Ba í Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar inar tuairiscíodh fás i líon na gcainteoirí laethúla sa Daonáireamh. Cén fáth?

Murab ionann agus na ceantair Ghaeltachta eile, tá méadú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Phort Láirge le cúig bliana anuas. Cén fáth sin? Labhair Tuairisc.ie le cuid de mhuintir na háite

Ba í Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar inar tuairiscíodh fás i líon na gcainteoirí laethúla sa Daonáireamh. Cén fáth?

Ba í Gaeltacht na nDéise i gContae Phort Láirge an t-aon cheantar Gaeltachta ina raibh fás i gceist maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, de réir thorthaí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Thug 438 duine i nGaeltacht na nDéise le fios in 2011 gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad. Tháinig méadú 29 duine ar an bhfigiúir sin sa Daonáireamh a rinneadh mí Aibreáin seo caite go 467 duine.

Tráth a bhfuil daoine ar fud na Gaeltachta, agus gluaiseacht na Gaeilge trí chéile, in ísle brí faoi mheath na teanga sa Ghaeltacht, tá pobal beag na nDéise ar bís gur léiríodh toradh a gcuid oibre an tseachtain seo caite.

“An príomhrud a sheasann amach ná go bhfuil toil an phobail i bhfabhar úsáid a bhaint as an teanga gach seans a fhaigheann siad. Tá an-chuid daoine a bhog isteach sa cheantar ag glacadh páirte sa phobal agus is as Gaelainn a bhíonn saol an phobail sin,” a dúirt Irial Mac Murchú, stiúrthóir Nemeton, an comhlacht teilifíse a bhfuil go leor fostaíochta cruthaithe aige i nGaeltacht na nDéise le scór blianta anuas.

Tábla le Tuairisc.ie. Bunaithe ar fhigiuírí Dhaonáirimh 2016 agus 2011

Más míniú atá uait ar thorthaí an Daonáirimh ní leor féachaint ar athruithe le cúig bliana anuas, nó fiú le deich nó cúig bliana déag, anuas, dar le Irial Mac Murchú. Chaithfeá, a deir sé, dul siar leathchéad bliain nó níos mó go dtí an uair a bunaíodh an mheánscoil lán-Ghaeilge i nGaeltacht na nDéise.

“Nuair a thosaigh daoine ag teacht amach as an meánscoil agus iad tar éis oideachas a fháil ón mbunscoil agus ón meánscoil i nGaelainn agus ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal, athraíodh an meon a bhí ag muintir na háite i leith na Gaelainne.

“Níorbh í an Ghaelainn teanga an bhochtanais ach teanga go raibh rath uirthi. Ba ardú meanman a bhí ann do lucht na Gaelainne agus thosaigh daoine a tógadh le Béarla iad féin ag iompú ar an nGaelainn agus a gclann féin á dtógáil acu,” a dúirt sé.

Deir Cabríní de Barra, atá ina cónaí cúpla míle ó theorainn na Gaeltachta ach a ghlacann páirt i saol na Rinne, go gcaithfear Cumann Lúthchleas Gael na nDéise a lua agus trácht á dhéanamh ar dhea-chleachtas teanga sa cheantar.

“Tá Cumann Lúthchleas Gael go hiomlán i nGaelainn agus lárnach don phobal. Bíonn imeachtaí sóisialta acu go rialta agus is i nGaelainn ar fad a bhíonn siad ar siúl. Fiú mura mbíonn Gaelainn agat, bíonn sí i go mór do thimpeall ag gach imeacht sóisialta dá gcuid agus cabhraíonn sé sin leis an athrú meoin atá tar éis teacht ar dhaoine — is teanga láidir phobail í,” a dúirt de Barra.

Dúirt Mac Murchú go raibh CLG na nDéise ina eiseamláir do chumainn agus do chlubanna eile sa cheantar agus go bhfuil dea-chleachtas teanga ag na heagraíochtaí eile sin mar gheall ar an gcaighdeán a leag an cumann síos.

“Tá gach duine atá sa Chumann, daoine óga faoi bhun ocht mbliana d’aois suas go himreoirí sa pheil agus san iomáint shinsir, ag úsáid na Gaelainne ar an bpáirc imeartha ar a laghad cúpla uair sa tseachtain,” a dúirt sé.

Luaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Stiofán Ó Cúláin an eisimirce agus cúrsaí eacnamaíochta mar chúis leis an titim i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, ach ní hamhlaidh an scéal i bhfíordheisceart na tíre.

“Tá go leor tagtha ar ais chuig an gceantar, daoine óga ina measc, daoine a bhfuil clanna óga orthu. Níl na míbhuntáistí céanna ag Gaeltacht na nDéise is atá ag na ceantair Ghaeltachta in iarthar na tíre. Tá mór-ionaid oibre agus láithreacha sóisialta buailte ar an gceantar,  tá Dún Garbhán, Port Láirge, Corcaigh, agus fiú na bailte móra i dTiobraid Árann gar dúinn agus is féidir le clanna óga cur fúthu sa Ghaeltacht agus a bheith ag obair sna háiteanna móra sin.

“Chas an taoide arís maidir le fostaíocht agus eacnamaíocht sa cheantar féin freisin, ó tháinig Nemeton agus ó tháinig borradh faoi Choláiste na Rinne agus comhlachtaí eile atá lonnaithe anseo. Tá daoine ag fanacht agus ag obair anseo. Ach mar sin féin, fiú nuair a bhí sé go dona, ní raibh sé chomh dona céanna sna Déise is a bhí in áiteanna eile,” a dúirt de Barra.

Deir Mac Murchú go bhfuil “na scórtha” anois ina gcónaí sna Déise a bhfuil Gaeilge sa bhaile acu, murab ionann agus tamall de bhlianta ó shin nuair a bhí go leor cainteoirí Gaeilge sa cheantar ach gan ach ach dornán beag teaghlach arbh í an Ghaeilge teanga an tí.

“An rud is mó a fheicim, an toil atá sa phobal anois í a labhairt agus gach duine ag obair i dtreo timpeallacht Ghaelainne a chruthú sa cheantar is cuma cén réimse den saol atá ann. Tá an naíscoil, an naíonra, Coiste an Halla, an Coiste Sacair, agus na heagraíochtaí agus grúpaí eile go léir ag obair air,” a dúirt sé.

Tá “feasacht” i measc an phobail i nGaeltacht na nDéise faoi chás na Gaeilge san áit agus “tuigeann siad gur gá dóibh rud éigin a dhéanamh” leis an teanga, agus an Ghaeltacht, a shábháil sa cheantar.

“Tá roinnt daoine tar éis bogadh isteach san áit a bhfuil Gaelainn acu, tá daoine eile a bhog isteach nach bhfuil, ach tá formhór mór daoine sa dá ghrúpa sásta comhoibriú le chéile agus an Ghaelainn a chur chun cinn san áit,” a mhaígh de Barra.

Teastaíonn tacaíocht ón gcainteoir dúchais Gaeltachta a shíníonn “i bhfad níos níos faide siar ná an cliabhán,” a  dúirt Mac Murchú, agus dar leis go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge sula mbíonn aon chlann orthu ar chor ar bith.

“Ba chóir cúram leighis i nGaeilge a bheith ar fáil, naíonra a bheith bunaithe agus ba chóir an tacaíocht go léir a chur ar fáil ar fáil i bhfad níos túisce ná an cliabhán. Tá ranganna ag gach leibhéal do dhaoine anseo, d’eachtrannaigh agus d’fhoghlaimeoirí eile, agus thug na ranganna sin misneach agus cabhair dóibh an Ghaelainn a labhairt go laethúil,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach bhfuil “aon draíocht” i gceist agus nach dteastaíonn PhD i staidéar an duine lena thuiscint, go mbeidh toradh ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil i gceantar Gaeltachta le nósanna teanga sa cheantar sin a chaomhnú nó a fheabhsú.

Tá Mícheál Ó Drisleáin, a bhíonn ag obair i gColáiste na Rinne, ag plé go díreach le nósanna teanga sa cheantar agus le caomhnú agus cothú na Gaeilge agus é i mbun na pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt Ó Drisleáin le Tuairisc.ie go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí teanga sna Déise le 30 bliain anuas agus go bhfuil an pobal “an-dearfach” fúithi le tamall de bhlianta anuas.

“Má fhéachann tú ar chúrsaí teanga anseo 20 nó 30 bliain ó shin, bhí sí lag go maith. Tá níos mó daoine ag tógáil páistí le Gaelainn, tá pobal óg ann, tá fostaíocht áitiúil ann agus is i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul fós. Tá liosta feithimh sa naíonra agus b’éigean síneadh a chur leis an scoil.

“Tá feabhas ar chúrsaí Gaelainne ag teacht de bharr na bpleananna teanga, ach tá an-chuid ar siúl in áiteanna eile freisin, go háirithe ó thaobh an spóirt de,” a dúirt Ó Drisleáin.

Bhí Ó Drisleáin ar aon tuairim le Mac Murchú agus de Barra gur mhór an cúnamh don cheantar Gaeltachta beag seo nach in iarthar na tíre a bhí sí.

“Tá daoine óga ag fanacht anseo, a fhad is atá siad ag tréigean na Gaeltachta ar an gcósta thiar. Tá an pobal á choimeád anseo agus tá mórtas ag an bpobal sin as a dteanga.

“Tuigtear go bhfuil luach sa Ghaelainn in iliomad réimsí agus go meallann sí idir mhic léinn agus thurasóirí chuig an gceantar. Cloistear í i dtithe tábhairne, i mbialanna agus ar fud na háite,” a dúirt sé.

Foilseofar plean teanga na nDéise sna míonna amach romhainn.

Fág freagra ar 'Ba í Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar inar tuairiscíodh fás i líon na gcainteoirí laethúla sa Daonáireamh. Cén fáth?'

  • Peann Le Faobhar

    Sa bhreis ar an méad atá luaite san alat, tá cúis eile go bhfuil líon na gcainteoirí ag dul i méid. Bhí an Ghaelainn imithe lag sa cheantar i measc an aos óig sna 60í (taobh amuigh den scoil), ach bhí cupla clann a bhí chomh stuacach i leith labhairt na Gaelainne, ná rabhadar sásta géilleadh don mbrú ó Bhéarla. Chreid na daoine seo sa teanga i bhfad sula raibh Údarás na Gaeltachta nó Raidio na Gaeltachta ann agus chabhraigh bunú na n-eagraíochtaí sin le misneach na ndaoine.

    Is de shíol na gclann sin atá an chuid is mó de na páistí a tógtar le Gaelainn sa lá atá inniu ann i nGaeltacht na nDéise agus tá siad ag dul i méid an t-am ar fad. Tugann siad leo an stuacacht sin óna muintir féin agus tá siad dílis don Ghaelainn ón lá a rugtar iad. Níl an canúint áitiúil chomh láidir agus mar a bhíodh ag sean-mhuintir Ghaeltacht na nDéise, ach tá éifeacht ag na meáin agus ar an taisteal ar na canúintí áitiúla go ginearálta. Chomh maith leis sin tá tarraingt ag an áit ar lanúin ó BÁC agus a leithéid a dteastaíonn uathu a gclann a thógaint le Gaelainn. Tá na daoine seo tar éis cur go mór leis an gceantar agus le misneach na gcainteoirí áitiúla.

    Go bunúsach, tá beagnach gach duine atá ag labhairt na Gaelainne sna Déise á labhairt toisc gur cinneadh coinsiasach a thógadar féin nó a muintir an teanga a labhairt.

    Sna ceantair eile sa tír, leanfaidh an meath go dtí nach bhfuil fágtha ach iad siúd nach bhfuil sásta géilleadh.

    Beidh dúshlán mór eile amach roimh An Rinn agus An Sean Phobal. Tá easpa tithíochta ann go náisiúnta agus tiocfaidh brú ar na húdaráis áitiúla cead pleanála a thabhairt do eastáit tithíochta ar thalamh feirmeoireachta. I gcás na Gaeltachta, is fúinn féin arís a fhágfar sinn chun a chinntiú gur do mhuintir na háite agus lucht labhartha na Gaelainne amháin a bheidh na tithe sin, seachas tithe saoire dóibh siúd gur deas leo tigh cois farraige a bheith acu, ach gur cuma leo ann nó as ár dteanga.

    Leanfaidh líon na gcainteoirí ag dul i méid i nGaeltacht na nDéise, ach muna mbeidh fáil ag tithe nua ag muintir na háite & cainteoirí Gaelainne amháin, is in aisce ar fad a bheidh sé.

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Tréaslaím le muintir Na Rinne agus An tSeanaPhobail ! Tugann sé ardú chroí agus meanman domsa an scéal seo a léamh agus mé thall anseo san Astráil. Eiseamláir é seo don tír ar fad. Mar a dúirt an tUasal Mac Murchú san alt seo thuas, ní ‘draíocht’ atá ag teastáil ach scata beag ceannairí tuiscineacha agus cumasacha, agus gan dabht tacaíocht láidir ón gcomharsan.

    Nár laige Dia bhur lámha!

    Criostóir Ó Maonaigh
    Melbourne na hAstráile [agus An Aird Mhór, Co Phortláirge]

  • Eoghan ONeill

    ach fan táid ann nar ghéill ariamh
    an dúchas beoga ina gcroí’
    seanscéalta ár sinsear ag na páistí
    spórt is scléip amuigh ag spraoí

    (rann as leagan gaelig ar an Internationale). Na Déise abú, maith sibh!

  • Brian Phelan

    Tá áthas mór orm, cé go bhfuil mé ó breac Gaeltacht Tiobraid Arainn

  • spleodar

    is cuis mhor athais e seo dom, bhraitheas i gconai go raibh mianach agus miotal i muintir na Rinne go hairithe. ach ca’il na haistritheoiri etc on Rinn, nill einne ag teacht chun cinn.