AR SON NA CÚISE: McHugh le ranganna Gaeilge a chur ar fáil don Phápa

Deir an tAire Stáit McHugh nach féidir leis mórán a rá fós faoina ról i gcuairt an Phápa, ach go bhfuil ‘achan rud ag dul ar aghaidh go maith ar an talamh'

AR SON NA CÚISE: McHugh le ranganna Gaeilge a chur ar fáil don Phápa

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go bhfuil an Glanfhoghlaimeoir is Gasta sa Ghleann Joe McHugh ceaptha chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar Skype don Phápa Francisco sula dtabharfaidh sé a  chuairt ar Éirinn mí Lúnasa.

Ag labhairt dó go heisiach le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin, dúirt an tAire Stáit McHugh nach bhféadfadh sé mórán a rá fós faoina ról i gcuairt an Phápa, ach go raibh “achan rud ag dul ar aghaidh go maith ar an talamh”.

“Má tá aon smaointe ag an bPápa fadúda an phleanáil teanga nó an straitéis nó an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin nó fadúda na rudaí fadúda na rudaí, tá mise anseo agus tá mo chluasa oscailte fadúda sin, ” a dúirt McHugh.

Meastar go bhfuil an-seans ann go labhróidh an Pápa cúpla focal de theanga Bhríd agus Phádraig agus é in Éirinn, agus tuigtear go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh dá réir go n-áireofaí a chuairt mar imeacht oifigiúil de chuid Bhliain na Gaeilge.

Dúirt foinse amháin sa Chonradh le Ar Son na Cúise aréir go rabhthas “ar bís” faoi chuairt an Phápa.

“Nuair a smaoinigh muid ar dtús ar Bhliain na Gaeilge bhí a fhios againn gur smaoineamh iontach a bhí ann, ach níor shíl muid riamh go mbeadh leathmhilliún duine ag freastal ar cheann de na hócáidí. Sin níos mó ná duine amháin do gach euro atá á chaitheamh ag an Stát ar an cheiliúradh ar fad. Leathmhilliún duine! Beidh sé níos mó ná Lá na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, fiú!” a dúirt an Conraitheoir.

Nuair a d’fhiafraigh Ar Son na Cúise d’urlabhraí de chuid an Phápa sa Vatacáin an raibh a fhios ag Francisco go raibh a leithéid de rud ann agus Bliain na Gaeilge, dúirt an t-urlabhraí, “Ó, tá chuile shórt ar eolas ag an bhfear sin”.

Tig le Ar Son na Cúise a dheimhniú chomh maith go bhfuil socruithe sealadacha eile déanta ag an bPápa nach bhfuil foilsithe fós.  

Ina measc sin, tá iarratas speisialta ó Oifig na Míorúiltí sa Vatacáin go mbeadh dhá thicéad Ard-Chomhairle ar fáil don Phápa sa gcás go n-éireodh le Maigh Eo dul chomh fada leis an gCluiche Ceannais Peile (Fir) ar an Domhnach dár gcionn.     

Meastar go bhfuil oiread sin paidreoireachta déanta ag muintir an chontae sin, ag impí ar Dhia fóirithint orthu ón nGorta, go bhfuil an Pápa reatha chun tacú leo.   “Ba mhaith le Francisco an mhíorúilt áirithe seo a fheiceáil dó féin,” a dúirt foinse rúnda linn.

Ba é Pius XII a bhí i gCathaoir Pheadair nuair a bhuaigh peileadóirí Mhaigh Eo Craobh na hÉireann go deireanach agus tá cúigear eile  (Eoin XXIII, Pól VI, Eoin Pól I, Eoin Pól II agus Benedict XVI) théis suí inti ó shin agus gan aon dé fós ar  Chorn Shomhairle Mhaguidhir sa gcontae.    

Is cosúil go bhfuil an Pápa reatha sásta a chion féin a dhéanamh má éiríonn le fir an iarthair dul chomh fada leis an gcluiche ceannais.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: McHugh le ranganna Gaeilge a chur ar fáil don Phápa'

  • wtf

    Tá súil agam nach ndéanfaidh Francisco an botún céanna foghraíochta is a rinne an Pápa deireanach i nDroichead Átha nuair a dúirt; ‘Yongg peeple of hIreland I llovve Uhu.’ (gliú is ea Uhu).

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Ní cúis gāire in ao’ chor é seo bíodh fhios agat a Chúiseathóir mhí nâirigh.
    Teanga agus tír bheannaithe na hËireann atā i gceist.
    Feac do ghlúin a bheadaí.

  • wtf

    Thug Banríon Shasana fuaimeanna na Gaeilge léi go feillebhinn nuair a labhair sí sa Dáil. Níorbh aon nath leis an bPápa Eoin ná le Óbáma í a thabhairt leo ach oiread. Ach ‘ní féidir linne’….’ní féidir linne’.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Ní haon cúis duitse ,a WTF, masla a chaitheamh i dtreo an Pápa EP II a rinne éacht lena chuairt chughainne i 1979 – beidh fáílte roimh Pronsíos le Gaeilge nó gan í. Cad a shásófása? Faic déarfainn . Dé chúis nach mholfá dos na hAiri uilig Gaeilge a fhoghlaim – agus Céad Mile Fáilte a rá nuair a thiocfaidh an Pápa in ár dteannta!

  • wtf

    Fearaim fíorchaoin fáilte roimh a shoilse an Pápa Proinsias chuig talamh iathghlas (dóite) na hÉireann….ach gan taobhú le ‘uhu’ ná le haon rud eile dá shórt go poiblí (leithéis?). Chuir na hAirí in aghaidh Katherine Connolly as Gaeilge a labhairt i láthair Junker Goldman Sachs sa ‘Doyle’. Tuige a gcuirfeadh an cineál sin fáilte Ghaelach roimh Ringo na Róimhe (leithéis eile).

  • wtf

    ‘an cineal sin’….Airi na Dala….nach raibh sasta le Katherine Connolly as Gaeilge a labhairt

  • wtf

    Ar Nuacht RnG inniu, “Beidh an Pápa Proinsias ag eitilt isteach go Cnoc Mhuire”. Míorúilt eile ar na bacáin?? Bhí iomrá riamh ar Naomh Proinsias as a bheith leanúnach ar an éanlaith ach tá an Pápa eadarbhuasach seo imithe chun cinn air, deallraíonn sé. Ní mé an bhféadfadh a Shoillse ceachtanna san eadarbhuas a mhúineadh do McHugh? Féadfaidh an tAire a chinntiú ansin go bhfuil “achan rud ag dul ar aghaidh go maith ar an talamh”!!