Beidh an víreas linn go ceann tamaill agus níl de leigheas ar an scéal ach a bheith ciallmhar

Ba chóir go gcuirfí muinín sna daoine, an éiginnteacht leanúnach a bhaineann le scéal na paindéime a mhíniú dúinn go soiléir agus gan a bheith ag iarraidh an t-aineolas a cheilt

Beidh an víreas linn go ceann tamaill agus níl de leigheas ar an scéal ach a bheith ciallmhar

Tá geimhreadh fada eile romhainn ainneoin ar cheap muid an geimhreadh seo caite. D’iarr an Taoiseach orainn an tseachtain seo a bheith ciallmhar. Faraor, ní léir go bhfuil glacadh níos mó leis an teachtaireacht sin i measc an phobail. Go háirithe iad sin a bhí ciallmhar go dtí seo.

Is díol trua go mór mór daoine óga agus déagóirí a bhfuil beagnach dhá bhliain iomlán dá saol caillte acu. Agus tuigeann muid ar fad mar a deir an seanfhocal go gcuirtear an óige amú ar an óige. Níl aon fhoighid acu le bheith ag fanacht go mbeidh deireadh leis an scéal seo ar fad. Is beag inár measc a bhfuil aon fhoighid againn ach b’fhéidir go bhfuil sé de chiall againn éisteacht leis an nglór a deir linn go gcaithfear fanacht tamall eile.

Sí an cheist anois ná cén fhad eile? An freagra – nil tuairim againn. Taca an ama seo anuraidh bhí muid ag caint ar vacsaíní a bheith ar an mbealach agus nuair a bheadh an tsnáthaid faighte ag sciar mór den daonra go mbeadh saoirse i ndán dúinn ar fad.

Is léir ag an tráth seo nach bhfuil dóthain eolais againn go fóill faoin víreas seo agus an bealach go scaipeann sé. Tá sé ag éirí níos soiléire freisin gur scéal leanúnach a bheidh ann i dtaobh na vacsaíní agus na dteanndáileog.  Tá muid ag foghlaim fúthu gach lá. Téann a n-éifeacht i léig agus ar ndóigh tá sciar den phobal nach mbeidh sásta go deo glacadh leo. Ba chóir, dar liom, do shaineolaithe leighis phoiblí agus polaiteoirí a bheith ionraic linn faoin teorainn atá lena gcuid eolais féin ar feadh an ama seachas  nuair atá muid sa bhfaopach.

An cáineadh is mó atá déanta ag an bhfreasúra ó thús na géarchéime ar fad go bhfuil na teachtaireachtaí atá á dtabhairt dúinn scaipthe agus débhríoch. Tá eolas nua á fhoilsiú in aghaidh an lae agus tá na saineolaithe ag foghlaim ag an am céanna linne. Ba chóir go mbeidís sásta sin a admháil agus pé eolas atá acu faoi Covid-19 a roinnt linn. Bhainfeadh sin cuid den ghiodam as na gluaiseachtaí seo atá ag maíomh gur comhchelig atá  sa scéal ar fad.

Tá daoine sásta a ndícheall a dhéanamh ach an t-eolas a bheith roinnte leo. Níl éinne ag iarraidh an bás agus an fhulaingt a fheiceáil ag leathadh arís. Níl aon duine ag iarraidh filleadh ar an dianghasáil agus an méid a tharla tar éis na Nollag anuraidh. Níl de leigheas ar an scéal ach a bheith ciallmhar, mar a dúirt an Taoiseach i dtús na seachtaine. Ba chóir freisin go gcuirfí muinín sna daoine agus an éiginnteacht leanúnach a mhíniú dúinn go soiléir. Caolseans go bhfeicfidh mise club oíche arís le mo lá ach tuigim dóibh siúd ar mhaith leo an deis a bheith acu. Tá sé soiléir freisin anois go gcaithfidh muid glacadh leis nach bhfuil muid réidh le Covid-19. Níl de sheans againn ach géilleadh don chiall a luaigh an Taoiseach agus atá againn ar fad.

Fág freagra ar 'Beidh an víreas linn go ceann tamaill agus níl de leigheas ar an scéal ach a bheith ciallmhar'