Tá bean ar bhuail an Luas í i dTamhlacht ar maidin tar éis bháis .
Tá na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ag láthair na timpiste.
Thart ar 10am ar Líne Dhearg an Luas, idir stad Bhaile an Chócaigh agus stad Ospidéil Thamhlachta, a tharla an eachtra.
Tá seirbhísí Luas idir Belgard agus Tamhlacht ar fionraí.
Tá na Gardaí ag iarraidh eolais ó aon duine a bhí ar an Luas áirithe sin ag an am nó aon duine a bhí ar Bhealach Bhaile an Chócaigh nó aon tiománaí a d’fhéafadh fianaise dash-cam a chur ar fáil faoin eachtra. Táthar ag iarraidh ar aon fhinnéithe teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún Thamhlachta, 01 6666000, nó ar líne rúnda na nGardaí, 1800 666 111, nó ag aon stáisiún Gardaí eile.
Fág freagra ar 'Bean tar éis bháis i dtimpiste ar líne Luas'