BÁC go Trá Lí ar na turais traenach is fearr san Eoraip? Tá speabhraídí ar dhuine éigin…

Táim breá sásta go raibh turas deas compordach ar an dtraein ó Bhleá Cliath go Trá Lí ag iriseoir taistil an Guardian, ach is deacair géilleadh di…

BÁC go Trá Lí ar na turais traenach is fearr san Eoraip? Tá speabhraídí ar dhuine éigin…

Leagfá le cleite gé mé nuair a léigh mé le déanaí go raibh an turas traenach ó Bhleá Cliath go Trá Lí áirithe ar cheann de leathdhosaen turas traenach san Eoraip a bhí le moladh ‘thar na bearta’.

Áirítear an turas, a mhaítear, ar cheann de na haistir sin atá chomh breá le ceann ó Cologne na Gearmáine go Basel na hEilvéise, ó Zurich go Graz san Eilvéis chomh maith, ó Béziers go Clermont-Ferrand na Fraince, ó Vársá na Polainne go Mockava sa Liotuáin, gan trácht ar an turas ó Madrid go Seville sa Spáinn.

In ainm dílis Dé. tá speabhraídí ar dhuine éigin.

Tugaimse an cúrsa san orm fhéin ar a laghad ceithre huaire sa mhí agus a bhuíochas don Uasal Cathal Ó hEochaidh, trócaire sa chré air, ní minic a bhíonn orm lámh a chur im’ phóca ach amháin nuair a bhuaileann an notion mé seáp a thabhairt isteach sa charráiste céad grád.

Níl saoi gan locht. Fada ár ndóthain a bheimid fén bhfód…araile is araile…sean-rá is seana-rá…

Molann an t-iriseoir taistil an foirgneamh breá i Stáisiún Heuston i mBleá Cliath.

Den stíl Chorantach é, a deir sí. Chuaigh an méid sin i ngan fhios dom, caithfidh mé a rá. Mór mo náire ach is griothal is deabhadh is spearabals is mó a bhíonn i gceist agus duine ag tabhairt faoi stáisiún traenach.

’An mbeidh mé in am, cá bhfaighidh mé mo thicéad, cá gceannóidh mé greim is deoch don aistear ceithre uair an chloig go leith atá romham amach?

Deineann riachtanais an tsaoil Filistínigh dínn go léir ar uairibh is baolach. Féachfaidh mé i gceart an chéad uair eile air, nuair a bheidh na riachtanais eile sin comhlíonta.

Deir an t-iriseoir linn chomh maith gur tiomnaithe don laoch Poblachtánach Seán Heuston a lámhach an Sasanach i mBealtaine na bliana 1916 atá an stáisiún.

Díreach trasna an bhóthair ón stáisiún, i bpríosúin Chill Mhaighneann a tharla an eachtra, a deir sí linn.

Ní gnách le hiriseoirí Sasanacha aird a dhíriú ar aon bheart fealltach dá ndein a sinsear ach is sa Bhreatain Bheag a saolaíodh í, agus i mBeirlín a mhaireann sí agus í ag scríobh do nuachtán an Guardian. Dá réir tá tuairimí na ceartaiseachta polaitiúla ar fad foghlamtha aici…

Mór an obair, arsa tusa.

Chun a ceart a thabhairt di, tugann sí ábhairín beag den stair a bhaineann le stáisiún traenach Thrá Lí chomh maith, stáisiún atá tiomnaithe do Roger Casement.

Deir sí díreach amach san alt gur Náisiúnach Gaelach ab ea é, a crochadh i bpríosún Pentonville i Londain i 1916

NÍ thugann sí aon chuntas ar stair aon cheann de na cúig stáisiún eile san Eoraip a roghnaíonn sí, rud a cheapaim atá aisteach. Cinnte go mbeadh stair fhuilteach ag na stáisiúin eile leis ach nár tharrac sí anuas í. Go deimhin is mó sin scéal a d’fhéadfadh sí a tharrac chugainn agus traenacha na Eorpa fé chaibidil.

Bhí go leor le rá aici mar gheall ar na radharcannna breátha ar an Rhineland, na hAilp, sáipéilíní beaga adhmaid na gCríostaithe difriúla, Ortadocsach agus Caitliceach, na Moscanna Moslamacha agus na Sionagóga Giúdacha atá le feiscint i dtuaisceart na Polainne.

Tearc go maith atá na tagairtí aici do bhreáthacht na radharcanna óna fuinneog agus í ag taisteal ó Bhleá Cliath go Mala, nó Maigh Eala mar is fearr aithne agamsa air.

Tagaim léi sa méid sin, ní fhaca fhéin faic riamh ach fochaora nó fochapall agus mé a’ féachaint amach ar Churrach Chill Dara, ar Phort Laoise, ar an dTeampall Mór, gan trácht ar Ghabhal Luimnigh.

Chífeá bó nó dhó a’ cogaint na círe ar mhachaire méith na Mumhan, admhaím.

Ábhairín éigin feabhais a thagann ar an radharc agus duine ag déanamh ar Bhántír is Sráid a Mhuilinn agus an traein a treabhadh trí thailte Corcaíoch.

Má thagann feabhas ar an radharc, is ag dul in olcas a théann an traein ó thaobh compoird is glanachair de.

Formhór an ama stopann an traein i Mala agus caitheann an paisinéir atá ag déanamh ar Thrá Li aistriú go dtí traein eile.

Is minic dá réir gur crock de thraein [nó gliogar mar a deir siad i gConamara] a bhíonn ar an líne sin pé áit as a bhfaigheann Iarnród Éireann iad. Scríobadh an chrúiscín.

Nuair is mó atá compord ag teastáil ó phaisinéir le bundún tinn tar éis dhá uair go leith, gan braon tae ná uisce ná sólaistí d’aon tsórt ó aimsir Covid i leith, is ea a chaitear isteach i seantraein ghuagach ghlórach neamhshlachtmhar thú.

Anuas air sin, bíonn droch-chuma ar leithris, iad do-úsáidte go minic. Náireach.

Salachar is smionagar fágtha ina ndiaidh ag paisinéirí.

I bhfocail eile ní fhostaíonn Iarnród Éireann glantóirí, ach go hannamh.

Táim breá sásta go raibh turas deas compordach ar an dtraein ó Bhleá Cliath go Trá lí ag iriseoir taistil seo an Guardian, agus gur fiú léi é a áireamh i measc na dturasanna breátha Eorpacha a fhéadfadh duine a thógaint, ach is deacair géilleadh di.

Is túisce a raghainn ar thuras traenach idir Vársá agus Mockava, gan trácht ar an gceann ó Madrid go Seville, is cuma muna mbeadh flaithiúlacht Uí Eochaidh le pinginí an státchiste i gceist nó ná beadh!

Fág freagra ar 'BÁC go Trá Lí ar na turais traenach is fearr san Eoraip? Tá speabhraídí ar dhuine éigin…'

  • Gearóid Ó Catháin

    Tagaim leis an méid atá ráite ag Seosaimhín ach nach bhfuil sé ráite go hálainn aici.