Beidh thiar ar na Piarsaigh mura gcoinníonn siad Con faoi chois

Ba cheart go mbeadh an-chluiche ceannais againn idir na Piarsaigh agus Cuala inniu agus gan ach caitheamh na pingine eatarthu

Beidh thiar ar na Piarsaigh mura gcoinníonn siad Con faoi chois

Tosach Chuala, Con O'Callaghan. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Bhí tráth ann, daichidí, caogaidí agus seascaidí an chéid seo caite, nuair ba é Lá Fhéile Pádraig lá mór lucht leanúna CLG, nuair a bhíodh cluichí ceannais Chorn an Bhóthair Iarainn ar siúl agus scoth imreoirí na tíre le feiceáil ar pháirc amháin ar ócáid amháin. ‘Bí ann gan tei’” a bhíodh ar na fógraí a bhíodh le feiceáil do na cluichí iomráiteacha sin.

Is iomaí áit sa tír a mbíodh an sráidbhaile ar fad bailithe timpeall ar raidió amháin chun éisteacht le guth aitheanta Mhíchíl Uí Eithir agus é ag tarraingt na bpictiúirí dúinn de chraobh éigin peile nó iomána. Eisean a chruthaigh na híomhánna de na laochra amhail Christy Ring, Mick Mackey, Nicky Rackard, John Joe O Reilly, Seán Ó Néill agus Mick O’Connell. Eisean a rinne cur síos ar na cúil agus ar an aicsean fíochmhar timpeall na cearnóige bige tráth nach mbíodh mórán cártaí, buí ná dearg, á ndáileadh. ’Sea chruthaigh guth Uí Eithir ár laochra dúinn agus bhíodh a bhformhór ag dul chun páirce Lá Mór na nGael. Ach ar nós mórán rudaí, agus mar a deir an seanrá, ‘níl in aon rud ach seal’.

Tá an ré sin thart agus ré nua neadaithe isteach le tamall de bhlianta anois. Inniu i bPáirc ársa an Chrócaigh imreofar craobh shinsir iomána chlubanna na hÉireann. Den céad uair le tamall is í an iomáint an dara cluiche a imreofar. An amhlaidh go gceapann coiste na gcluichí go mbeidh an cluiche iomána níos fearr agus an iomaíocht níos géire ná sa chluiche peile? Ag tabhairt sracfhéachaint ar chuntas na dtorthaí ós na cluichí ceannais ó thús ama, thabharfá faoi deara go raibh tromlach na gcluichí an-aontaobhach, na ceithre cinn dheireanacha san áireamh.

Ach tá gach cuma air nach mbeidh an ceann seo mar an gcéanna. Seaimpíní 2016, Piarsaigh Luimnigh, i gcoinne sheaimpíní 2017, Cuala, Baile Átha Cliath, dhá fhoireann a chruthaigh go maith go dtí seo.

Maidir leis na Piarsaigh, tá an churiarracht acu mar níor chailleadar aon chluiche i gcraobh na Mumhan le seacht mbliana, rud a chiallaíonn go bhfuil chuid maith den fhoireann seo ar mhórán taithí, rud nach féidir a cheannach ná a chruthú. Cuir leis sin glúin nua ábalta agus tá foireann  láidir cumasach acu, cé go mbeidh beirt de na boic nua seo, Conor Boylan agus Thomas Grimes, ina suí sa seastán agus cártaí dearga bronnta orthu sa chluiche leathcheannais i gcoinne Shleacht Néill.

Níl aon easpa taithí ar Chuala ach an oiread agus is iadsan curaidh Bhleá Cliath le trí bliana anuas agus agus greim daingean i gcónaí acu ar corn Tommy Moore.

Tá sé thar a bheith deacair a rá cé a bhuafaidh an cluiche seo. Tá an dá fhoireann breac le réalta idirchontae ach is cinnte go gcloisfimid ainmneacha David Treacy Chuala agus Ronan Lynch na bPiarsach níos minice ná ainm aon imreora eile, agus iad thar a bheith cruinn ar na pocanna saora go dtí seo.  Ach má tá leaideanna Luimnigh chun an corn seo a thabhairt leo cois Sionainne caithfidh siad tionchar Con O’Callaghan a laghdú. B’fhéidir go bhfuil sé róshimplí a rá go mbeidh an lá leo má éiríonn leo é sin a dhéanamh, ach mura ndéanfaidh siad é, is cinnte nach leo a bheidh an lá.

Tá tosaithe dainséaracha ar an dá thaobh ach is é O’Callaghan an fear is cumasaí acu.

Ba cheart go mbeadh an-chluiche ceannais againn. Níl ach caitheamh na pingine eatarthu. Suimiúil go leor is as contaetha atá le fada an lá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an leibhéal idirchontae is airde an dá chlub a bheidh sa chluiche ceannais.

Agus cé nach bhfuil mórán eolaíochta ag baint leis an mbreith seo, b’fhéidir go dtabharfadh teacht aniar agus bua iontach foireann an chontae in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo caite an spreagadh agus an mhuinín do na Piarsaigh a d’fhágfadh go bhfaighidís an ceann is fearr ar Chuala tráthnóna, más ar ar éigean féin é. 

Fág freagra ar 'Beidh thiar ar na Piarsaigh mura gcoinníonn siad Con faoi chois'