Bean Ghaeltachta ainmnithe do mhórghradam fiontraíochta

Tá Ríona Ní Ghriallais as Indreabhán, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta feistí leighis, ProVerum, ar dhuine den 24 fiontraí a bheas san iomaíocht don ghradam ‘EY Entrepreneur of the Year’ a fhógrófar i mí na Samhna

Bean Ghaeltachta ainmnithe do mhórghradam fiontraíochta

Tá bean Ghaeltachta ainmnithe do mhórghradam náisiúnta ‘EY Entrepreneur of the Year’ na bliana seo.

Tá Ríona Ní Ghriallais, innealtóir bithcheimiceach as Indreabhán, agus an Dochtúir Conor Harkin, comhbhunaitheoirí an chomhlachta feistí leighis, ProVerum, i measc 24 fiontraí a bheas san iomaíocht don mhórdhuais, a fhógrófar mí na Samhna seo chugainn.

Roghnaíodh an bheirt fiontraithe don chraobh fiontraíochta mar gheall ar fheiste leighis a d’fhorbair ProVerum le faoiseamh a thabhairt d’fhir a mbíonn fadhbanna acu lena gcuid uisce de bharr at neamhurchóideach an phróstataigh a dtugtar BPH nó Benign Prostatic Hyperplasia air.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Dr Ríona Ní Ghriallais, a thug faoi staidéar dochtúireachta faoin teideal ‘Taighde ar fhorbairt saintréithe deartha agus acmhainn tástála d’fheistí leighis nua’ in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, go raibh an-áthas uirthi “aitheantas náisiúnta” a fháil as saothar de chuid ProVerum.

“Is iontach an rud é an t-aitheantas seo a fháil. Is comhartha é go bhfuil poitéinseal sa chomhlacht seo dul chun cinn iontach a dhéanamh agus an feiste leighis atá forbartha againn a chur ar fáil ar bhonn forleathan.

“Is é an rud is fearr ar fad faoin ainmniúchán seo ná go bhfuil an seans ann go meallfadh muid tuilleadh infheistíochta agus go mbeadh muid in ann cúnamh a thabhairt do níos mó fir a bhfuil BPH ag dul dóibh,”  a dúirt an Dr. Ní Ghriallais.

Dúirt Ní Ghriallais nach bhfuil de rogha ag fir atá ag fulaingt ó BPH faoi láthair ach “drugaí nó obráid chasta fhada” a bhféadfadh go leor iarmhairtí eile a bheith orthu.

Tá buntáiste ag an fheiste leighis, ar a dtugtar ProVee, freisin ó thaobh líon na n-othar BPH a bhféadfaí cóir leighis a chur orthu.

“Tá muid ag súil go dtógfadh an feiste leighis atá forbartha againn othair amach as an ospidéal. D’fhéadfadh dochtúir teaghlaigh an chóir leighis nua seo a chur ar fáil agus in áit trí nó ceithre obráid a dhéanamh sa lá, d’fhéadfaí cóir leighis a chur ar 12-15 othar sa lá,” a dúirt sí.

Bunaíodh an comhlacht ProVerum in 2017, an bhliain chéanna ar bhunaigh col ceathrar Ríona, Pádraic Ó Griallais, an drioglann Micil Poitín.

“Tá sé aisteach is dócha go bhfuil an bheirt againn ag plé lenár ngnóthaí féin. Cé go bhfuil na táirgí an-difriúil, tá an tiomantas céanna i gceist.

“Cé go bhfuil Pádraic ag dul ar ais ar a dhúchas leis an táirge atá forbartha aigesean, tá an bheirt againne ag iarraidh rud éigin nuálach a dhéanamh agus a chur ar fáil do dhaoine,” a dúirt Ríona Ní Ghriallais.

Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta ainmnithe do mhórghradam fiontraíochta'