Beidh na Glasaigh i lár an aonaigh is cuma céard a tharlóidh 

Tuigeann gach páirtí nach féidir rialtas nua a bhunú ná a choinneáil ar snámh mura mbeidh na Glasaigh páirteach ann

Beidh na Glasaigh i lár an aonaigh is cuma céard a tharlóidh 

Tá deireadh tagtha le ré na raiméise sa 33ú Dáil. Ní hionann sin agus a rá nach gcloisfear raiméis as seo amach, ach tá ceannairí na bpríomhpháirtithe ag caint de réir a chéile ar an bhfírinne lom seachas ar aislingí.

Ach ní haon deimhniú teacht an dara ré gur caint dhíreach amháin a bheidh againn feasta. Rinneadh go leor cur síos i dTeach Laighean Déardaoin ar rogha shoiléir an phobail, in ainneoin a rogha a bheith doiléir. Rinneadh go leor cur síos freisin ar an athrú a theastaíonn ón bpobal, ach níor léiríodh comhthuiscint ar cad is brí leis an athrú sin, seachas feabhsuithe den uile chineál gan an costas a phlé.

Diaidh ar ndiaidh, mar sin féin, tá Leo Varadkar, Micheál Martin agus Mary Lou McDonald ag tabhairt aghaidh ar na figiúirí doshéanta: 80, 37, 37 agus 35. Ar fhaitíos go bhfuil dearmad déanta ag ár léitheoirí dílse ar a dtábhacht, seo a leanas na fíricí loma.

Teastaíonn 80 Teachta Dála chun rialtas le móramh a bhunú.

Agus an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl fágtha as an áireamh, níl ach 37 Teachta Dála ag Fianna Fáil. Níl ach 37 Teachta Dála ag Sinn Féin agus níl ach 35 Teachta Dála ag Fine Gael.

Ní féidir comhrialtas a chur ar bun mura ndéantar margadh idir ar a laghad trí pháirtí, agus b’fhéidir Teachtaí Dála neamhspleácha chomh maith. Beidh ceannairí na bpáirtithe go léir ag cuimhneamh i gcónaí ar na fíricí seo nuair a chuirfear dlús leis an gcumarsáid eatarthu an tseachtain seo chugainn.

Tá na deacrachtaí a bheadh ag Fianna Fáil, ag Sinn Féin agus ag Fine Gael agus socrú comhrialtais á phlé agus á chur i gcrích acu pléite go mion. Ní hamhlaidh cás an Chomhaontais Ghlais, an t-aon pháirtí nach féidir comhrialtas a chur le chéile dá n-uireasa agus an t-aon pháirtí ar léir ó thús an deis a bheidh acu a bpolasaithe a chur i bhfeidhm.

Ní hionann deis agus cinnteacht, ar ndóigh.

Ach d’admhaigh Eamon Ryan tar éis an olltoghcháin nach mbeadh na Glasaigh ábalta na polasaithe a theastaíonn go géar dar leo chun déileáil leis an athrú aeráide a chur chun cinn dá mbeidís sa bhfreasúra. Is féidir éirim a chuid cainte a chur i mbeagán focal: is fearr a bheith sa rialtas ná a bheith as. 

Beidh dhá rud soiléir ar chaon taobh mar sin nuair a rachaidh Eamon Ryan i mbun cainteanna le ceannairí na bpáirtithe eile. Ar an gcéad dul síos, tuigfear gur mian leis teacht ar mhargadh comhrialtais agus gur tábhachtaí do na Glasaigh margadh a dhéanamh ná na páirtithe a ndéanfaí leo é. Ar an dara dul síos, tuigfidh gach páirtí nach féidir rialtas nua a bhunú ná a choinneáil ar snámh mura mbeidh na Glasaigh páirteach ann.

Beidh na Glasaigh ábalta mar sin na ranna rialtais ar mian leo dul i gceannas orthu mar airí (gníomh aeráide, an timpeallacht, cumarsáid) a roghnú de réir mar is toil leo.

Is tábhachtaí agus is casta an comhréiteach a bheidh orthu a dhéanamh maidir le cúrsaí talmhaíochta, mar shampla. Is é bun agus barr an scéil nár thug na vótóirí lántacaíocht ná lánúdarás do pháirtí ar bith, an Comhaontas Glas san áireamh.

Má dhéantar margadh le páirtithe eile, ní rachaidh na Glasaigh chun cinn leis mura vótálann móramh 66% ina fhabhar ag comhdháil speisialta ag a mbeidh cead isteach ag gach duine atá cláraithe mar bhall le sé mhí ar a laghad.

Agus an colún seo á scríobh, tá Leo Varadkar agus Micheál Martin ag tabhairt leideanna o bhfuil siad ag druidim i dtreo comhréitigh agus tá Mary Lou McDonald ar a dícheall ag iarraidh teacht ar an gcomhréiteach ollmhór a theastódh lena páirtí a chur i gcumhacht.

Tá conair chasta anacair rompu go léir, agus gan aon chinnteacht ann fós go sroichfear an ceann scribe.

Fág freagra ar 'Beidh na Glasaigh i lár an aonaigh is cuma céard a tharlóidh '

  • Sibéal

    Ní mór dos na Glasaigh a bheith glórach maidir le tithíocht chun meas an phobail a thuilleamh. Beidh ar na Glasaigh díriú ar thithíocht phoiblí go leibhéal inslithe A a thógaint chun dúshlán a thabairt don athrú aeráide.
    Ní a dhóthain daoine in Éirinn atá lán-oilte le tithe a insliú agus a cosaint ón ngaoth. Criathair is ea tithe na hÉireann den cuid is mó ina mbíonn an teas á scaoileadh amach agus an ghaoth á scaoileadh isteach. Fiú tithe nua go bhfuil na mílte Euro á gcaitheamh ar insliú iontu níor cuireadh an t-insliú isteach mar is ceart le séala in aghaidh na gaoithe agus is cur amú airgid agus am é sin.

  • Eoghan ONéill

    Tá’n ceart ag Sibéal i dtaobh tithíocht. Ó thaobh na talmhaíochta dhe is ionann ó thaobh éifeacht goradh domhanda an CO2 as carr peitril a dhóann 6 lítear gach 20 km den meán 16,000 km sa bhlian agus an meán bhó sa pháirc a bhrúchtáileann 95kg methane sa bhlian chéanna. Tá éifeacht ag seo uilig ar na tuilte sa tSionnainn agus an síor-bháisteach agus na stoirmeacha ar an chósta thiar. Tá géar-ghá le clár mór plandáil crann sa tír seo chun an farasbarr CO2 a shú isteach as an aeir rud a thabharfach tionscalaíocht agus fostaíocht bhuan sna ceantair tuaithe i ndiaidh fás 20 blian.