BARR SMAISE

An tseachtain seo is é an craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird atá i mbun comhrá le Sara Ní Chuirreáin

5591823634_752322cda7

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin

Simplí, deartha & glan

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

George Clooney, Karen – mo bhean chéile; Paul Smith

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Mo chulaith pósta – sean-Baumler na Gearmáine

Penneys, Brown Thomas nó….

Louis Copeland agus siopaí aonair – go minic san iasacht agus is maith liom corrshuíomh idirlíne freisin – ina measc duchamp.co.uk, sarenza.eu,

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn

fiú níos mó bróga – táim amhail le hImelda Marcos ach le tomhas 45/10.5 (níos mó ná 70 péire bróg agam – cuid acu nach mór chomh sean le mo chulaith pósta! Tá sé de nós agam péire a cheannach pé uair a bhím thar lear!

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Cinnte! Dermalogica (sa ghnó seo, nuair a bhíonn an iomarca smideadh á chaitheamh agam chun na lochtanna gnúise ar fad a cheilt, caitear maothóir a chaitheamh le dul i ngleic leis an gcraiceann rothirim)

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin

ba phéire Levi’s stróicthe a bhí orm ar an gcoinne chéad aithne deiridh ar a rabhas – le mo bhean ghleoite Karen – ní dóigh liom, áfach, go raibh ceachtar againn ag súil leis an gcoinne úd! Dá mba anois é, ní athróinn faic agus chaithfinn arís iad.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh

… Ah anois… féach mo fhreagra deireanach!

An lóis iarbhearratha (aftershave lotion) is ansa liom

…Tá ceithre bhuidéal oscailte agus sa tsiúl agam – tá eagráin Samhraidh Issey Miyake agus Paul Smith, chomh maith le cúpla buidéal níos téagartha – Bulgari agus Tom Ford. Braitheann a n-úsáid ar an ócáid. Thaitin Dunhill liom ach go gcuireann sé fonn múisce ar bhean a’ tí ó bhí sí ag súil le breith na blianta ó shin.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Agus tá tú ag súil agus ag ceapadh go bhfreagród an cheist seo? Bhuel, ceart go leor mar sin – níl náire ar bith orm agus i measc na n-iliomad botún faisin atá déanta agam, cheannaíos dhá phéire bríste Polo Ralph Lauren Tigh Fraser – ceann acu bándearg agus ceann acu ar dhath gorm geal le suaitheantas an chomhlachta i ndath bán síos an chois dheas – ach an bhfuil ‘fhios agat, chaithfinn rud ar bith, áit ar bith!