Baile eile le hathghabháil más mian leis an Úcráin na Rúisigh a dhíbirt…

Ní dhearna ceachtar den dá thaobh mórán dul chun cinn le dhá mhí go leith anuas

Baile eile le hathghabháil más mian leis an Úcráin na Rúisigh a dhíbirt…

Bhí trí mhórscéal nuachta faoin gcogadh san Úcráin sna meáin chumarsáide sa tseachtain seo. Bhí scéalta faoi dhul chun cinn na Rúiseach timpeall bhaile Soledar i gCúige Donetsk, tuairiscíodh go bhfuil an Úcráin ar tí tancanna, ar a dtugtar Leopard 2, a fháil ó thíortha éagsúla san iarthair agus deimhníodh go bhfuil siad chun líon beag tancanna, ar a dtugtar Chieftain, a fháil ón mBreatain, agus d’fhógair Roinn Cosanta an Rúise go mbeidh Ceann Foirne Arm na Rúise i gceannas ar dhul chun cinn an ionraidh ar an talamh as seo amach.

Ní dhearna ceachtar den dá thaobh mórán dul chun cinn sna láithreacha cogaidh éagsúla le dhá mhí go leith anuas. Ach an mbeidh tionchar ar an gcogadh as seo amach ar a bhfuil tarlaithe le tamall?

Soledar

Cinnte tá cath fíochmhar tar éis tarlú timpeall bhaile Soledar agus cúpla lá tar éis don chomhlacht gallóglaigh Wagner a mhaoímh go raibh sé faoina seilbh mhaígh Roinn Cosanta na Rúise go raibh an baile tar éis titim.

Is í an cheist anois ná cé chomh suntasach agus a bheidh an tseilbh seo maidir le dul chun cinn na Rúiseach sa chogadh? Is bua é dóibh agus más féidir leo cur leis seo agus an talamh ard ar imeall an bhaile agus na sráidbhailte máguaird a ghabháil chomh maith agus brú a chur ar línte sholáthair na n-Úcránach i dtreo Bakhmut ó Soledar, tá seans ann go mbeidh siad in ann dul céim chun tosaigh den chéad uair le seacht mí anuas. Ó thaobh na nÚcránach de, seans go mbeidh drochthionchar ag an gcailleadh ar mheanma a gcuid trúpaí ar an talamh sa ghearrthéarma.

Ar a laghad is baile eile é a mbeidh orthu a athghabháil más mian leo na Rúisigh a dhíbirt.

Caithfear féachaint ar Soledar mar chuid den fheachtas chun seilbh a ghlacadh ar Chúige Donetsk ina iomláine. Tá an sprioc sin níos práinní anois mar gheall ar ionghabháil Donetsk. Má éiríonn leo Soledar agus go háirithe an ceantar máguaird a ghabháil beidh siad in ann níos mó brú a chur ar chathair Bakhmut. Beidh siad in ann í a ionsaí ar thrí ais: aduaidh, aneas agus ón oirthear, nó í a thimpeallú tar éis teip na dtulionsaithe le sé mhí anuas.  Agus má éiríonn leo Bakhmut a ghabháil tabharfaidh siad a n-aghaidh ar Slovvyansk agus Kramatorsk níos faide siar sa chúige.

Bhí deis den chineál céanna acu ocht mí ó shin tar éis dóibh cathracha Severdonetsk agus Lyshansk a ghabháil. Ní raibh siad in ann an deis sin a thapú toisc gur tháinig an hÚcránaigh chucu féin tar éis dóibh na cathracha a chailleadh agus d’éirigh leo feachtas frithionsaithe a sheoladh san Fhómhar.

Jan Helebrant

Tancanna

Tá na hÚcránaigh ag déanamh ullmhúchán sa chúlra le bheith réidh chun feachtas frithionsaithe a sheoladh chomh luath agus is féidir. Mar chuid de na hullmhúcháin sin caithfidh siad trealamh míleata breise a fháil, tancanna agus armlón a fháil, trúpaí a chomhchruinniú agus na pleananna a chleachtadh. Cuireann na cathanna atá ag tarlú ar an líne choimhlinte i Lukansk agus Donetsk, go háirithe timpeall Bakhmut, leis an riachtanas seo.

Tuairiscítear go bhfuil an Pholainn tar éis comhaontas a bhunú le tíortha eile, a bhfuil tancanna Leopard 2 acu, chun brú a chur ar an nGearmáin iad a scaoileadh óna gconradh léi agus cead a thabhairt dóibh tancanna Leopard 2 a sholáthar don Úcráin.  Tá soláthar líon beag de thancanna ón mBreatain mar chuid den fheachtas chun brú a chuir ar an nGearmáin.

Beidh ar na hÚcránaigh oiliúint a fháil chun na tancanna a oibriú agus beidh orthu cleachtadh a fháil ionas go mbeidh in ann iad a fheidhmiú mar chuid d’fhórsa chomhtháite. Ach thar aon rud eile beidh orthu córas athsholáthair agus cothabhála a eagrú chun na tancanna a choimeád ar an láthair chogaidh chomh fada agus is féidir. As na 14 córas airtléire Pzh 2000 a fuair siad ón nGearmáin anuraidh ní raibh ceann ar bith acu ag feidhmiú ar feadh tréimhse ag tús mhí na Nollag mar gheall ar dheacrachtaí cothabhála.

Cé nach bhfuil éifeacht an Leopard 2 léirithe go hiomlán i gcogadh dearg go dtí seo, chaill arm na Tuirce deich dtanc i gcath i gcoinne ISIS roinnt blianta ó shin. Tuairiscítear go bhfuil níos mó ná 300 tanc á n-iarraidh ag an hÚcránaigh. Má fhaigheann siad an méid sin tancanna, má fhaigheann siad an oiliúint agus má chuireann siad na socruithe thuasluaite i bhfeidhm sula dtéann siad i mbun catha seans go mbeidh tionchar nach beag ag na tancanna sin ar an gcogadh.

É sin ráite, fuair siad thart ar 300 tanc nuachóirithe anuraidh ón bPolainn agus ó Phoblacht na Seice agus tá siad ar tí níos mó ná 200 feithicil armúrtha troda nua-aimseartha a fháil ó na Stáit Aontaithe, an Ghearmáin agus an Fhrainc. Seans go mbeidh sé sin sách maith acusan más mian leo nó má tá siad faoi bhrú feachtas frithionsaithe a sheoladh chomh luath agus is féidir.

Struchtúr Ceannais Arm na Rúise

Nuair a sheol an Rúis ionradh ar an Úcráin níos mó na deich mí ó shin cuireadh ionadh ar go leor saineolaithe míleata nach raibh ceannasaí amháin i gceannas ar na trí fhórsa, Fórsa Z , Fórsa V, Fórsa O. Cé go raibh oifigeach i gceannas ar gach ceann de na fórsaí níor ceapadh aon ardcheannasaí amháin.

Nuair a tharraing siad siar ó Kyiv bhí deis acu struchtúr ceannais an fheachtais a athrú. Cuireadh ceannasaí amháin i gceannas ar na fórsaí san oirthear ach fágadh oifigeach eile i gceannas ar na trúpaí sa deisceart. Níor shocraigh siad an fhadhb seo go dtí gur cheap siad an Ginearál Surovikin mar ardcheannasaí ar na fórsaí éagsúla ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Tar éis an Ginearál a cheapadh, tháinig athrú ar chúrsaí sna láithreacha cogaidh éagsúla. Cuireadh moill ar dhul chun cinn na nÚcránach ar an teorainn idir Cúige Kharkiv agus Cúige Luhansk. D’éirigh leis na Rúisigh níos mó ná 20,000 trúpaí a tharraingt siar ó bruach thiar abhainn an Dnipro i gCúige Kherson gan mórán trealamh míleata a chailleadh nó a fhágáil ina ndiaidh. Cuireadh níos mó brú ar na hÚcránaigh timpeall Bakhmut agus seoladh feachtas ionsaithe ar bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa na hÚcráine. Anois tá siad tar éis Ceann Foirne Arm na Rúise, an Ginearál Gerasimov, a cheapadh mar ardcheannasaí na bhfórsaí ar an talamh in áit Surovikin.

Mar chuid de fhreagrachtaí Gerasimov agus é ina Cheann Foirne, bhí air fórsaí míleata na Rúise a atheagrú, infheistíocht a fháil, agus dea-chaidreamh a chothú leis na húdaráis i Moscó. D’athraigh sé eagar comhraic Arm na Rúise go hiomlán ach tar éis 10 mí den chogadh san Úcráin bhí ar na Rúisigh fáil réidh leis an eagar comhraic seo. Bhí sé freagrach as pleananna an ionraidh a chur le chéile ach laistigh de thrí mhí ó thús an chogaidh ba léir gur theip ar na pleananna sin. Cé go ndearna na Rúisigh infheistíocht in airm nua-aimseartha le fiche bliain anuas níl tionchar na hinfheistíochta sin le feiceáil sa chogadh go dtí seo.

Is deacair a mheas go mbeidh aon tionchar suntasach ar dhul chun cinn na Rúiseach sa chogadh mar gheall ar cheapadh Gerasimov. Is comhartha é go bhfuil sé ar a n-intinn leanúint leis an gcogadh dearg agus an chéad chéim eile den ionradh a thógáil.

Fág freagra ar 'Baile eile le hathghabháil más mian leis an Úcráin na Rúisigh a dhíbirt…'