ANAILÍS MHÍLEATA: Gach seans gur tréimhse chosanta atá roimh an Rúis san Úcráin

Tá comharthaí ann go bhfuil suíomhanna atá faoi sheilbh na Rúiseach i Donbas á ndaingniú acu amhail mar a rinne siad sa deisceart

ANAILÍS MHÍLEATA: Gach seans gur tréimhse chosanta atá roimh an Rúis san Úcráin

Agus 80 lá de chosaint, troid, léirscrios agus bás curtha díobh acu, ghéill saighdiúirí de chuid na hÚcráine i gcathair Mariupol. Ach leis an bhfírinne a rá nuair a thosaigh na Rúisigh ag aslonnú cuid dá dtrúpaí ón gcath agus ag cur roinnt trúpaí scarúnaithe ina n-áit chun céim dheiridh an chatha a throid mí ó shin, bhí an cath chun seilbh a ghlacadh ar an gcathair beagnach thart. Is bua siombalach é seo do na Rúisigh ar ndóigh, ach tá cúrsaí ag athrú sna láithreacha cogaidh eile san oirthear. 

Ó thús an ionraidh bhí sé mar sprioc ag na Rúisigh Kharkiv agus Mariupol a cheangal agus fórsaí na nÚcránach a thimpeallú soir ón líne sin. Toisc nach raibh siad in ann Kharkiv a thimpeallú fiú agus toisc go ndearnadh cosaint fhíochmhar ar Mariupol bhí ar na Rúisigh éirí as an sprioc uaillmhianach seo.

Dara céim an chogaidh

Nuair a tharraing na Rúisigh siar ó Kyiv ba léir go raibh siad chun díriú ar an Donbas agus seilbh a ghlacadh ar an gcuid den cheantar sin nach raibh ina seilbh acu cheana féin. Tar éis dóibh éirí as an sprioc chun Kharkiv agus Mariupol a cheangal bhí orthu díriú ar sprioc níos teoranta. Thug siad a n-aghaidh ar an ais aduaidh ó Izyum trí Slovyansk agus Kramatorsk go dtí cathair Donetsk, d’athraigh siad a n-eagar comhraic, agus ar dtús bhí a gcuid gluaiseachtaí níos comhordaithe ná mar a bhí siad roimhe seo. Ní raibh fórsaí éagsúla dá gcuid ag bogadh ar aghaidh gan tacaíocht ó fhórsaí eile.

Idir an dá linn thosaigh na hÚcránaigh ag déanamh frithionsaithe ar scála beag timpeall Kharkiv. Chuir siad leis na frithionsaithe seo ar bhealach gur éirigh leo iad a mhéadú ar scála níos mó ná mar a bhí feicthe roimhe seo. Mar gheall ar an mbrú seo bhí ar na Rúisigh tarraingt siar ó Kharkiv chun na línte soláthair ó Belgorod sa Rúis go Izyum a chosaint. D’éirigh leis na hÚcránaigh teorainn na Rúise a bhaint amach ach beidh orthu níos mó oibre agus dul chun cinn a dhéanamh chun na línte soláthair a chur i bhfíorbhaol.

Bhí tábhacht eile ag baint le feachtas na nÚcránach timpeall Kharkiv mar go raibh deis acu dul i dtaithí ar fhrithionsaithe ar scála mór seachas ar scála beag. Beidh an taithí sin riachtanach más mian leo na Rúisigh a dhíbirt ón talamh atá ina seilbh.

Tá talamh bhreise gafa ag na Rúisigh go háirithe i gCúige Luhansk, agus cé go bhfuil an méid ag méadú beagán ar bheagán is léir ón dá léarscáil thíos nach bhfuil dul chun cinn cinniúnach déanta acu ar an ais go Slovyansk agus Kramatorsk.

Cúrsaí i Donbas – 20 Aibreán* Cúrsaí i Donbas – 16 Bealtaine*

Foinse: Militarylands.net

Ta comharthaí eile ann nach bhfuil cúrsaí ag dul sa treo ceart do na Rúisigh. Rinne na hÚcránaigh ionsaí ar bhunáit cheannais agus chomhordaithe na Rúiseach in Izyum rud a chuir isteach ar na hoibríochtaí timpeall na haise sin ar feadh cúpla lá. Briseadh ginearáil de chuid na Rúise as a bpost mar gheall ar an easpa dul chun cinn san oirthear. Tuairiscítear go bhfuil ar na Rúisigh gallóglaigh de chuid an ghrúpa Wagner agus saighdiúirí ó aonaid de scoth an airm a chur le chéile chun grúpaí oirbheartaíochta cathláin nua a bhunú, rud a léiríonn go bhfuil deacrachtaí acu trúpaí breise a earcú. Rinne na hÚcránaigh slad ar ghrúpa oirbheartaíochta cathláin nuair a chuaigh an cathlán sa seans Abhainn an Seversky Donets a thrasnú. Scriosadh thart ar 70 feithicil armúrtha troda agus tuairiscíodh gur maraíodh níos mó ná 200 Rúiseach sa luíochán. 

Mar gheall ar chliseadh an chathláin ag Abhainn an Seversky Donets rinneadh gearáin faoin gcogadh sna meáin sa Rúis den chéad uair riamh. Rinne blagálaithe áirithe gearáin faoin luíochán sna meáin shóisialta agus níos tábhachtaí fós chualathas gearáin ar an teilifís. Cháin iar-choirnéal de chuid arm na Rúise feachtas na Rúiseach ar chlár teilifíse an tseachtain seo. Cé go raibh sé thar a bheith cúramach lena chuid focal cháin an t-iarchoirnéal cumas míleata na Rúise, mhaígh sé nárbh ionann saighdiúirí ar conradh agus arm cumasach agus dúirt sé go raibh muintir na tíre ag brath ar eolas bréagach mar chosaint ar an bhfírinne. B’fhéidir gurb é seo an tús le sceitheadh an rúin maidir leis an gcogadh sna meáin sa Rúis. 

Tar éis dóibh tarraingt siar ón ais idir Kharkiv agus Mariupol, tá comharthaí ann anois go bhfuil na Rúisigh ag tarraingt siar fiú ón ais aduaidh ó Izyum go Donetsk agus nach bhfuil siad ag díriú ach amháin ar sheilbh a ghlacadh ar Chúige Luhansk seachas ar an Donbas ina iomláine. Tá siad ag bogadh aneas ó Popasna chun an dá chathair mhóra i gCúige Luhansk, Severodonetsk agus Lysychansk a thimpeallú. Tá ionsaithe fíochmhara á ndéanamh acu ar an bhfronta gar don dá chathair. Sna laethanta agus na seachtainí amach romhainn beidh siad ag cur leis an hionsaithe seo.

Céim Chinniúnach 

Mar gheall ar an méid a tharla sa chogadh go dtí seo: tarraingt siar ó Kyiv, tarraingt siar ó Kharkiv, easpa dul chun cinn suntasach i Donbasm, go háirithe i gCúige Donetsk agus easpa dul chun cinn ar an ais ó Kherson go Mykolaiv sa deisceart, is féidir a mheas nach bhfuil an oiread cumhachta ag na Rúisigh ionsaithe ar scála mór a dhéanamh agus a bhíodh. Gan amhras beidh siad ag leanúint ar aghaidh leis na hionsaithe ar bhonneagar, cathracha agus bailte na hÚcráine. Gan amhras tá na Rúisigh ag cur leis na hionsaithe timpeall Severodonetsk agus Lysychansk, ach is iad na ceisteanna anois ná an mbeidh siad in ann na cathracha seo go léir a ghabháil? Agus mura n-éiríonn leo seilbh a ghlacadh ar Chúige Luhansk ina iomláine, an bhfuil rás na Rúiseach i Donbas rite?

Tá comharthaí ann go bhfuil suíomhanna faoi sheilbh na Rúiseach i Donbas á ndaingniú acu amhail mar a rinne siad sa deisceart. Tá gach seans ann anois go bhfuil siad ag déanamh na n-ullmhúchán riachtanach chun a bheith réidh do thréimhse chosanta seachas tréimhse ionsaithe. 

Luaigh an tUachtarán Zelensky le gairid nach mbeadh fórsaí na hÚcráine réidh chun frithionsaithe ar scála mór a dhéanamh go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Ach ba é seo an chéad uair a luaigh sé frithionsaithe ar scála mór. Thart ar an am céanna dúirt an ginearál atá i gceannas rannóg faisnéise arm na hÚcráine go dtiocfadh athrú ar chúrsaí sa chogadh roimh dheireadh mhí Lúnasa. Tá Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine tar éis a mhaíomh go bhfuil gá ann níos mó arm agus armlón a fháil chun na Rúisigh a dhíbirt ón tír.

Tá an cath i Donbas ag druidim le tréimhse nach ndéanfar mórán dul chun cinn ann. Tá tástáil curtha ar chóras cosanta na nÚcránach go dtí seo agus má leanann tíortha an Iarthair le soláthairtí míleata tá seans ann gur tréimhse frithionsaithe don Úcráin agus tréimhse chosanta don Rúis atá romhainn. 

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Gach seans gur tréimhse chosanta atá roimh an Rúis san Úcráin'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Rud nach bhfuil tagairt déanta dó, go bhfios dom, ná cad dó a sheasann an “Z” agus an “V” ar fheithiclí míleata na Rúise. An amhlaidh gur do Zelenskyy agus Volodymyr go ciniciúil isea iad?

  • Máirtín

    Ag tús an ionraidh bhí trí phríomhfhórsa ag na Rúisigh – Fórsa O, lonnaithe sa Bealarúis agus dírithe ar Kyiv – Fórsa V, lonnaithe sa tuaisceart agus dírithe ar Chirnihiv agus Kyiv – Fórsa Z, lonnaithe san oirthear agus sa deisceart agus dírithe ar Kharkiv agus an Donbas. Is dócha go raibh míniú ar leith ag baint leis na litreacha ach bhí siad péinteáilte go príomha ar na feithiclí ionas go mbeadh na fórsaí éagsúla iad féin a aithint ar an talamh agus ón aer, agus chun idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus fórsaí de chuid na hÚcráine.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Go raibh maith agat as san, a Mháirtín. Sea, dheineas dearmad faoin litir “O” a chuireann le mo phríomhthuairim gur dírithe ar Zelenskyy atá na litreacha san, mar tá an “O” ann chomh maith: Volodymyr Oleksandrovych Zelenskyy. Níos mó ná comhtharlú.