Athrú mór á thuar i dtionscal na feamainne i gConamara

Bhí punt le baint as an bhfeamainn i gcónaí agus choinnigh Arramara Teo cúrsa le 75 bliain

Athrú mór á thuar i dtionscal na feamainne i gConamara

Bhí punt le baint as ag chuile dhuine.  Siad na puint a bhí ann nuair a bhí an fear as Ceantar na nOileán i mbun corráin agus píce agus climíní i gcladaí Chonamara.  Ag comhrá a bhí sé i gCill Chiaráin in iarthar Chonamara an lá cheana.  An fheamainn bhuí.   In ionad oibre Arramara Teoranta a bhí an chaint, an comhrá agus an ceiliúradh; 75 bliain atá an comhlacht i mbun gnó.  Mura bhfuil sé ar an ngnó táirgíochta is faide atá ar an saol sa nGaeltacht, níl sé i bhfad as.

Go deimhin, is dóigh go raibh trí athrú ar an airgead sa tír seo ó bhí an fear úd sna cladaí – an punt sterling agus an ceangal le hairgead Shasana; an punt Éireannach, agus ina dhiaidh sin an euro.  Choinnigh Arramara Teoranta a chúrsa ón gcéad lá.

Ar an meán, ní mhaireann na 500 comhlacht ar innéacs Standards and Poor – comhlachtaí cumhachta an tsaoil – ach tuairim 10 mbliana.   Corrach go maith atá cúrsaí gnó; ní mór a bheith istigh agus amuigh de léim más gá.  “Nimbleness,” a thugann lucht na heacnamaíochta air.   Laghdaigh tréimhse saoil na gcomhlachtaí san innéacs Standards and Poor ó 35 bliain sna 1960idí go dtí níos lú ná a leath sin anois.   Ach ní raibh sna 35 bliain féin ach níos lú ná leath na staire agus na mblianta atá ag baint le Arramara Teoranta.

Tá cúiseanna leis an tsíoraíocht atá i gcomhlacht Arramara Teo; bhí an t-ábhar a theastaigh uathu ar leic an dorais i dtéarmaí gnó.   Lena chois sin, bhí na fir ar fáil – fir ba mhó a bhí ag baint fheamainne – in imeacht na mblianta.

Bhí punt le baint ag chuile dhuine as.  Duine a raibh cónaí air cois cósta, agus a bhí ábalta ar obair fhisiciúil, bhí deis aige punt a bhaint as an bhfeamainn.  Airgead é a saothraíodh go crua ach, ar a laghad ar bith, bhí an deis ann.   

Fásann an fheamainn bhuí go féiltiúil agus go fairsing ar chóstaí chuid mhaith de na contaetha Gaeltachta i gcónaí.  Ach níl na fir ag fás suas ar an gcaoi chéanna.  Ní chleachtann formhór na bhfear óg obair an chladaigh; tá a gcompás dírithe ar an scolaíocht acadúil agus ar shaol an bhaile mhóir agus ní in Éirinn amháin atá an scéal amhlaidh.   

“Sé an scéal céanna é, go pointe, ar chósta thoir Cheanada,” a deir Chris Morrissey, an Bainisteoir Acmhainní in Acadian Sea Plants in Albain Nua.  “Mar a chéile leis sin atá sé ar Shealtainn ar chósta thiar na hAlban,” a deir an tUasal Morrissey.  Tá ionad ag Acadian Sea Plants ar an Oileán ó Thuaidh in Uist.

Bhí Chris Morrissey i gCill Chiaráin arú inné agus é páirteach sa gceiliúradh ansin.   Glacann sé leis go raibh goimh nó dhó le leigheas ag Acadian Sea Plants ó thángadar go Conamara ach táthar dóchasach go mbeidh borradh agus fás ar Arramara Teoranta, faoi stiúir Acadian Sea Plants amach anseo.   “Ag tabhairt buille faoi thuairim atá mé anois,” a deir Chris Morrissey “ach silim go mbeidh athrú mór ar obair na monarchan anseo faoi cheann trí nó cúig de bhlianta”.    

De réir mar a fheiceann Chris Morrissey an saol is é an chaoi go mbeidh leacht á dhéanamh den fheamainn amach anseo.  Ní bheidh an triomú á dhéanamh an uair sin, ach  bheadh infheistíocht mhór airgid i gceist le haghaidh an athraithe sin, a deir an tUasal Morrissey.

Feictear do Chris Morrissey go mbeidh sé mar sin freisin acu i gCeanada agus ar an Oileán ó Thuaidh in Uist in Albain freisin.  Bainfear go leor leasa as an bhfeamainn leachtaithe i gcúrsaí feilméarachta, dar leis.    

Tá sé ráite go forleathan cheana féin go bhféadfadh an cineál feamainne ar a dtugtar asparagopsis maolú mór a dhéanamh ar an ngás a thagann as brúchtaíl na mbeithíoch a dhéanann dochar mór don atmaisféar.   Ach is cosúil go bhféadfadh roinnt buntáistí den sórt sin a bheith bainteach leis an bhfeamainn bhuí chomh maith.   “Tá taighde ar bun faoi seo,” a deir Chris Morrissey. “Ach caithfear a bheith foighdeach.  Tá seans ann gur ‘game changer’ a bheadh ann don tionscal feamainne.”

Ach céard faoin dúshlán is gaire den doras ó thaobh soláthar feamainne agus Arramara Teo ó tharla coimhlint chrua  a  bheith ann anois ar thóir feamainne?

“Teastaíonn idir 20,000 agus 25,000 tonna feamainne sa mbliain uainn le bonn ceart, láidir a choinneáil faoin gcomhlacht.  Shroich muid an sprioc sin an chuid is mó den am ó tháinig Acadian i gceannas ar Arramara Teo ocht mbliana ó shin.  Níor éirigh linn cúpla bliain.”

Ceapann an tUasal Morrissey go gcuideodh an t-ardú atá curtha ar an íocaíocht as tonna feamainne ag Arramara leis an soláthar; €85 an tonna atá á íoc ar thonna feamainne as an gcladach anois, ardú €10 ar an bpraghas a bhí ar fáil suas go Lúnasa.  Deir sé go bhfuil an praghas anois a dhá oiread níos mó ná an praghas ar thonna feamainne nuair a tháinig Acadian Seaplants go hÉirinn in 2014.

“Creidim,” a deir Chris Morrissey “gur fiú go mór do dhaoine a dhul chun cladaigh agus an praghas sin dá íoc againn.”

Fág freagra ar 'Athrú mór á thuar i dtionscal na feamainne i gConamara'