Animal Farm as Gaeilge, fuinneamh Beyoncé, coicís fágtha ag Better Call Saul, My Life is Murder, agus siar go 1988 le Paper Girls

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Animal Farm as Gaeilge, fuinneamh Beyoncé, coicís fágtha ag Better Call Saul, My Life is Murder, agus siar go 1988 le Paper Girls

LEABHAR

Feirm na nAinmhithe
George Orwell
Aindrias Ó Cathasaigh a d’aistrigh
(Coiscéim)

Is beag againn nár léigh Animal Farm, fabhalscéal George Orwell nuair nach rabhamar chomh soiniciúil faoi fhís an tsóisialachais agus bráithreachas an chine dhaonna.

Ar bhiachlár an dóchais an tráth sin bhí an tuiscint nach ndéanfaí earráidí Réabhlóid na Rúise an chéad uair eile agus nach ligfí cead a gcinn le meigleamáinigh ar mhó acu a gceannas féin ná a bpobal a bheith fós á gcéasadh agus iad ar bholg folamh. 

Agus an liobrálachas ina Dhia na laethanta seo, nach mithid deis a thabhairt do Ghaeil turas a thabhairt ar Fheirm na nAinmhithe go bhfeicfidh an cíocras atá ar na ceithrechosaigh ar son na réabhlóide agus na máistrí dháchosacha díbeartha acu. Saol na bhfuíoll gan cíos, cás ná cathú a bheidh feasta acu agus an comhionannas i réim go deo?

Ní taobh le haistriúchán nádúrtha ar Bhéarla Orwell atá tugtha dúinn ag Aindrias Ó Cathasaigh ach tá litreacha a scríobh Orwell faoin saothar curtha leis agus alt spéisiúil faoi gcumannachas agus leagan na Rúise de. Ba mhinic a léirigh Orwell mar a chuaigh an cogadh cathartha sa Spáinn i bhfeidhm air féin agus tá a fhios againn mar a íocadh as sin.

Nach deas nach mias amháin atá ar an léamhchlár. Triail an ceann seo tráth a bhfuil an liobrálachas eacnamaíochta leonta. 

Máire Ní Fhinneadha

CEOL

Ceann de na halbaim is mó spraoi agus substainte le fada

Renaissance
Beyoncé
(Columbia Records agus Parkwood Entertainment)

Ní leor 200 focal le cur síos a dhéanamh ar Renaissance, an t-éacht atá ann, agus na gnéithe iomadúla ar fad atá fite fuaite go snasta ann. Mar albam damhsa, níl staonadh leis an bhfuinneamh, ach tá doimhneacht agus tráchtaireacht shoiléir sna liricí, agus sa gceol féin trí úsáid samplaí, smaointe agus glórtha éagsúla.

Tógann an t-albam ar an spéis atá ag Beyoncé (mar a léiríodh ar ‘Beychella’ agus ar Lemonade) i stair a pobail agus an ról atá ag daoine de dhath sa bpopchultúr ó thús ama. Geall le cartlannaíocht an traicliosta ar a bhfuil glórtha agus uirlisí réalta ar nós Grace Jones agus Nile Rodgers le cloisteáil, agus a bhaineann inspioráid as ceol le leithéidí Robin S agus The Clark Sisters. Tá nodanna polaitíochta ann freisin: cloistear glór TS Madison ó mhír a roinn sí in 2020 i ndiaidh mharú George Floyd, agus tagairtí iomadúla don chultúr aiteach, agus gluaiseacht ina raibh mná trasinscneacha le dath ceannródaíoch.

Tá gnéithe spraíúla ag gabháil leis freisin – tá an féinghrá i lár an aonaigh, agus nuair a thagraítear don ghrá (agus Jay-Z is dócha) is idir shúgradh agus dáiríre a bhíonn sí – á mholadh mar bhé ar thraic amháin agus ag tabhairt léasadh teanga dó ar thraic eile: ‘it must be the cash ’cause it ain’t your face’. Marfach. 

Renaissance ar cheann de na halbaim is mó spraoi agus substainte a eisíodh le fada – níl traic air nach seasfadh leis féin mar shingil. 

Emma Ní Chearúil

TEILIFÍS

Better Call Saul, níos fearr ná a réamhtheachtaí?

Better Call Saul
Netflix

Le bheith ábhairín tuathalach an tseachtain seo táim ag moladh do léitheoirí áirithe Tuairisc  gan féachaint ar shraith/chlár faoi leith…ar feadh tamaill eile ar aon nós. Tá cad é bús faoi tsraith Better Call Saul (Netflix) na laethanta seo mar tar éis seacht mbliana agus 63 clár beidh an clár leathdheireanach chugainn an tseachtain seo chugainn agus cuirfear clabhsúr le heachtraí buile is seoigh Saul Goodman an tseachtain ina dhiaidh sin. Faoi mar is eol do mhórán d’eascair an tsraith iontach seo as sraith iontach eile, Breaking Bad; sraith 62 clár a chur fé dhraíocht sinn ó 2008 go 2013. 

Táthar ann a mhaíonn gurb é Breaking Bad an tsraith drámaíochta is fearr riamh agus tá scata eile ag cur díobh faoi Better Call Saul a bheith níos fearr ná a réamhtheachtaí. Ní aontaím le ceachtar dream acu ach níl aon dabht ach gur sraitheanna den chéad scoth an dá cheann. Ar an taobh eile den scéal tá daoine ag léamh an cholúin seo nach bhfuil ceachtar den dá shraith feicthe acu. Is orthu sin atáim ag cuimhneamh. 

Táim in éad leo.

Is réamhscéal é Better Call Saul agus é bunaithe ar charachtar sleamhain, glic ó Breaking Bad. Sin an chúis a bhfuilim ag moladh dár léitheoirí nach bhfuil Breaking Bad feicthe acu staonadh ó Better Call Saul go fóill. Is saothar fabhtach é an réamhscéal dar liom óir go bhfuil críoch an scéil agus cinniúint na gcarachtar ar eolas againn. 

Faoi dheireadh Better Call Saul beidh sé cniotáilte go hiomlán le Breaking Bad mar aon le carachtair bhreátha nua a chur os ár gcomhair fan na slí. An moladh atá agam mar sin dóibh siúd atá aineolach ar Walter is Saul ná fanacht coicís eile agus ansin féachaint ar an dá shraith go cróineolaíoch ó thaobh an scéil. Sin breis agus 120 clár. Is fiú an craos a dhéanamh.

Breandán M Mac Gearailt

 

Meascra deas de throm agus éadrom

My Life is Murder
Alibi/[infobox]

Beidh aithne mhór ag lucht féachana teilifíse ar an aisteoir Lucy Lawless mar gheall ar an tsraith Xena: Warrior Princess, mar Lucretia in Spartacus: Blood and Sand agus D’Anna Biers in Battlestar Galactica.

Is ildánach an t-aisteoir í Lawless ar de bhunadh Éireannach-Nua-Shéalannach í ó dhúchas. Tá an dara sraith dá clár, My Life is Murder, i ndiaidh tosú ar Alibi. Clár bleachtaireachta atá ann, Lawless ina hiarbhleachtaire agus í ag obair ar bhonn deonach ar chásanna nach dtig leis na póilíní féin a réiteach. Níl an clár ar dhóigh ar bith tromchúiseach; clár pléisiúrtha foirmleach atá ann ach tá Lawless agus a comhchliar thar barr agus meascra deas de throm agus éadrom ann.

Scannánaíodh an chéad sraith i Melbourne agus an dara sraith in Auckland. Seans go gcuirfidh an oiread sin gréine as don Éireannach, gan a bheith ag caint ar na coirp ar fad!

Pól Ó Muirí

 

Buanna na gcoimicí tugtha slán ar ‘Paper Girls’

[infobox]Paper Girls
Amazon Prime

Sraith nua teilifíse ficsean eolaíochta/teacht in aois í Paper Girls atá bunaithe ar shraith coimicí den teideal céanna a foilsíodh idir 2015 agus 2019. Tá sé ar fáil faoi láthair ar Amazon Prime.

Scríofa ag Brian K. Vaughan (SAGA, Y–The Last Man) agus maisithe ag Cliff Chiang (Wonder Woman), leanann an tsraith scéal cheathrar cailíní seachadta nuachtáin agus é suite i mbruachbhaile ficseanúil in Cleveland in Ohio, Meiriceá.

Tosaíonn an scéal go moch an mhaidin i ndiaidh Oíche Shamhna 1988, Hell Day mar a thugann siad air. 

Tá na cailíní ar fad dhá bhliain déag d’aois agus iad ar an tairseach idir saol an pháiste agus na déaga is ag streachailt le dúshláin na féiniúlachta. Cailíní neamhspleácha iad atá ag iarraidh airgead a shaothrú i réimse ina mbíodh buachaillí amháin ag obair ann.

Tuigtear dúinn na contúirtí atá rompu nuair a ionsaíonn buíon buachaillí duine acu, Erin Tieng (Riley Lai Nelet), agus tagann an triúr eile i gcabhair uirthi – Mac Coyle (Sofia Rosinsky), Tiffany Quilkin (Camryn Jones), KJ Brandman (Fina Strazza).

Socraíonn siad an chuid eile den chúrsa seachadta a dhéanamh in éindí an chuid eile den oíche. 

Níos deireanaí an oíche sin, buaileann ionsaí osnádúrtha an bruachbhaile agus tarraingítear na cailíní isteach in aghaidh a dtola in aighneas idir dhá ghrúpa taistealaithe ama.

Coinníonn an tsraith teilifíse láidreacht na n-íomhánna a bhíodh sna coimicí is tá aistriú maith déanta go físiúil ar an gcoincheap go dtí an scáileán beag.

Is í an ghné ficsean eolaíochta an chuid is laige den scéal agus ní oibríonn sin ach le fráma a thabhairt do scéalta pearsanta na gcailíní agus an caidreamh atá eatarthu. Tugann an ceathrar príomhaisteoirí taispeántais chumasacha uathu agus tarraingíonn an teannas eatarthu an scéal ar aghaidh.

Carachtair iad atá lochtach, a dhéanann botúin, a bhíonn ag troid le chéile is nach mbíonn cinnte díobh féin nuair a thagann an crú ar an tairne.

Bridget Bhreathnach 

Fág freagra ar 'Animal Farm as Gaeilge, fuinneamh Beyoncé, coicís fágtha ag Better Call Saul, My Life is Murder, agus siar go 1988 le Paper Girls'