Ba dheas dá dtabharfadh lucht teilifíse radharc níos fearr dúinn ar an bpáirc

Tá an iomáint ag éirí an-chasta agus teaicticí agus pleananna imeartha éirithe an-tábhachtach ar fad

Ba dheas dá dtabharfadh lucht teilifíse radharc níos fearr dúinn ar an bpáirc

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

I ré seo an Covid-19 agus gan cead ag leantóirí freastal ar chluichí, is iontach go bhfuil mórán des na cluichí beo ar TG4, RTÉ, Eir agus GAAGO. An deireadh seachtaine seo caite bhí an t-aicsean go léir ó Roinn 1 na hiomána againn, bealach amháin nó bealach eile.

Is maith sin. Ach tá fadhb ag teacht chun solais maidir le léiriú iomáint na linne seo ar an scáileán, is é sin nach mbímid ábalta an pháirc a fheiceáil ina hiomlán minic go leor.

Bheadh sé go deas ó am go chéile radharc a fháil ar leagan amach na n-imreoirí, ar na himreoirí sin atá sa chuid den pháirc nach bhfuil an sliotar ann, ar an áit go díreach a bhfuil na himreoirí sin agus ar cad atá ar siúl acu ó thaobh na marcála.

Tá an iomáint ag éirí an-chasta agus teaicticí agus pleananna imeartha éirithe an-tábhachtach ar fad.

Mar a bhíonn go minic tá TG4 chun tosaigh ar dhreamanna eile agus úsáid bainte acu as ceamara teaicticí a leagtar taobh thiar de chúl amháin. Ach bheadh sé ina chabhair mhór don leantóir atá suite ar an tolg na laethanta seo dá mbeadh cuid den anailís ag leath ama agus i ndiaidh an chluiche á déanamh le cabhair radharcanna den pháirc go léir le linn na himeartha.

Bhí mórán teaicticí againn i gcoimhlint an tSathairn seo caite idir Corcaigh agus Tiobraid Árann agus mórán samplaí freisin den réiteoir Johnny Murphy ag luí go crua ar aon duine a shíl sé riail an phas láimhe nó riail na gcoiscéimeanna a bheith sáraithe aige.

Is annamh a thugtar níos mó ná poc saor amháin mar gheall ar riail na gcoiscéimeanna a bheith sáraithe, ach bronnadh roinnt acu ar an gcúis sin sa chluiche áirithe seo. Bhí James Owens aireach freisin ar riail na gcoiscéimeanna ar an Domhnach sa cluiche idir Luimneach agus an Ghaillimh agus thug sé roinnt pocanna saora i gcoinne na gciontóirí. Ní róshásta a bhí bainisteoir Luimnigh John Kiely leis an réiteoir céanna agus é an-buartha faoin méid pocanna saora a bronnadh go ‘bog’ ar Ghaillimh.

I gcoitinne déantar an iomarca cainte ar fad faoi na rialacha i ndiaidh cúpla babhta sraithe.

Tá conspóid faoin bpas láimhe ann le tamall agus aithnítear cé chomh deacair is a bhíonn sé ar réiteoirí an riail sin a chur i bhfeidhm.

Agus tá sé deacair, go háirithe agus gach buille agus gach gníomh ag tarlú faoi luas.

B’fhéidir go bhfuil sé in am fáil réidh leis an bpas láimhe ar fad, nó b’fhéidir gan an pas láimhe a cheadú ach amháin nuair a phreabtar an sliotar ón gcamán ar dtús.

Bhí bua an deireadh seachtaine ag Gaillimh, a fuair an ceann is fearr ar Luimneach agus ag Loch Garman a rinne teacht aniar an deireadh seachtaine in aghaidh an Chláir. Aontroim a thug taispeántas an deireadh seachtaine dúinn agus 3-15 ar chlár na scór acu i ndiaidh a gcluiche i gcoinne Chill Chainnigh.

Beidh a thuilleadh aicsin againn an deireadh seachtaine seo agus TG4 ag taispeáint Tiobraid Árann agus an Ghaillimh ag 1.30pm ar an Satharn. Tá dhá thaispeántas réasúnta maith tugtha ag na Tiobraid Árannaigh, ach beidh níos fearr ag teastáil uathu um thráthnóna má bhíonn na Gaillimhigh chomh lán díocais agus a bhíodar seachtain ó shin. Agus sin an dúshlán atá rompu – dhá nó trí thaispeántas maith a thabhairt i ndiaidh a chéile.

Ar an Domhnach ansin beidh coimhlint againn i bPáirc Uí Nualláin idir an dá fhoireann atá ar bharr roinn 1B – Loch Garman (a bhfuil Covid-19 ag cur as do chúpla imreoir leo) agus Cill Chainnigh. Feicfimid an bhfuil an seanord i réim arís.

Beidh cluiche mór eile againn Dé Domhnaigh i bPort Láirge nuair a thiocfaidh Luimneach ar cuairt. Ní déarfaidh mé ach go bhfuil feabhas ollmhór ag teastáil ó na Déise.

Fág freagra ar 'Ba dheas dá dtabharfadh lucht teilifíse radharc níos fearr dúinn ar an bpáirc'