Bhí Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna in iarthar Chonamara ar mhaidin chéanna. Bhí a gcuid feidhmeannach ina dteannta. B’álainn an radharc a bhí roimh an Aire Jack Chambers ar a chéad chuairt go hIorras Aithneach agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige mhór. B’álainn an radharc é freisin ag Micheál Ó hÉanaigh, cé gur minic cheana a chonaic sé an radharc céanna ag éirí aníos dó.
Sceirde na Gaoithe siar i bhfad uait; Oileán Máisean agus an trá ghléigeal, oileán na saortha; cósta na hAirde, ceantar na n-amhrán ar dheis; níos gaire ar chlé, Maínis na mbád agus na ndumhchanna.
Scaitheamh blianta ó shin rinneadh amach réimsí turasóireachta go ‘heolaíoch’. Roghnaíodh an cineál duine a dtabharfadh a chroí go hIorras Aithneach, nó a mhacasamhail d’áit, é.
Na ‘great escapers’ nó na ’culturally curious’, iadsan a raibh fonn orthu éalú ó ghleo an tsaoil nó a raibh suim acu i gcultúir eile ba thúisce a dhíreodh a gcompás siar ar Iorras Aithneach, nó a mhacasamhail d’áit, a dúradh. Ansin a gheofaí an cultúr, an oidhreacht, an stair, an teanga agus iarsma den chineál saoil a bhíodh tráth i bpobail tuaithe. Bhí go maith agus ní raibh go holc, b’fhiú coinneáil ar an treo sin agus cur leis.
An mhaidin chéanna sin in Ionad na nImirceach bhí Joe Connolly, captaen na Gaillimhe ar ócáid an bhua ghlórmhair úd i gCraobh Iomána na hÉireann i 1980. Bhí Joe agus a mhac, Barry ansin agus iad leagtha ar dhrioglann fuisce a fhorbairt ar an Eastát Tionscail in aice láthair. Bheadh ionad oidhreachta ansin acu freisin a thabharfaidh léargas ar dhéantús fuisce; fuisce an ‘Chnoic Bhuí’ atá baiste ag na Conghailigh ar an mbraon a bheidh acu féin. Thabharfaí léargas freisin ann ar chuid de chultúr agus stair Chonamara agus, de réir na réamh-mheastachán, bheadh 30,000 duine ag triall ar an ionad agus 30 post ann, de réir a chéile.
Tá an t-iarratas ar chead pleanála le haghaidh an fhoirgnimh seo curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tacaíocht geallta ag Údarás na Gaeltachta don togra.
In Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta a tháinig na daoine seo le chéile. Táthar ag súil nach fada go mbeidh chuile shórt faoi réir le haghaidh an dara céim forbartha ansin san Ionad ar chiumhais na mara
Ionad Míniúcháin ina dtabharfar léargas ar stair na himirce as na ceantair Ghaeltachta atá i gceist san méadú seo ar Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta. Beidh Garraí Cuimhneacháin na nImirceach á fhorbairt freisin ar an gcnocán ó dheas den Ionad. Beidh léargas breá siar i dtreo Oileán Máisean agus siar i dtreo na Sceirde agus imeall na spéire ón láthair seo. Corráit a bheadh chomh siombalach leis ó thaobh stair na himirce de.
Istigh san Ionad Míniúcháin féin, beidh áiseanna closamhairc agus taispeántais eile a inseoidh an scéal. Téama idirnáisiúnta atá san imirce ar bhealaí go leor; daoine ag imeacht óna bhfód dúchais de bharr cruatain agus ag múnlú saol eile dóibh féin i bhfad ó bhaile. D’fheicfeadh daoine as áit ar bith sa tír, nó thar sáile, cosúlachtaí ann lena réigiún féin.
Obair phobail a thug an tIonad Imirce seo ar an saol ach murach tacaíocht láidir ó Roinn na Gaeltachta agus ón iar-aire stáit, Seán Kyne ní fhéadfaí é a thabhairt chun críche. Tá a gcion féin déanta go láidir ag Roinn na Gaeltachta, agus níos deireanaí ag Údarás na Gaeltachta, san iarracht sin.
Bhí na farraigí siar ag glioscarnach an lá cheana – agus amharc ar charraigeacha na Sceirde siar i bhfad amach. Thagair an tAire Chambers don fheilm ghaoithe atá le cur ansin – má fhaightear na ceadúnais – agus dúirt an tAire go bhfuil sé ar cheann de na príomhchlocha ar phaidrín timpeallachta an Rialtais. B’fhacthas dó go gcuirfeadh tionscnamh na gaoithe borradh faoin gceantar cósta ar mhórán bealaí.
Dóchas agus dea-scéalta agus tacaíocht Stáit – nach mairg a bheadh éadóchasach in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo caite. Cuideoidh Ionad na nImirceach agus an Drioglann Fuisce leis an áit, iad fite, fuaite ina chéile. An té a bheadh ag cuimhneamh ar thuras a thabhairt siar go himeall thiar Chonamara, bheadh a fhios aige go raibh dhá ionad ann agus réimse fhairsing staire agus oidhreachta le feiceáil. Déarfá go mbeadh na ‘great escapers’ agus na ‘culturally curious’ ag baint na sála dá chéile ag dul go hIorras Aithneach agus go Carna, agus ag tabhairt cuairt ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc ar a mbealach siar nó aniar. Bunchloch nua a bheadh ansin do thionscal na turasóireachta – agus postanna breise – in iarthar Ghaeltacht Chonamara.
Ach, caithfidh bealach siar agus aniar a bheith ag na ‘great escapers’ agus ag na ‘culturally curious’. Tá sé tagtha sa saol anois go gcaithfear laghdú a dhéanamh ar an lear carranna ar bóthar agus is i gcarranna a thagann formhór na gcuairteoirí go Conamara.
Ach cloímis le scéal an dóchais. Cá bhfios nach í cumhacht na Sceirde a thabharfadh cumhacht ghlas, ghlan do charranna Chonamara amach anseo.
Fág freagra ar 'Beidh na ‘culturally curious’ ag baint na sála dá chéile ag dul go dtí Gaeltacht Chonamara fós'