Athraigh an teideal, agus athraigh léamh an léitheora ar scéal

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: is beag an smacht a bhíonn ag scríbhneoir ar an mbrí a bhainfidh an léitheoir as scéal sa deireadh, ach is féidir le teideal fóirsteanach an léitheoir a chur sa treo ceart.

Athraigh an teideal, agus athraigh léamh an léitheora ar scéal

Tá gearrscéal a ndéanfá athléamh air ar nós seomra suí i dteach a siúlfá thairis ar do bhealach abhaile agus a mbreathnófá isteach ann ó am go chéile tríd na cuirtíní oscailte. Cé nach n-athraíonn an troscán sa seomra suí ach chomh beag leis na focail ar na leathanaigh ar a bhfuil an gearrscéal clóite, bíonn cuma éagsúil ar a mbíonn le feiceáil gach uile uair.

I gcás an tseomra, athraíonn an solas, athraíonn an aimsir, agus tugann an té a bheadh ag siúl thar an bhfuinneog rudaí faoi deara a bhí sa seomra riamh, ach nár thug sé suntas dóibh. I gcás an scéil, téann an léitheoir in aois, tagann athrú ar a dhearcadh ar an saol, tagann athrú ar an saol féin, agus dá réir sin, tagann athrú ar léamh an léitheora ar scéal a bheadh léite aige cheana.

Ainneoin an dua ar fad a chaithfeadh scríbhneoir le scéal, sa deireadh is beag an smacht a bhíonn aige ar an mbrí a bhainfidh an léitheoir as. Ach tá bealach ar fáil dó chun léamh an léitheora a threorú: an teideal.

Chaith mé an tseachtain seo caite ag cur barr feabhais ar leagan Ísiltírise de ghearrscéal liom a foilsíodh i nGaeilge roinnt blianta ó shin, ‘An neascóid’. Tagairt é an teideal sin do dhúspéis dhuine de na príomhcharachtair i gceist na Gaeilge, ‘neascóid nimhe’ ina aigne nach ligeann dó, dar le hiar-leannán, ‘an saol a fheiceáil mar atá.’

B’fhacthas dom nár fheil an teideal sin don leagan Ísiltírise, toisc gur tharraing sé aird ar cheist pholaitiúil nach mbaineann leis an léitheoir Ísiltíreach. Scéal polaitiúil é ‘An neascóid’, cinnte, ach scéal grá é freisin agus portráid de chathair Liospóin lena chois. D’fhonn aird a tharraingt ar na gnéithe sin den scéal, thug mé ‘Spéir ar dhath saudade’ ar an leagan Ísiltírise.

Ar an bpointe boise, tháinig athrú ar mo léamh féin ar an scéal. Bhí sé ar nós go raibh mé tar éis solas sráide a bhí taobh amuigh de theach éigin ar shiúil mé thairis na céadta uaire a bhogadh: go tobann, bhí an taobh eile den seomra a bhí le feiceáil tríd an bhfuinneog sa spotsolas.

Fág freagra ar 'Athraigh an teideal, agus athraigh léamh an léitheora ar scéal'