Ar scáth a chéile a mharaítear na daoine?

Is sampla breá an cuardach ar muir de na dea-thréithe a bheidh ag teastáil fad a mhairfidh géarchéim an choróinvíris: crógacht, éirim, tarraingt le chéile, dea-eagar agus dúthracht

Ar scáth a chéile a mharaítear na daoine?

Tá buíochas an náisiúin tuillte go hard ag Patrick Oliver agus ag a mhac Morgan.  Ní hamháin toisc gur tharrtháil siad an bheirt chlárchéaslóirí a chuaigh amú i gCuan na Gaillimhe Dé Céadaoin, ach toisc gur thugadar cúis áthais agus misnigh do gach duine sa tír Déardaoin.

Bhí faitíos ar mhórán faoi thitim na hoíche Dé Céadaoin nach ina mbeatha a d’aimseofaí Ellen Glynn agus a col ceathrar Sara Feeney tar éis oíche chrua ar an bhfarraige. Ach tháinig dea-scéala an lá dár gcionn go raibh an bheirt slán ainneoin iad a bheith ar iarraidh le 15 uair an chloig.

Is sampla breá scéal an chuardaigh de na dea-thréithe a bheidh ag teastáil arís agus arís eile sa tír fad a mhairfidh géarchéim an choróinvíris: crógacht, éirim, tarraingt le chéile, dea-eagar agus dúthracht.

Tá ceacht tábhachtach le foghlaim ó dhúthracht an lucht cuardaigh go háirithe, mar atá ó dhúthracht gach dream a théann i mbun cuardaigh nuair a bhíonn daoine ar iarraidh ar muir. Leanadar lena gcuardach i rith na hoíche agus arís ar maidin fiú nuair a bhí an dóchas go n-aimseofaí Sara agus Ellen in am ag meath.

Beidh buan-diongbháilteacht dá leithéid riachtanach ar feadh an gheimhridh fhada atá romhainn, agus ina dhiaidh. Ní foláir don rialtas agus do gach saoránach sa tír cuimhneamh ar an fhírinne chrua ar féidir í a achoimriú i dtrí abairt: Níl vacsaín in aghaidh an víris ar fáil. Níl cógas ná leigheas ar an víreas ar fáil. Ní fios cén uair a bheidh vacsaín shábháilte nó cógas éifeachtach ar fáil.

Tá an córas polaitiúil ag déileáil i gcónaí mar sin leis an ngéarchéim is tromchúisí dár tharla ó bunaíodh an stát. Faoi láthair ní féidir fiú buille faoi thuairim a thabhairt faoi fhad na géarchéime, ná faoin fhad a thógfaidh sé an díobháil atá déanta agus a dhéanfar a leigheas.

Is féidir an víreas corónach a chur i gcomparáid leis an Dara Cogadh Domhanda, a chuir isteach go mór ar shaol na tíre ar go leor bealaí nach raibh sé ar chumas rialtas Éamon De Valera a chosc. Níl lárphointe an chomhraic sroichte againn fós. Tá éiginnteacht i réim anois, mar a bhí ar fud an domhain go dtí gur sháraigh arm na Rúise fórsaí na Gearmáine in Stalingrad i 1943. Ón am sin ar aghaidh, cé nach bhféadfaí fad an chogaidh a thuar, bhí a threo agus a thoradh níos soiléire.

Níl an pointe tábhachtach síceolaíochta agus pleanála sin sroichte fós faraor sa chomhrac in aghaidh an choróinvíris. Tá tréimhse dhuairc dhainséarach romhainn i rith an gheimhridh, go háirithe mar gheall ar na laigí sa tseirbhís sláinte a bhí soiléir sular thosaigh ré an víris. Is faide fós na liostaí feithimh anois, liostaí bhí rófhada i mí Feabhra. Is mó freisin an chontúirt go gcaillfear daoine cheal cóir leighis a bheith curtha ar fáil dóibh in am.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil uirlisí éifeachtacha ar fáil leis an dainséar a mhaolú: tástáil agus rianú gan mhoill, in imeacht lae ar a mhéid – dhá rud nár cuireadh ar fáil fós, cé go bhfuil feabhas geallta.  Is fusa don phobal beartais éifeachtacha phearsanta a chur i bhfeidhm: na lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh, casachtach agus sraothartach go cúramach, agus cloí leis an scaradh sóisialta.

Tá neamhaird á tabhairt ag mionlach ar bheartais dá leithéid, agus gá le feachtas poiblíochta le béim a chur athuair ar a dtábhacht. B’fhéidir go mb’fhiú casadh nua a bhaint as seanfhocal nó dhó.

In ionad ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ abair, d’fhéadfaí ‘Ar scáth a chéile a mharaítear na daoine’ a rá ar fhógraí sláinte an rialtais chun daoine a ghríosú le coinneáil amach óna chéile.

Ró-ghruama? Beidh go leor laethanta gruama romhainn sula dtosóidh ré an téarnaimh, uair éigin.

Fág freagra ar 'Ar scáth a chéile a mharaítear na daoine?'