Athruithe beartaithe ag TG4 ar a sheirbhís nuachta a bhuíochas do mhaoiniú breise

Cuirfidh TG4 tús le cur i bhfeidhm phlean nua do chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha in 2022

Athruithe beartaithe ag TG4 ar a sheirbhís nuachta a bhuíochas do mhaoiniú breise

Tá TG4 i mbun machnaimh faoi chur lena seirbhísí nuachta agus cúrsaí reatha an bhliain seo chugainn.

Ag labhairt di ag seoladh bhuiséad a Roinne an tseachtain seo, dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, go raibh súil aici go gcuideodh an maoiniú breise €4.2 milliún a ceadaíodh do TG4 cur lena soláthar nuachta.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie go gcuirfear tús an bhliain seo chugainn le plean nua do chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha de thoradh an mhaoinithe nua.

Bheadh an plean sin ag brath cuid mhaith ar na moltaí a dhéanfar i dtaobh soláthar nuachta agus cúrsaí reatha na meán Gaeilge i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, atá le foilsiú níos deireanaí i mbliana.

Dúirt TG4 go mbeidh an cur chuige maidir le réimse na nuachta ag brath ar na moltaí sin ach go bhfuil an stáisiún i mbun staidéir ar sholáthar a dhéanamh ar chláir nuachta agus cúrsaí reatha, sa bhreis ar an méid a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún.

Faoi láthair is iad RTÉ a chuireann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – ar fáil mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

“Cuirfidh muid suim sa méid a bheas le rá ag an gCoimisiún – má tá aon rud le rá acu – maidir leis an gcaidreamh ‘uair an chloig sa lá’ idir RTÉ agus TG4 atá sa reachtaíocht faoi láthair,” a dúirt TG4.

Tá soláthar nuachta agus cúrsaí reatha TG4 i mbéal an phobail le tamall ó dúradh san aighneacht a chuir an stáisiún faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

Dheimhnigh TG4 freisin gur ar chláir Ghaeilge amháin a chaithfí an maoiniú breise atá faighte acu sa Bhuiséad.

Dúirt TG4 go dtagann an maoiniú do chláir Bhéarla ó airgead tráchtála agus go gcaitear an maoiniú reatha ar chláir Ghaeilge. Maoiniú reatha atá i gceist le €4 milliún den mhaoiniú breise agus airgead caipitil nua atá sa €200,000 eile.

Thug TG4 le fios go mbeadh tionchar ag an ardú beag ar airgead caipitil ar na pleananna atá leagtha amach ag an stáisiún don tréimhse i ndiaidh na paindéime.

“Beidh tionchar aige seo ar na pleananna atá i ‘Fís TG4 Tar Éis Covid’, ina measc ár bpleananna do chainéal ar leith do Cúla4 agus ardáin nua dhigiteacha do ‘Nuacht TG4’,” a dúirt urlabhraí TG4. “Dar linne, tá na hardáin nua seo don óige agus don nuacht lárnach don fhís atá againn agus leanfaidh muid orainn ag iarraidh ár spriocanna a bhaint amach.”

€45 milliún a bheidh á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4 in 2022.

Má chuirtear san áireamh an bhreis agus €7 milliún a chaithfidh RTÉ ar chláir do TG4 an bhliain seo chugainn agus an tacaíocht a fhaigheann an stáisiún ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann, breis is milliún sa tseachtain a bheidh á chaitheamh ar an tseirbhís.

Fág freagra ar 'Athruithe beartaithe ag TG4 ar a sheirbhís nuachta a bhuíochas do mhaoiniú breise'