As seo go ceann bliana beidh oidhreacht an ghalair a bhain croitheadh as an domhan le feiceáil

Beidh dúshláin go leor le sárú ag polaiteoirí agus lucht polasaí sa bhliain atá amach romhainn

As seo go ceann bliana beidh oidhreacht an ghalair a bhain croitheadh as an domhan le feiceáil

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

In 2020 a d’fhoghlaim muid faoin Covid-19. As seo go ceann bliana beidh oidhreacht an ghalair a bhain croitheadh as an domhan le feiceáil. Beidh na comhghuaillíochtaí a tháinig chun cinn mar thoradh air, na fiacha a bheidh le glanadh agus na ceachtanna atá foghlamtha le meas.

Sular féidir tabhairt faoi chuid ar bith den obair sin ní mór a rá go bhfuil Covid-19 fós linn agus cúrsaí imithe in olcas go mór arís le tamall. Chuile sheans go mbeidh an dianghlasáil fós ann  tar éis tar éis an 31 Eanáir.

Cé go bhfuil rí rá agus gleo go leor faoi vacsaíní is é fírinne an scéil go mbeidh roinnt míonna ann fós sula mbeidh córas réidh lena ndáileadh. Ní féidir an rud nach bhfuil agat a dháileadh agus beidh sé tamall sula mbeidh an oiread de na vacsaíní ar fáil agus go mbeidh cosaint ar fáil dúinn ar fad.

An scrios atá déanta ar an eacnamaíocht an fhadhb mhór a bheidh le réiteach ansin. Meastar go bhfuil poist imithe de bharr Covid-19. Tá sé mar aidhm ag an rialtas iad sin a bheith cruthaithe arís taobh istigh de dhá bhliain. Sprioc uaillmhianach nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil deireadh déanta ag Covid agus nach bhfuil tuairim againn cén scrios a dhéanfaidh an Breatimeacht ar chomhlachtaí beaga. Cuir leis sin an poll €23 billiún sna cistí poiblí agus an cúnamh leanúnach atá ag teastáil ón gcóras sláinte.

Ar bhealach is i mbliana a fheicfidh muid an mbeidh an comhrialtas in ann aon chuid de na geallúintí a tugadh sa gclár rialtais i mí Meitheamh seo caite a chomhlíonadh. Ceann de na nithe ba mhó a bhí i gceist leis an gclár rialtais ná aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide. Go deimhin, an gheallúint faoi bhille aeráide a mheall go leor de bhaill Chomhaontas Glas dul le comhrialtas. Bhí an páirtí sásta go maith leo féin aimsir an Bhuiséid ach is beag atá cloiste uathu ó shin. Céard atá i ndán do na Glasaigh in 2021? Braithfidh sé sin gcuid mhaith ar an mbrú a thiocfaidh ar acmhainní rialtais agus an méid a chuirfear ar fáil do bheartais chomhshaoil.

Idir an dá linn tá corraíl inmheánach go leor sna mórpháirtithe eile. Tá obair mhór le déanamh ag Fianna Fáil. Is beag an mhaith a bheith i rialtas má tá teachtaireacht an pháirtí plúchta ag an tsíor-argóint agus an spochadh ar a chéile idir Fine Gael agus Sinn Féin. Tá éileamh cheana féin ó chúlbhinseoirí a bhfuil imní orthu faoin gcéad olltoghchán eile. Tá an toghchán sin i bhfad uainn ach is beag rud a d’fhéadfadh ceann de na páirtithe a ghríosú le cúl a thabhairt le socrú an chomhrialtais agus ansin beidh na páirtithe ag brath in athuair ar an méid a rinne siad le linn dóibh bheith i gcumhacht le dul i gcion ar an bpobal.

Cruthóidh 2021 deacrachtaí go leor eile do Shinn Féin má tá ceacht ar bith le foghlaim ón méid atá tarlaithe le roinnt seachtainí. Déanfar comóradh ar an sos comhraic i gcogadh na saoirse agus ar bhunú Thuaisceart Éireann céad bliain ó shin chomh maith le tús na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada dhá scór bliain ó shin. Caithfidh siad a bheith cinnte nach orthusan mar pháirtí a bheidh aird ach ar thábhacht na n-imeachtaí stairiúla féin. Tá deis acu mar phríomhpháirtí an fhreasúra a bheith i lár an aonaigh go polaitiúil. Má dhéanann siad praiseach de trí bheith míchúramach ina gcuid cainte agus ar na meáin shóisialta, deis amú a bheidh inti.

Is cinnte go mbeidh an saol aisteach arís ar a laghad go ceann leathbhliana. Beidh dúshláin go leor le sárú ag polaiteoirí agus lucht polasaí. Is é deireadh a scéil gurb í an imní a bheidh ar an gcuid is mó againn go mbeidh muid féin agus ár muintir slán sábháilte.

Go raibh rath ar ár gcuid iarrachtaí ar fad ionas gur amhlaidh a bheidh.

 

Fág freagra ar 'As seo go ceann bliana beidh oidhreacht an ghalair a bhain croitheadh as an domhan le feiceáil'