Ar cheart do scríbhneoir páistí a bheith aige nó aici?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cúrsaí clainne

Ar cheart do scríbhneoir páistí a bheith aige nó aici?

Ar cheart do scríbhneoir páistí a bheith aige/aici? Ceist í sin a thiocfaidh aníos i saol gach scríbhneora lá breá éigin, agus a thagann aníos sa trácht ar an scríbhneoireacht chruthaitheach go tráthrialta. Ós rud é gur bhain mé féin an aois amach, an lá cheana, a bhí ag m’athair nuair a saolaíodh mise, shocraigh mé aghaidh a thabhairt uirthi mé féin.

Ceist achrannach í, mar is léir ó theideal leabhar aistí a chuir an t-údar as Meiriceá, Meghan Daum, i dtoll a chéile bliain nó dhó ó shin: Selfish, Shallow, and Self-Absorbed: Sixteen Writers on the Decision Not to Have Kids. 

Síos tríd na blianta, is iomaí comhairle a chuir údair iomráiteacha ar ábhair scríbhneoirí maidir le cúrsaí clainne, ach mar is dual do scríbhneoirí, ní bhíonn siad ar aon tuairim. 

Dar le leithéidí Cyril Connolly, Richard Ford agus Doris Lessing (bean a thréig a beirt pháistí féin ar mhaithe lena cuid scríbhneoireachta) nár cheart do scríbhneoir clann a chur ar an saol ar chor ar bith: ní bheadh na páistí ach sa bhealach. 

A mhalairt a deir Zadie Smith, Jane Smiley agus Hari Kunzru. Bíodh páistí ag scríbhneoirí, oiread agus ab áil leo! 

B’fhéidir, a deir Rachel Cusk.

Ná bíodh ag scríbhneoir ach páiste amháin, a deir Alice Walker.

An deacracht atá agam féin le cuid mhór den díospóireacht faoin gceist seo ná nach gcloistear ach tuairimí na scríbhneoirí. Ní thugtar cluas éisteachta ach go hannamh do thuairimí na bpáistí féin (iad sin a tháinig ar an saol atá i gceist agam ar ndóigh – bheadh sé deacair cluas éisteachta a thabhairt do pháistí nár gineadh.)

Tarlaíonn go dtuigim féin dá thaobh an scéil.

Cumadóir ceoil a bhí i m’athair. Le nótaí ceoil a líonadh sé na leathanaigh bhána a bhíodh roimhe seachas le focail, ach is beag an difear. Chaith sé m’óige agus óige mo dhearthár óig thuas san áiléar ag cumadh siansaí agus ceoldrámaí sóisialacha, fad is a bhíodh aithreacha ár gcairde amuigh ag spraoi lena gclann. D’airigh muid uainn é. D’airigh mo mháthair uaithi freisin é, agus bhí an t-am nár chaith m’athair lena theaghlach ar cheann de na cúiseanna gur scar mo thuismitheoirí óna chéile.

Ach ag an am céanna, ba dhea-shampla é m’athair dom féin, do mo dheartháir óg agus go deimhin do mo leathdheirfiúr agus do mo leathdheartháir, atá níos sine. Ealaíontóirí an ceathrar againn: ceoltóirí proifisiúnta iad mo leathdheirfiúr agus mo leathdheartháir, péintéir é mo dheartháir óg agus scríbhneoir mé féin. 

Thaispeáin ár n-athair dúinn gur féidir slí bheatha a bhaint amach mar ealaíontóir, agus táim buíoch as sin. Ach is go rímhaith a thuig muid go mbeadh dúshlán romhainn dá mbeadh páistí againn féin agus muid ag plé leis na healaíona go lánaimseartha.

Tá triúr páistí ag mo leathdheirfiúr. Beirt chlainne atá ar mo leathdheartháir. Rinne mo dheartháir óg cinneadh nach mbeadh aige ach an t-aon pháiste amháin. Níl aon chlann orm féin, agus cé go dtagann éad orm corruair le cairde a bhfuil páistí acu táim lánchinnte de gurb é sin an cinneadh ceart: dom féin agus do mo chlann nár gineadh nó nár uchtaíodh.

Ceist í ceist na clainne a bheidh ar chuile scríbhneoir, nó go deimhin ar chuile ealaíontóir, a réiteach dó féin. 

Ach ceist í nach mbaineann leis, nó léi féin amháin.

Fág freagra ar 'Ar cheart do scríbhneoir páistí a bheith aige nó aici?'

  • Éadóchasach

    Ar cheart do dhuine ar bith cur ar dhuine eile teacht chun an tsaoil agus dul i ngleic leis an saol a bheidh roimhe, rud nach féidir le haoinne é a dhéanamh gan a bheith dall ar an saol atá roimh an dté a ghintear, rud nach féidir le haoinne é a dhéanamh ach amháin i ngan fhios don dté a ghintear?

    Seo í an cheist agus ba chóir dóibh siúd atá ag iarraidh páiste a bheith acu í a chur orthu féin, bídís ina n-ealaíontóir nó ná bídís. Ceist is ea í nach gcuirtear tuismitheoirí orthu ach fíor annamh, faraor.

  • Seosamh

    Ábhar spéisiúil a tuilleann alt níos cuimsí.

  • Seosamh

    Ábhar spéisiúil a thuilleann alt níos cuimsí – áit éigin eile muna bhfuil a leithéid indéanta ar tuairisc.ie.

  • Sinéad

    Deir Leonard Cohen ‘dance me to the children who are asking to be born’. An amhlaidh go dtugtar an rogha sin dúinn? Agus arbh fhearr do chuid againn a bheith ann nó as? Agus an fearrde an saol sinn a bheith ann? Cé na daoine gurbh fhiú dóibh teacht ar an saol seo? Cén rian a fhágfaidh siad ina ndiaidh? Na healaíontóirí féin? ‘Smut dár mblas’ a bheidh inár ndiaidh ‘b’fhéidir’ arsa an Ríordánach.