Bailchríoch á cur ar phleananna don Ardteist agus d’athoscailt na scoileanna 

Ba mhaith leis an Aire Oideachais go bhfillfeadh daltaí ar an scoil céim ar chéim an chéad mhí eile, ach tabharfar san áireamh in aon chinneadh a dhéanfar a thógálaí is atá na cineálacha nua den víreas

Bailchríoch á cur ar phleananna don Ardteist agus d’athoscailt na scoileanna 

Cuirfidh an tAire Oideachais Norma Foley an t-eolas is déanaí faoi mheasúnú na hArdteiste ar fáil d’fhochoiste oideachais an rialtais inniu agus go leor ag tnúth go bhfógrófar na pleananna don scrúdú sin gan mhoill. 

Ba mhaith leis an Aire Oideachais  go bhfillfeadh daltaí ar an scoil céim ar chéim an chéad mhí eile, ach tabharfar san áireamh in aon chinneadh a dhéanfar a thógálaí is atá na cineálacha nua den víreas.

Pléifear athoscail na scoileanna ag cruinniú eile d’fhochoiste oideachais an rialtais a bheidh ar siúl amárach.

Tús mhí Márta an sprioc atá ag an Roinn Oideachais i gcónaí ach na ceardchumainn glacadh leis sin agus beannacht na n-oifigeach sláinte poiblí a bheith faighte. D’fhillfeadh daltaí na hArdteiste ar dtús agus d’fhillfeadh naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra ina dhiaidh sin.

Tuairiscítear go bhfuil súil ag an Aire fógra a dhéanamh faoin Ardteist an tseachtain seo. 

Leanadh leis na cainteanna idir an Roinn Oideachais agus na ceardchumainn inné in iarracht plean críochnúil a réiteach.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin “gur aithin sé go maith an strus agus an imní atá ar dhaltaí” agus orthu sin ar fad atá ag plé le hearnáil an oideachais agus dúirt go raibh súil aige go mbeadh soiléiriú ar fáil go luath. 

Tá cainteanna ar siúl le seachtain fhada faoi chur chuige dhá rogha scrúdú na hArdteiste, agus an cur isteach atá déanta ag Covid ar scolaíocht na ndaoine óga á chur san gcomhaireamh. 

Ar na moltaí atá faoi chaibidil tá scrúdú scríofa agus próiseas measúnaithe grád ríofa.

Idir an dá linn, tosaíodh den chéad uair inné ar vacsaíní a thabhairt i gclinicí a ndochtúirí teaghlaigh do dhaoine sa bpobal. Na daoine atá os cionn 85 bliain is túisce a gheobhaidh an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19. Tá breis is 70,000 san aoisghrúpa sin agus é i gceist an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 a thabhairt dóibhsean as seo go ceann trí seachtaine. Vacsaín  Pfizer/BioNTech a gheobhaidh a bhformhór ach beidh roinnt a gheobhaidh vacsaín Moderna.

Tá sé i gceist an vacsaín a thabhairt do 14,409 duine atá os cionn 85 bliain an tseachtain seo.

Osclófar ionad in Ollscoil Chathair Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus gheobhaidh 1,000 duine eile an tsnáthaid ansin.

De réir figiúirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bhí an chéad snáthaid in aghaidh an Covid-19 tugtha do 176,926 duine faoin Aoine seo caite agus bhí an dara snáthaid faighte ag 91,625 duine.

Fágann sin go bhfuil beagnach 270,000 dáileog as an 360,000 dáileog atá faighte ag an tír tugtha do dhaoine. Tá an HSE ag súil le 212,000 dáileog eile roimh dheireadh na míosa.

Fág freagra ar 'Bailchríoch á cur ar phleananna don Ardteist agus d’athoscailt na scoileanna '