Beidh soláthar beorach thíos leis an athrú aeráide agus Éire is measa a bheidh as

Meastar go n-ólfar 26% níos lú beorach in Éirinn ag deireadh an chéid seo de bharr ardú ar phraghas na beorach

Beidh soláthar beorach thíos leis an athrú aeráide agus Éire is measa a bheidh as

De réir taighde úr a foilsíodh san iris eolaíochta Nature Plants ar na mallaibh, beidh an t-athrú aeráide ag cur isteach ar sholáthar beorach le linn an chéid seo. Ón fhianaise atá curtha os ár gcomhair beidh Éire buailte níos measa ná tír ar bith eile, ó thaobh praghais de.

Táthar ag brath ar eorna fá choinne beorach. Cuirtear an eorna ar maos chun braich eorna a tháirgeadh agus tá an bhraich lán le siúcra. Súnn an giosta bríbhéireachta an siúcra seo agus táirgtear eatánól agus an gás CO2.

Má chuireann rud ar bith isteach ar an soláthar eorna a fhágann go mbíonn sí gann, ardaíonn an praghas.

Tá go leor eagraíochtaí ag iarraidh fáil amach cad é mar a chuirfidh an t-athrú aeráide isteach ar tháirgeadh tráchtearraí, cosúil le cruithneacht, eorna, rís agus soighe. Is léir go gcuirfidh athruithe aeráide an chéid seo isteach ar na bairr seo, ach ní fios go díreach cé chomh mór agus a bheas an tionchar.

Meastar, go mbeidh praghsanna na dtráchtearraí níos airde má bhíonn na tráchtearraí níos gainne ná mar atá siad faoi láthair. Chun fáil amach conas a chuirfeadh athruithe isteach ar sholáthar na dtráchtearraí, rinne foireann taighdeoirí ón tSín, Meicsiceo, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, anailís ar an tionchar a bheas ag triomach agus cúinsí millteanacha aeráide ar tháirgeacht agus ar phraghas eorna le linn an chéid seo.

Chuardaigh an fhoireann fianaise ar an dóigh a chuireann triomach agus drochaimsir isteach ar an mbarr eorna. Leis an eolas seo rinne siad ionsamhluithe den dóigh a gcuirfeadh triomach agus drochaimsir isteach ar an mbarr eorna an chuid eile den chéid seo.

De réir na n-ionsamhluithe sin, beidh táirgeacht dhomhanda na heorna idir 3% agus 17% níos ísle ná mar atá sa lá atá inniu ann. 3% níos lú a bheidh sí mura n-athraíonn an aeráid go mór, ach beidh sí 17% níos lú ná mar atá sé inniu má bhíonn an t-athrú aeráide níos measa.

Anuas air sin, is léir go mbuailfear tíortha áirithe níos measa ná tíortha eile. Cuir i gcás, beidh táirgeacht na  heorna 32% níos lú san Airgintín ná mar atá sé anois má bhíonn an t-athrú aeráide go holc.

Má bhíonn táirgeadh eorna níos lú ná mar atá sé inniu, cuirfidh an ganntanas seo isteach ar phraghas na heorna. De bharr sin, beidh beoir níos costasaí fosta.

Rinneadh ionsamhluithe chun fáil amach cad é an tionchar a bheas ag ganntanas eorna ar phraghas beorach. De réir na n-ionsamhluithe seo buailfear Éire níos measa ná tír ar bith eile. Meastar go mbeidh beoir 193% níos costasaí in Éirinn ná mar atá sé inniu. Beidh Ceanada agus an Pholainn buailte fosta, agus is beag difear a bheidh eatarthu.

Ón eolas atá ar fáil faoin nasc idir praghas na beorach agus an méad di a óltar, meastar go n-ólfar 26% níos lú beorach in Éirinn ag deireadh an chéid seo de bharr ardú ar phraghas na beorach. Meastar go mbeidh laghdú níos mó i bPoblacht na Seice mar a n-ólfar 30% níos lú beorach ná mar a óltar ansin faoi láthair.

Ar ndóigh tá na conclúidí seo ag brath ar ionsamhluithe. Ní fios go díreach an díreach mar a ionsamhlaíodh é a bheidh táirgeacht na heorna buailte. Ach, is cinnte go mbeidh athruithe i ndán di agus is é seo an t-eolas is fearr atá againn faoin scéal ag an tráth seo.

Fág freagra ar 'Beidh soláthar beorach thíos leis an athrú aeráide agus Éire is measa a bheidh as'