Anois teacht an Bhuiséid agus tús an dara leath

Bhí na páirtithe a bhí caillteach sna toghcháin áitiúla caithréimeach agus cúis mhaith acu

Anois teacht an Bhuiséid agus tús an dara leath

Más ait an mac an saol, is aistí fós é saol na polaitíochta. Sna toghcháin áitiúla an lá cheana, d’éirigh le Sinn Féin cur leis an sciar den vóta a fuair siad cúig bliana ó shin (fiú má ba bheagán é an t-ardú, ó 9.5% go 11.8%), agus ghnóthaigh siad breis is scór suíochán breise. Ba í tuairim choiteann na dtráchtairí, áfach, gur drochlá a bhí ann don bpáirtí – tubaiste ar fad, dar le cuid acu. D’fhógair ceannairí an pháirtí go raibh díomá orthu faoin dtoradh, go ndéanfaidís dianiniúchadh air agus dianmhachnamh ar ar chiallaigh sé. Bhí ‘ceachtanna le foghlaim’ a dúirt siad.

Sna toghcháin chéanna, thit sciar na vótaí a fuair Fianna Fáil (ó 26.9% go 22.95%) agus sciar Fhine Gael (ó 25.2% go 22.99% ); chaill Fianna Fáil 31 suíochán agus chaill Fine Gael a10 suíochán. Bhí ceannairí an dá pháirtí sin, áfach, caithréimeach faoin dtoradh, agus formhór na dtráchtairí ag fógairt go raibh gaisce de shaghas éigin déanta acu.

Bhí gnéithe eile de thorthaí na dtoghchán seo a tharraing caint: a fheabhas is a chruthaigh na ‘Neamhspleáigh’, ach idirdhealú á dhéanamh ar an gcuid díobh ar neamhspleáigh ‘thraidisiúnta’ iad (cuid acu anois mar bhaill de bhuíonta atá faoi choimirce bharúin áitiúla a bhfuil suíocháin Dála acu – Collins in iarthar Chorcaí, Verona Murphy i Loch Garman, Lowry i dTiobraid Árann, muintir Healy-Rea i gCiarraí), agus cuid eile atá tagtha chun cinn de bharr conspóidí faoi inimircigh, nó faoi bhearta rialtais maidir le caomhnú na timpeallachta, an t-athrú aeráide agus rialacha pleanála.

Tá scata acu áirithe mar choisithe den ‘eite dheis’ ar speictream na polaitíochta Eorpaí, ach le gráinne fial de shalann Trump sa mias acu, chomh maith.

Ach bíodh is go raibh smailc bhia áirithe do na tráchtairí sna torthaí toghcháin a bhí ag na mionpháirtithe (An Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Aontú), ba é cás na bpríomhpháirtithe ba mhó a thug lón anailíse agus argóna dóibh.

An bhfuair Fine Gael ‘preab’ as an athrú ceannaire? Mhaígh formhór na dtráchtairí agus na n-iarrthóirí buacacha sa pháirtí sin gur thug an fuinneamh diamhair atá léirithe ag Simon Harris spreagadh suntasach do na gníomhairí ar an dtalamh, agus don bpáirtí i gcoitinne.

Ní dheachaigh sé amú ar lucht vótála an nóta nua ‘daingean’ atá ina ghlór ag Harris agus é ag trácht ar cén chaoi a ndéileáiltear feasta le hinimircigh agus daoine a thagann ag cuartú tearmainn. (Caithfear an córas a chur ag feidhmiú le héifeacht. Caithfear próiseáil na n-iarratas a bhrostú. Caithfear na daoine a ndiúltaítear dá n-iarratas tearmainn a chur ‘abhaile’ go beo. Sin an port anois.)

Ardú misnigh agus muiníne ag Fine Gael, más ea, agus iad ag prapáil le fonn d’olltoghchán.

I gcás Fhianna Fáil, is mó fós an t-údar sásaimh dóibh a bheith ag ceann an chomhairimh, ó thaobh líon iomlán na gcomhairleoirí áitiúla dá gcuid a toghadh. Chomh maith leis sin, bhí an céatadán den vóta a fuair siad go maith chun tosaigh ar a raibh á thuar dóibh sna pobalbhreitheanna ar fad le tamall fada.

Ní hé seo an chéad uair do na pobalbhreitheanna bheith mícheart ina gcuid tuairiscí faoin leibhéal tacaíochta atá ag Fianna Fáil i measc an phobail. An é go gceileann cuid de lucht vótála Fhiann Fáil a bhfíordhílseacht nuair a thagann glaoch gan choinne ó lucht suirbhé na bpobalbhreitheanna, nó an bhfuil míniú eile ar cad a chuireann ar strae na suirbhéanna?

Cibé rud faoi sin, deimhníonn torthaí na dtoghchán áitiúil seo go bhfuil Micheál Martin slán socair i gceannas a pháirtí, go dtí go gcinneann sé ar a mhalairt nó go dtí i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile pé scéal é.

Maidir le Sinn Féin agus an díomá atá á admháil ag urlabhraithe an pháirtí (an ceannaire féin ina measc), is é fáth a mbuartha an vóta a bheith tite chomh mór ón vóta a fuair siad in olltoghchán Feabhra 2020 (24.5%) agus a leibhéal tacaíochta a bheith chomh mór faoi bhun an fhigiúir a bhí á lua dóibh i bpobalbhreitheanna éagsúla go dtí fómhar na bliana seo caite.

Ábhar imní don bpáirtí an titim leanúnach ar an leibhéal tacaíochta sin atá nochta sna pobalbhreitheanna ó thús na bliana, agus tá neart plé déanta – sna meáin agus, glacaim leis, taobh istigh den bpáirtí – ar na cúiseanna fé ndear an titim sin. Ach bhí an vóta a fuaireadar ar an 7 Meitheamh níos ísle go mór ná an tuar ba mheasa go dtí seo.

Tá neart ceisteanna le cur acu faoin bhfeachtas toghchánaíochta féin. Cad a bhí á dhéanamh ag a gcuid Teachtaí Dála, a toghadh in 2020, chun an eagraíocht ar an talamh (na gréasáin ghníomhairí as a dtagann iarrthóirí agus vótaí) a chur i bhfearas i gceart le haghaidh toghcháin áitiúla? Ba léir ó bhua Uí Bhrosnacháin i gCorca Dhuibhne agus ónar dhein Cullinane i bPort Láirge an cur chuige a bhí ag teastáil.

Níl ach cúpla mí ag Sinn Féin anois leis na ‘ceachtanna a fhoghlaim’ . Beidh an líon daoine a chaithfidh vóta san olltoghchán níos airde ná an líon daoine a vótáil ar an 7 Meitheamh (49.4%). Ábhar misnigh é sin, b’fhéidir, do cheannairí Shinn Féin. Ach ba bhotún mór é dá gcreidfidís go bhfuil ‘athimirt’ ar ar tharla idir 2019 agus 2020 i ndán dóibh, gan dianscrúdú ó bhonn a dhéanamh idir seo agus an t-olltoghchán ar gach gné d’obair an pháirtí – polasaithe, modhanna oibre, stíl cheannaireachta agus chumarsáide, straitéis toghchánaíochta.

Is dócha anois, go mbeidh an t-olltoghchán ann go luath i ndiaidh na cáinaisnéise flaithiúla atá á hullmhú ag an Rialtas. Ní fada uainn tús an dara leath.

Fág freagra ar 'Anois teacht an Bhuiséid agus tús an dara leath'