Beidh do cheann ina roithleán ag ‘I’m Thinking of Ending Things’ ach fan inti go deireadh

Saothar aisteach ealaíonta casta eile atá sa scannán is déanaí ón gceardaí Charlie Kaufman

Beidh do cheann ina roithleán ag ‘I’m Thinking of Ending Things’ ach fan inti go deireadh

I’m Thinking of Ending Things
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Charlie Kaufman
Cliar: Jessie Buckley, Jesse Plemons, Toni Collette, David Thewlis

Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar na saothair a d’eascair as scioból samhlaíochta Charlie Kaufaman lena thuiscint gur ceardaí ar leith atá ann. Is óna pheann siúd a tháinig na scripteanna do na saothair thathagacha Synecdoche, New York (2008), Eternal Sunshine of the Spotless Mind (2004), Adaptation (2002) agus Being John Malkovich (1999).

Deinim amach gurb é seo an saothar is uaillmhianaí agus is casta uaidh.

Ar an mbonn sin ná bí ag súil go dtuigfidh tú an scannán seo ar an gcéad fhéachaint. Tá smuit den scéinséir, den drámaíocht, den uafás agus cuid mhaith draíochta ann.

Tosnaíonn rudaí amach simplí go maith nuair a shuíonn lánúin óg (Plemons agus Buckley) isteach ina mhótar siúd le turas i dteannta a chéile a thabhairt ar a mhuintir den chéad uair.

Deirtear linn i monalóg inmheánach an chailín go bhfuil sí ag cuimhneamh ar dheireadh a chur leis an gcaidreamh; teideal an scannáin á rá arís is arís eile aici. Níl go maith ach níl go holc. Is de réir a chéile a éiríonn rudaí ait, áiféiseach agus mearbhlach.

Tosaíonn ainm, éadaí agus gairm bheatha an chailín ag athrú agus ní fada go mbíonn atmaisféar draíochtúil, mínádúrtha le brath ar chúrsaí. Cuireann an sneachta agus an tírdhreach sceirdiúil leis an atmaisféar duairc. Samhlaítear dúinn go mb’fhéidir go bhfuil an cailín ag samhlú an rud ar fad nó b’fhéidir gurb é an fear atá á samhlú siúd.

Léimimid ón tine chun na gríosaí nuair a shroichtear an teach feirme iargúlta. Ní hamháin go bhfuil na tuismitheoirí aisteach ach tosaíonn an cailín ag amthaisteal agus na tuismitheoirí ag teacht os a comhair ina n-óige agus ar hap an tairne, ina seanaois. Ní cathair mar a tuairisc an teach seo ná na daoine ann. Ní cathair mar a tuairisc í an cailín ná an fear ach an oiread.

Lena chois sin tá nasc éigin idir an fear agus an fear faire sa scoil áitiúil. Smaointe agus focail ag imeacht ó inchinn amháin go hinchinn eile. Luaitear ráiteas le Oscar Wilde ag pointe amháin: “Most people are other people. Their thoughts are someone else’s opinions, their lives a mimicry, their passions are a quotation.” An dtugann na focail sin léargas ar an téama atá Kaufman ag iarraidh a chíoradh?

Tá ar Plemons agus an Ciarraíoch Buckley formhór an scannáin a iompar. Is minic sinn i dtaobh le radharcanna fada cainte sa mhótar. Tá sé léirithe ag Buckley arís is arís eile le blianta beaga anuas gur aisteoir den scoth í. Ní leasc léi tabhairt faoi róil éagsúla agus carachtair ar leith agus tugann sí taispeántas breá eile uaithi anseo. Níl sárú Plemons ann le tabhairt faoi charachtar atá soineanta, ábhairín deoranta agus dainséarach.

Saothar ealaíonta, aduain. An cineál saothair is dual do Kaufman a sholáthar, ach ná bí ag súil lena thuiscint nó míniú a fháil ag ceann scríbe.

Fág freagra ar 'Beidh do cheann ina roithleán ag ‘I’m Thinking of Ending Things’ ach fan inti go deireadh'