Athrú saoil ó thuaidh a bhuíochas do Westminster

Faoiseamh do lucht feachtais agus dúshlán do pholaiteoirí Stormont a bhí i vóta Westminster maidir le cearta pósta agus díchoiriúlú an ghinmhillte

Athrú saoil ó thuaidh a bhuíochas do Westminster

Arb é ról an DUP mar thaca le rialtas na gCaomhach ba chúis leis? Nó admháil nach dtig le Parlaimint na Ríochta Aontaithe neamhshuim a dhéanamh d’easpa rialtais agus ceilt cearta i gceann dá réigiúin? Nó na feachtais chumasacha a d’eagraigh fear as deisceart Ard Mhacha, an feisire de chuid an Lucht Oibre, Conor McGinn agus a chomhghleacaí, an feisire Stella Creasy? Meascán de na cúiseanna sin ar fad, is dócha, ba chúis le droim láimhe a thabhairt leis an nós nach gcuirfeadh feisirí a ladar i ngnóthaí réigiúin dhíláraithe.

Cibé údar a bhí ag feisirí cuireadh na múrtha fáilte abhus roimh a gcinneadh Dé Máirt seo caite athruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht shóisialta Thuaisceart Éireann a ordú. Mura mbíonn feidhmeannas athbhunaithe in Stormont faoin 21 Deireadh Fómhair seo chugainn beidh oibleagáid ar rialtas Westminster ceart an phósta chomhghnéis i dTuaisceart Éireann a chur ar bhonn reachtúil. Ba é sin moladh an fheisire Conor McGinn. Ina theannta sin ghlac na feisirí le moladh an fheisire Stella Creasy go gcuirfí ar ceal an dlí coiriúil maidir le ginmhilleadh agus go nglacfaí le reachtaíocht bunaithe ar mholtaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh leithcheal ar mhná.

Mar is dual dóibh bhí lucht feachtais in aghaidh an ghinmhillte thar a bheith míshásta ach bhí ríméad ar na daoine atá ag éileamh athruithe ar rialacha ó Stormont – éileamh in aisce le fada.

Lá stairiúil, lá caithréime agus faoisimh ab ea é dar le lucht an fheachtais ar son cearta pósta do dhaoine LADT. D’fháiltigh móramh an phobail abhus roimh an toradh cé is moite den DUP a bhain leas as veto san Tionól in Stormont trí bliana go leith ó shin chun vóta ina fhabhar a chur ar ceal.

Bhí an DUP ar buile mar gur ceadaíodh plé ar na rúin i dTeach na dTeachtaí, iad ag gearán gur shárú ar phrionsabail na déabhlóide é. Ag cloí lena bpolasaithe seanbhunaithe bhí siad dubh dóite in aghaidh an dá rún; níl aon ghlacadh acu le pósadh comhghnéis ná le ginmhilleadh. Moladh na rúin mar leasuithe ar Bhille an Státrúnaí, Karen Bradley, chun an gá le toghchán abhus, cheal Feidhmeannais, a chur ar fionraí go dtí an 21 Deireadh Fómhair ar a thúisce.

Baineadh stad as an DUP gur cheadaigh an páirtí Caomhach saorvóta coinsiasa ar na rúin. Labhair gach duine acu sa díospóireacht agus chuir siad isteach ar chainteoirí eile go minic ach bhí sé fánach acu. Glacadh leis an moladh faoin bpósadh comhghnéis le móramh 310 ( 382 i bhfabhar, 72 i gcoinne). Ba mhó a mbuairt faoi mholadh Stella Creasy maidir le cearta ginmhillte ach glacadh leis le móramh 233 ( 332 i bhfabhar an rúin, 99 ina choinne).

Ba iad na hargóintí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar fheisirí na cinn a bhain le freagracht an rialtais in Westminster i leith chearta an duine. Is cosúil go mbeadh nó go mbeidh feidhmiú an chinnidh maidir le pósadh comhghnéis simplí go leor mura mbíonn feidhmeannas in Stormont faoin 21 Deireadh Fómhair. Níl feidhmiú an rúin faoin nginmhilleadh chomh simplí sin áfach.

Dúirt an feisire Stella Creasy, Lucht Oibre, agus an rún á mholadh aici, go raibh ceangal ar an bParlaimint in Westminster faoi Alt 26 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998 a ndualgais idirnáisiúnta a chomhlíonadh fiú nuair atá an Tionól ina shuí. Tá práinn le comhlíonadh na ndualgas sin dar léi ó tá an Tionól scortha le dhá bhliain go leith. Ní mór a dhul i ngleic, ar sí, le cinneadh Choiste na Náisiún Aontaithe in aghaidh Leithcheal ar Mhná gur sháraigh an dlí i leith an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann cearta na mban. Ní easpa srianta a bhí á mholadh aici ach treoracha leighis seachas dlí coiriúil, a dúirt sí. Bheadh gá le plé agus anailís faoi na treoracha sin.

Deir lucht cáinte an rúin gur ginmhilleadh ar éileamh atá i gceist ach shéan Creasy é sin as éadan agus thagair sí do na treoracha atá ullmhaithe cheana féin ag saineolaithe leighis. Beidh feachtas fíochmhar in aghaidh an chinnidh, áfach. Tá lucht na gluaiseachta frith-ghinmhillte gníomhach cheana féin agus tá easpaig ag tathant ar Chaitlicigh labhairt amach in aghaidh leasú ar bith ar an dlí.

Go bunúsach rinneadh na cinntí seo mar gur theip ar Stormont iad a dhéanamh nó teacht ar réiteach fúthu. Má theastaíonn uathu ceannas a choinneáil faoi fheidhmeannas díláraithe Stormont tá an dúshlán soiléir, má tá siad in ann aige.

Fág freagra ar 'Athrú saoil ó thuaidh a bhuíochas do Westminster'

  • Pádraig

    is fuath liom an Dup ach tá meas agam orthu mar tá luacha acu a aontaím leis.Molaim dóibh an fód a sheasamh agus bheinn mar Chaitliceach mar Náisiúnaí agus mar Ghaeilgeoir leo seachas i dtaobh Acht na Gaeilge de.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Más maith is mithid! Brostaigh orthu! Bhí sé de cheart acu é seo agus tuilleadh a dhéanamh dhá bhliain ó shin! Náire orthu! Más Ríocht Aontaithe atá ann caithfidh an ríocht ar fad bheith freagrach.