An turas siopadóireachta sin go Nua-Eabhrac? #Nílsécgl

Ní fiú cac an diabhail iad cuid mhór de na rudaí a dhéanfadh duine ar mhaithe leis an timpeallacht má thógann sé eitleán chun dul ar saoire

An turas siopadóireachta sin go Nua-Eabhrac? #Nílsécgl

Ar duine thú a d’éirigh as a bheith ag ithe feola ar mhaithe leis an timpeallacht?

An bhfuil sconna cithfholcadáin agat a shábhálann uisce?

Nó an amhlaidh nach bhfuil sa teach agat ach lampaí LED a shábhálann fuinneamh?

Más ea, ní fiú cac an diabhail iad na gníomhartha sin, ná go leor rudaí beaga agus móra eile a dhéanfá ar mhaithe leis an timpeallacht, más rud é go mbíonn tú ag taisteal ar eitleán.

Déanann turas fillte dhuine amháin ó iarthar na hEorpa go Nua-Eabhrac oiread dochair, ó thaobh aschur CO2 de, agus a dhéanann míle Big Mac.*

Tóg an t-eitleán as Baile Átha Cliath go Londain agus ar ais, agus cuirfidh tú oiread CO2 san aer agus a bheadh sábháilte agat in achar dhá bhliain le sconna cithfholcadáin atá spárálach ar uisce.*

Is leor ticéad fillte ó Bhaile Átha Cliath go Barcelona chun an sochar a dhéanfadh teach lán lampaí LED in achar cúig bliana go leith (!) a chur ar ceal.*

Aerthaisteal is cúis le cuid mhór den athrú aeráide, ach cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ó síníodh Comhaontú Pháras sa bhliain 2015 srian a chur le téamh an domhain, tá sé á thuar ag leithéidí Boeing go dtógfaidh an comhlacht amháin sin 41,000 eitleán nua idir seo agus an bhliain 2036. Is ionann sin agus a dhá oiread an líon eitleán atá ann anois.

Is léir go bhfuil lúb éigin ar lár.

Más fíor an fhianaise i dtuarascáil aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe a bhí le foilsiú san Fhómhar ach a sceitheadh an tseachtain seo caite, sárófar an uasteorainn a chuir na tíortha a shínigh Comhaontú Pháras rompu féin mar sprioc – ardú teochta 1.5 chéim – faoin mbliain 2040.

An chúis, de réir na tuarascála? Tús áite a bheith á thabhairt don eacnamaíocht seachas don timpeallacht.

De réir tuarascála eile a foilsíodh an tseachtain seo caite, is í Éire an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir leis na hiarrachtaí srian a chur leis an athrú aeráide. Go dtí seo, níor chloígh Éire ach le 21 faoin gcéad de na spriocanna a aontaíodh nuair a síníodh Comhaontú Pháras. 

Sa tuarascáil chéanna, luaitear go sonrach an fás mór ar aschur CO2 ón earnáil iompair in Éirinn. Luíonn sé le réasún go mbeadh Éire ag brath go mór ar aerthaisteal. Tar éis an tsaoil is oileán í agus anuas air sin, de bharr na himirce, tá cónaí ar chuid shuntasach de mhuintir na hÉireann thar lear. Ach go díreach ar an gcúis sin, b’fhiú don Ghael a bheadh ag dul ar saoire an samhradh seo cuimhneamh arís sula rachaidh sé ar eitleán.

An turas siopadóireachta sin go Nua-Eabhrac? Níl sé ceart go leor.

* Baineadh úsáid as an suíomh timpeallachta www.milieucentraal.nl chun teacht ar na meastúcháin a luaitear san alt seo.

Fág freagra ar 'An turas siopadóireachta sin go Nua-Eabhrac? #Nílsécgl'

  • Emer Ní Rónáin

    Alex, níor léigh me é seo go dtí anois, 20/6/2018 agus aontaím go hiomlán leat. Bím ag maoímh as nár bhain mé aon usáid as cluidíni plaisteacha fadó…(ní raibh me in am dóibh)agus deirim gur cuma sa tsioc cad a shámhálann daoine óga inniu chun bheith ‘glas’ ní bhéarfaidh siad ormsa go deo. Ni théim ar eitleáin ach chomh beag (níl an t-airgead agam) agus ní raibh ach dhá shaoire agam ar feadh mo shaoil ar fad. Fágann sé sin gur mise an té is glaise sa chlann againne. Chomh maith leis sin téim siar ar shean-altanna agus léim iad. Anois cé tá glas/uaine? Ádh Mór, Emer.