lucht cosanta an tSeanaid, ag cur thar ceann an Seanad a bheith ann. An té a dhéanfadh liosta de na 35 Theachta sin, agus liosta de na Teachtaí a bhfuil sé fógartha acu nach mbeidh siad ag rith ar shuíochán sa Chéad Olltoghchán eile –– Teachtaí Dála ag Fine Gael go háirithe –– chabhródh sé go mór le Páirtí nua ar bith chun dul chun cinn suaithinseach a dhéanamh an uair sin, ach polasaithe fíor–radadacacha a bheith ag an bPáirtí nua ar chúrsaí tithíochta, ar chúrsaí na cánach ioncaim a ghearrtar ar lánúineacha óga, agus ar athchóiriú fíordhaonlathach a dhéanamh ar chóras an Reifrinn sa Phoblacht.

    Cleas ag lucht na holagarcachta is ea é ‘dífhaisnéis’ agus ‘mífhaisnéis’, agus ‘gríosú fuatha’ a chur i leith a gcuid naimhde d’fhonn iad seo a chur ina dtost, ach ní bhíonn tréan buan, agus buafar ar lucht na holagarcachta sa deireadh.

  • Antóin

    Cathal Mac Coille, mo leithscéal.

  • Sorcha

    Omerta forleathan? I ndáiríre tá mé féin bodhraithe ag éisteacht le daoine ag cur dóibh faoi inscne daoine eile nach mbaineann leo, leithris agus spórt srl. Ní ann atá an chontúirt do mhná. Mar dhuine a bhfuil mac liom i gceann de na pobail a dteastaíonn cosaint ó fhuathchaint níl mé féin toilteanach an chosaint seo, a theastaíonn go géar sa lá atá inniu ann i leith ‘Cine, dath, náisiúntacht, creideamh, dúchas eitneach nó náisiúnta, sliocht, inscne, saintréithe gnéis, claonadh gnéis, agus míchumas’, a chaitheamh i dtraipisí ionas gur féidir le ‘the countess’, an t-údar seo, ‘women’s space ireland’ agus a gcuid leantóirí uile atá fíor ghlórach leanúint orthu.

  • Cathal Mac Coille

    Freagra ó Chathal Mac Coille
    Tá an ceart ag Séamas de Barra. Is le vóta 110-14 i nDáil Éireann (agus ní le vóta 114-10, mar a scríobh mé) a ritheadh an Bille um Cheartas Coiriúil (Gríosú chun Foréigin nó Fuatha agus Ciontú Fuatha).
    Ormsa amháin atá an milleán nár foilsíodh toradh na vótála go cruinn. Mo leithscéal.