Baint fheamainne i gConamara le teicneolaíocht nua á fiosrú ag an Aire Coveney

Lena chois sin, is cosúil go bhfuil ceist achrannach cearta bainte feamainne ar chósta an iarthair níos casta ná mar a shíl an Roinn ar dtús

Baint fheamainne i gConamara le teicneolaíocht nua á fiosrú ag an Aire Coveney

Tá úsáid teicneolaíocht nua chun feamainn a bhaint i gConamara á fiosrú ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Tugadh an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo.

Bhí an Roinn i dteagmháil leis an gcomhlacht bainte feamainne atá i gceist, Acadian Seaplants, leis na “fíricí uilig a bhaineann le baint na feamainne a dhearbhú” agus ceist curtha sa Dáil faoi cé acu an raibh na ceadúnais chuí d’úsáid na teicneolaíochta nua ag an gcomhlacht roimh ré.

Nuair a bheidh an fiosrúchán sin déanta déanfaidh an Roinn cinneadh faoi cad iad “na chéad chéimeanna eile”.

Is báid réthónacha a bhfuil trealamh nua-aimseartha orthu chun an fheamainn a bhaint atá i gceist leis an teicneolaíocht atá á fiosrú ag an Roinn.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh gur “chúis iontais” dó nach raibh aon “chomhairliúchán nó plé” ag an Roinn leis an gcomhlacht feamainne sula tosaíodh ar an obair i gCuan Chloch na Rón.

“Fáiltím roimh an bhfiosrúchán seo. Is cosúil nach bhfuil aon locht ar an teicneolaíocht seo agus go bhfuil sí ag oibriú go maith ach tá sé suntasach, más fíor, nach raibh a fhios ag an Roinn faoi roimh ré agus gur anois atá siad ag déanamh teagmhála leis an gcomhlacht,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Idir an dá linn, is cosúil go bhfuil ceist achrannach cearta bainte feamainne agus úinéireacht talún ar chósta an iarthair níos casta fiú ná mar a shíl an Roinn ar dtús. Thug an tAire Coveney le fios gur lorg sé comhairle an Ard-Aighne faoin scéal agus go raibh a Roinn i dteagmháil leis an Údarás Clárúcháin Maoine agus reachtaíocht nua á hullmhú chun leasú a dhéanamh ar an Acht Imeall Trá.

Ba é an tÚdarás Clárúcháin Maoine a chuir sonraí ar fáil don Roinn faoi na cearta cladaigh i seacht gcontae ar an gcósta thiar, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall.

Dúirt an tAire Coveney go mba “chasta an obair í seo” de bharr an tslí a bhfuil na sonraí cearta cladaigh ag an Údarás Clárúcháin Maoine agus an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.

Dúirt an tAire gur léir go bhfuil cearta bainte feamainne ag a lán daoine agus go bhfuil ceist na gceart sin á scrúdú ag a Roinn i gcomhthéacs na reachtaíochta nua agus na hiarratais atá déanta ar bhaint feamainne.

Fág freagra ar 'Baint fheamainne i gConamara le teicneolaíocht nua á fiosrú ag an Aire Coveney'